Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Lá an bhreithiúnais roimh Johnson agus Trump? Ní mar a shíltear a bhítear.

| Dáithí Anraí | ,

Eoin Ó Murchú

An bhfuil lá an chuntais tagtha faoi dheireadh do Boris Johnson agus Donald Trump?

Nó an mórán cainte ar bheagán cúise iad na scannail is deireanaí atá ag spreagadh an oiread sin histéire i measc tráchtairí is iriseoirí?

I Sasana tuairiscítear go sollúnta gur inis Boris Johnson bréag don Bhanríon (go bhfoire dia orainn).

Admhaím nach raibh aon dul as agam ach gáire a dhéanamh nuair a chuala mé Poblachtánach Éireannach ag labhairt sa dóigh seo.

Ach is cosúil – b’fhéidir – gur rud mór i Sasana é: ní bréag a insint ach bréag a insint don Bhanríon!

“Off with their heads,” déarfá.

Ach an ndéanfaidh sé aon difear i ndáiríre?

Níl aon fhianaise ann go ndéanfaidh.

Iad siúd a raibh déistin orthu le Johnson cheana, tá curtha leis an déistin sin.

Ach iad siúd atá bréan den mhoill atá ar an mBreatimeacht, d’aontaigh siad leis.

Ciallaíonn sé sin, mar sin, go bhfillimid ar an mbuncheist: an bhfaighidh an Labour Party níos mó tacaíochta mar pháirtí atá ar son fanachta nó ar son imeacht?

Tá na Blairites ag iarraidh páirtí fanachta a dhéanamh de, ach tuigeann Jeremy Corbyn gur vótáil an-chuid de cheantair thraidisiúnta Labour ar son imeachta, go háirithe i dtuaisceart agus i lár Shasana.

Agus fuair Corbyn an lámh in uachtar ag comhdhail an pháirtí ar na mallaibh.

Ach ar éirigh leis ródhéanach an bua sin a fháil?

Mura féidir le Labour na suíocháin sin i dtuaisceart agus i lár Shasana a bhuachan, ní bheidh an bua acu.

Agus má tá drogall ar dhaoine sna ceantair chéanna vóta a thabhairt do na Tóraithe, tá Brexit Party Nigel Farage ann, agus daoine de bhunadh na háite mar iarrthóirí acu.

Tá an deighilt seo, i bpolaitíocht agus i sochaí Shasana, chomh nimhneach sin gur ar éigean atá duine ar bith fágtha ar an gclaí.

Is é sin go bhfuil tú le Breatimeacht nó ina choinne: tá tú le Boris nó ina choinne-se.

[Luaim Sasana, dála an scéil, toisc go bhfuil scéalta éagsúla ar fad ann in Albain agus i dTuaisceart na hÉireann.]

Ach má bhí an tráchtaireacht ríméadach faoin mbuille a bhuail an chúirt uachtarach ar Boris, bhí siad ar bís nuair a tháinig scéal Donald Trump amach.

An féidir go bhfuil an caimiléir glic gafa sa deireadh?

Tá an oiread sin iarrachtaí déanta tús a chur le próiseas ceansaithe in aghaidh Trump, ach ní dheachaigh aon cheann acu aon áit go fóill.

Agus is oth liom a rá nach gceapaim go rachaidh an scéal seo aon áit ach an oiread.

Bíonn Trump i gcónaí scaoilte agus é ag caint, agus bíonn sé an-deacair cruinneas ar bith a bhaint as.

Sa gcás seo, mhol sé uachtaran nuathofa na hÚcráine, mhaígh sé as an gcúnamh a thugann SAM don tír, agus tar éis roinnt féinmholta eile thagair sé don ionchúiseamh ar chomhlacht a raibh baint ag mac Joe Biden leis.

D’iarr sé fabhar air go dtabharfadh na hÚcránaigh do na Stáit aon eolas atá acu faoi sin agus faoin ról a bhí ag Biden i stop a chur leis an ionchúiseamh.

Arís, creidfidh na daoine atá in aghaidh Trump gur fianaise í seo go raibh sé i mbun comhcheilg le rialtas eachtrannach le cur isteach ar thoghcháin Mheiriceá.

Iad siúd a thaobhaíonn le Trump, áfach, beidh siad ag rá gur scannallach an rud é go ndearna Biden iarracht stop a chur le fiosrú faoi chaimiléireacht.

Ag deireadh thiar, fiú más féidir leis na Daonlathaigh an próiseas seo a chur ar aghaidh i dTeach na nIonadaithe – ta móramh acu ansin – ní bheidh seans ar bith acu sa Seanad mar ta móramh ag lucht Trump sa teach sin.

I ndáiríre is scéal é atá bainteach le feachtas na huachtarántachta, agus is iad na vótóirí a chinnfidh an bhfuil bunús fiúntach leis an scéal nó nach bhfuil.

Tá sé deacair a shamhailt go n-athróidh an scéal seo tuairim lucht leanúna Trump nuair a theip ar rudaí eile a raibh bunús i bhfad níos mó acu.

Ceapaim go seasfaidh Trump nó go dtitfidh sé ar a thaifead i dtaobh na heacnamaíochta, agus i dtaobh jabanna a thabhairt ar ais do na háiteanna ba dhearóile i SAM.

Braitheann sé sin cuid mhaith ar cé a bheas ina choinne i rás na huachtaránachta.

Más Biden a bheidh ann, tá mé cinnte go mbeidh an bua ag Trump arís, mar níl aon smaoineamh nua nó rian den nuálacht aige.

Más duine mar Sanders a bheidh ann, beidh sé ina chath ceart faoi bhunluachanna na sochaí, nó más Elizabeth Warren é beidh an ghné nua ag baint léi, dúshlán don seanchóras agus céimeanna cúramacha i dtreo rud éicint níos forásaí.

Ach ní bhainfidh scéal na hÚcráine beag nó mor leis an rás, i mo thuairim.

Ábhar ríméid mar sin na scéalta faoi Boris is Trump dóibh siúd nach dtaitníonn siad leo ar an gcéad dul síos, ach ná bígí ag léamh an-iomad isteach sna focla garbha a scríobhtar.

Níos mó