Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-banna-gaeilge-a-mheall-ceann-de-na-sluaite-ba-mho

Banna Gaeilge a mheall ceann de na sluaite ba mhó

| NÓS Suíomh Gréasáin |

D’fhilleas i mbliana ar fhéile cheoil na Picnice Leictrí, tar éis na dtrí bliana ó bhíos go deireanach ann. Bhí deireadh seachtain gnóthach go leor agam – thugas fé Instatakoever a dhéanamh do Molscéal Dé hAoine, thugas tionlacan d’fhilí éagsúla ag REIC Dé Sathairn, agus sheinneas gig mar chuid de bhanna ceoil le Lauren Ní Chasaide agus Jill McMahon Dé Domhnaigh. Mé ag teacht chugham féin Dé Luain agus díleá á dhéanamh agam ar ar thit amach. Seo mar a bhí agam:

Bhí fuathaitheoirí a thug fé na meáin shóisialta sna seachtainí roimh an bhféile d’fhonn trolláil a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge ar mhaithe le haird a tharraingt orthu féin:

Gach seans gur chuala an duine seo roinnt den fhlúirse Ghaeilge a labhraíodh ag an bhféile seo, má chuaigh, agus alltacht air nó uirthi dá bharr san, tá súil agam. Tá an Puball Gaeilge ag tabhairt ardáin don teanga le deich mbliana, ach táthar tar éis a bheith ag tógaint ar an ngníomh ceannródaíoch sin riamh ó shin, agus dá thoradh san tá anois trí ionad éagsúla ina mbíonn an Ghaeilge lárnach — an Puball Gaeilge thuasluaite, stáitse an Hazelwood nó an Chollchoill mar a thugtar sa ghnáthchaint air, agus an láithreán ‘Gaeltachta’ a bhfuil sárobair á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar a son. 

Scaipthe ar fud na féile atá na hionaid seo, ach is maith ann an tionchar a bhíonn acu ar Electric Picnic mar aonad. Níorbh annamh lucht freastail na mbeáranna im fhreagairt as Gaelainn agus mo phiúnt á cheannacha agam. 

Bhí díomá orm ná raibh aon teacht ar scáileán do dhaoine a dteastódh uathu faire ar cheann des na cluichí Gaelacha is tábhachtaí sa bhliain – cluiche ceannais na caide idir Ciarrai agus Baile Átha Cliath. Chailleas roinnt mhaith de mo pháirtithe Gaeltachta ó Chiarraí dá bharr san. Cuid acu a raibh sé de sheans leothu ticéad le dul go Páirc an Chrócaigh, cuid eile a chuaigh chomh fada le tábhairní an tSráidbhaile agus pórtar a ól le muintir Laoise ná cíonn rómhinic Páirc an Chrócaigh dóibh féin.

Roinnt mhaith den alt scríte agam agus gan aon tráchta déanta ar chúrsaí ceoil agam! 

Cuimhnigh ina theannta seo ar fad gur banna ceoil Gaeilge a mheall ceann de na sluaite ba mhó a bhain stáitse Terminus i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Kneecap gan dabht atá i gceist agam, suas le sé mhíle de lucht féachana acu d’fhéile cheoil dheireanach an tsamhraidh, díreach roimis a dturas ar fud na tíre a gcuirfear tús leis i nDoire ar an 20 Meán Fómhair. 

Bhí bleaist cheart chumhaidh le fáil agam agus laochra mo dhéagbhlianta le feiscint ar an stáitse agam – The Strokes as Manhattan. 

Ainneoin an drabhlais ba shoiléir a bheith ar siúl acu díreach roimh an gceolchoirm, agus go leanúnach buanseasmhach ar feadh fiche bliain roimhe sin chomh maith, sheinneadar seit snasta stuama, na clasaicí ar fad á gcaitheamh amach go tiubh te acu. 

Mheall an tsuim is dual dom sna carbháin go dtí stáitse an Trailer Park mé – is ann a thána suas le rapadóirí Lú, TPM. Amhráin ghrinn ar ábhair chomh éagsúil le curry agus le híocaíochtaí leasa shóisialaigh a bhíonn á scríobh acu san.

Nílim chun éinne ar leith de na laochra go léir a chonac ar stáitse an Phubaill Ghaeilge a lua de bharr nách féidir gach duine a lua agus dá luafainn dornán is é an éagóir a bheinn ag tabhairt don mórán ná luafainn. Ach tá cion ar leith agam ar Ceibeabairéidh, na healaíontóirí a tugadh An Cabaret Queeráilte tamall orthu — togra ceoil ealaíonta aduaidh ó chathracha Cúige Uladh atá ann.

Ó thaobh an bhéil bheo de, b’álainn an tamall dom a bheith ag sú na gréine lasmuigh nuair ná fuaireas a bheith istigh sa phuball ina raibh podchraoladh beo á dhéanamh ag an bhfear grinn agus ealaíontóir Blindboy Boatclub.

Ní raibh cúrsaí aimsire rómhaith sa tír seo le mí anuas, ach idir mí Lúnasa agus Meán an Fhómhair a thit imeachtaí na féile seo amach, agus leis an mí nua seo a tháinig chughainn ar an lá deireanach den fhéile, ba chosúil athrú aeráide a bheith ar na bioráin sa ghearrtéarma dúinn. 

Isteach is amach as limistéar na bhfichidí ó thaobh céim celsius a bhí tráthóntaí na féile, agus ní mór an braon báistí a dhein sé nó gur thug oilithrigh na féile an bóthar abhaile maidin Dé Luain orthu féin – amhail is go raibh dúlra an tSráidbhaile ag caoineadh ár n-imeachta agus na deora goil á sileadh aige. Ach beidh aríst ann.

Níos mó