Deir RTÉ go bhfuil ‘fáilte’ á cur acu roimh iarratais ó pháistí le Gaeilge a bheith ar The Late Late Toy Show i mbliana, ach tá díomá ar thuismitheoir amháin nach bhfuil an stáisiún sásta geallúint a thabhairt go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil le linn an chláir.
Thug urlabhraí ó fhoireann léirithe an Late Late Show le fios go mbeadh fáilte roimh iarratais don chlár ó Ghaeilgeoirí i ndiaidh do Tuairisc.ie soiléiriú a lorg faoi pholasaí an chláir iomráitigh i leith na Gaeilge.
Tuismitheoir is túisce a d’ardaigh ceist na Gaeilge ar The Late Late Toy Show.
Ó tharla gur i mBéarla amháin a fógraíodh an t-eolas maidir leis na héisteachtaí a bheas á reáchtáil don The Late Late Toy Show ar shuíomh RTÉ agus nach raibh fáil ach ar leagan Béarla den fhoirm iarratais don chlár, dúirt Mairéad Ní Iarlaithe i litir a chuir sí chuig lucht an Late Late Show nárbh léir do thuismitheoirí an nglacfaí le hiarratais ó pháistí le Gaeilge.
Próiseas roghnúcháin “cothrom agus neamhspleách” a dhéanann “measúnú ar gach iarratas ar an tslí céanna” atá i bhfeidhm ag RTÉ, a dúirt urlabhraí an stáisiúin.
Ghlacfaí le “hiarratais as Gaeilge agus as Béarla” ó pháistí ar mian leo a bheith páirteach sa chlár i mbliana, a dúirt an t-urlabhraí.
Dúirt Máiread Ní Iarlaithe gur teachtaireacht “chumhachtach” a bheadh ann do chainteoirí óga Gaeilge páiste eile a fheiceáil agus “bréagán spreagúil” á chur i láthair acu ina dteanga féin.
Mar thoradh ar éileamh an tuismitheora, cuireadh an líne ‘Fáilteofar roimh iarratais as Gaeilge’ leis an eolas a ghabhann leis an fhoirm iarratais atá ar fáil i mBéarla amháin ar shuíomh RTÉ.
Dúradh le Máiréad Ní Iarlaithe, áfach, nach bhféadfadh RTÉ aon gheallúint a thabhairt go mbeadh páiste le cloisteáil ag labhairt na Gaeilge ar an chlár.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Iarlaithe gur cúis díomá é nach bhfuil “cur chuige níos gníomhaí” ag an chraoltóir náisiúnta maidir leis an Ghaeilge agus gur deis amú a bheadh ann dul i bhfeidhm ar dhaltaí óga ar fud na tíre mura mbeadh Gaeilgeoir óg le cloisteáil ar The Late Late Toy Show.
Tá The Late Late Toy Show á chraoladh ón mbliain 1975.
Inniu an lá deireanach a ghlacfar le hiarratais ó pháistí ar mian leo a bheith ar mhórchlár na Nollag de chuid RTÉ 1.