‘Múscail do mhisneach, a Bhanba!’ Sin an chéad líne de dhán le Pádraigín Haicéad sa seachtú haois déag, nuair a bhí an tír faoi leatrom agus faoi ghéarghoin tinnis. Dán é a cumadh chun muintir na hÉireann a ghríosú, agus an dóchas a adhaint iontu.
Ba í an fhilíocht sméar mhullaigh na Gaeilge riamh anall. Ba í banríon na n-ealaíon í, faobhar na polaitíochta, buancháipéis na staire, áille na háille.
Ainneoin bhlianta an Drochshaoil sa gciall is leithne, claochlaíodh an fhilíocht ó bhonn, ach mhair sí beo. Tháinig deireadh le foirmeacha ársa, ach cruthaíodh foirmeacha nua, a mhair beo. D’éalaigh an phátrúnacht agus na scoileanna móra filíochta, ach ghlac aicmí eile ar bord í, agus maireann sí beo. Bhí sí riamh bisiúil, agus tá fós, ar bhéal na ndaoine.
Níor leor sin uile d’Éirinn nua na hAthbheochana. Thuig na ceannairí go dteastódh samhlú nua agus litríocht nua, don domhan úrnua. Theastaigh litríocht ina bpreabfadh seanchuisle na Gaeilge féin i gcomhcheol leis an Eoraip nua – nó, mar a déarfaí inniu, leis an domhan uile.
Ó aimsir na hAthbheochana tháinig laochra ar an bhfód a mhúscail misneach Bhanba le neart a gcroí agus beart de réir a mbriathair. Bhí agus bíonn Pádraig Ó Snodaigh ag saothrú ar son na hÉireann agus na Gaeilge, agus ar son a litríochta, gach lá dá shaol. Roghnaím anseo an bhéim a leagan thar aon rud eile ar bhanríon na n-ealaíon, an fhilíocht. Ba gheall le hionchollú ar chóras pátrúnachta ann féin é Pádraig, córas trína dtacaíodh na taoisigh leis na filí anallód. Ghríosaigh sé na filí nua chun pinn, d’fhoilsigh sé iad, ghríosaigh sé arís iad, chuir sé in eagar iad, chruthaigh sé spás dóibh, chruthaigh sé muinín iontu, chuir sé ar fáil iad ar fud Éireann. Na céadta díobh.
Tá tuairim is míle trí céad leabhar foilsithe aige – níl a fhios aige féin go cruinn cé méid. Ní luafaidh mé ainmneacha na bhfilí ina nduine is ina nduine, ach tá a bplúr is a scoth ar a liosta foilsithe. Tá an plúr is an scoth fíorthábhachtach, ach tá an t-iomlán chomh tábhachtach céanna, mar a bheadh cór glórtha ag canadh amach in ard a gcinn is a ngutha. Tá ceol na sféar san fhilíocht sin – an tsainchuid de a bhaineann leis an nGaeilge in Éirinn go príomha, ach in Albain freisin.
Agus Pádraig ag gabháil dá ghaisce, bhí na tréithe aige a d’aithneodh na seanfhilí agus a d’éilídís ar a bpátrúin. Fear uasal é. Fear fial, le féile as cuimse. Fear cosanta filí. Fear léannta. Fear fuinniúil, a thóg agus a rith a ghnó foilsitheoireachta gan frapa gan taca murab ionann agus comhlachtaí móra foilsitheoireachta. Fear a sheas an fód in aghaidh an éilimh go n-aistreofaí dánta Gaeilge ón gcéad lá.
Luaitear trí phríomh-ainm ar na bandéithe a thug a hainm don tír seo: Éire, Banbha, Fódhla. Bhí triúr ag Pádraig freisin, ainmneacha traidisiúnta eile de chuid an Bhandé: Éire – an tír; Bríd – tig Bhríde ainm árais a chomhlachta Coiscéim; agus Clíodhna – a bhean uasal, ar ealaíontóir cumasach í féin.
Is geall le spéirling é Pádraig Ó Snodaigh, le fuinneamh, le díograis, le neart. Tá an spéirling a luaigh Seán Clárach in ‘Mo Ghile Mear’, spéirling a bhí ina comhartha tubaiste, tá sí casta timpeall ag Pádraig Ó Snodaigh chun sochair dúinn.
Rinne sé éacht agus mhúscail sé misneach Bhanba. Músclaíonn i gcónaí é. Aithnímid a shaothar anseo inniu. Faoi cheann nóiméid, bronnfaidh an Ollscoil seo, ollscoil ar céimí dá cuid é cheana féin, bronnfaidh sí DlittCelt air, gradam atá ar na gradaim is airde sa tír seo, le buíochas na hOllscoile, buíochas lucht Gaeilge agus buíochas na hÉireann.
– Tá an t-alt thuas bunaithe ar an ráiteas moltach a thug an t-údar, an tOllamh Máire Ní Annracháin, ar ócáid bhronnta na céime oinigh DlittCelt ar Phádraig Ó Snodaigh, in UCD, ar an 4 Meán Fómhair 2019