Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-dris-chosain-is-mo-roimh-mhargadh-breatimeachta-glanta-as-an-mbealach-–-tuairisci

An dris chosáin is mó roimh mhargadh Breatimeachta glanta as an mbealach – tuairiscí

| Tuairisc.ie | ,

Tuairiscítear go bhfuil an dris chosáin is mó roimh mhargadh Breatimeachta glanta as an mbealach.

De réir tuairisce ar RTÉ tá an chonstaic is mó sna cainteanna sáraithe anois agus an DUP ag glacadh leis na moltaí is déanaí maidir le ceist na tola.

Sheán ceannaire an DUP Arlene Foster an méid sin agus dúirt sí gur “seafóid” a bhí ann.

‘EU sources’ are talking nonsense. Discussions continue. Needs to be a sensible deal which unionists and nationalists can support. https://t.co/CpugVBfyBZ

— Arlene Foster (@DUPleader) October 16, 2019

Tuairiscítear go bhfuil dóchas ann dá réir gur féidir teacht ar réiteach ar an tsáinn Breatimeachta inniu, cé nach bhfuil síneadh ama eile curtha as an áireamh ach oiread.

Bhíothas ag iarraidh teacht ar réiteach faoi cheisteanna éagsúla ó mhaidin, go háirithe ceist na tola i gcás an Tuaiscirt agus ceisteanna a bhaineann le cúrsaí custam agus VAT.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu go raibh “bealach” ann teacht ar réiteach agus tuairiscíodh chomh maith go raibh príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier dóchasach go bhféadfaí socrú a dhéanamh inniu.

Tuairiscíodh freisin, áfach, go mb’fhéidir go mbeadh sé ródhéanach teacht ar réiteach in am do chruinniú mullaigh an AE amárach. 

Is gá go bhfoilseofaí ar dtús aon mhargadh má táthar ag iarraidh go n-aontódh ceannairí na mballstát é ag a gcruinniú mullaigh atá ar siúl amárach agus Dé hAoine.

Sa chás nach mbeadh a leithéid réidh in am meastar go bhféadfaí dearbhú polaitiúil a thabhairt go bhfuil margadh aontaithe, murab ionann agus dearbhú go bhfuil téacs dlí aontaithe.

De réir na reachtaíochta a tugadh isteach in Westminster chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, beidh iachall ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson síneadh ama eile ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh beannacht na parlaiminte in Westminster aige do mhargadh nua faoin Satharn beag seo.

Tá sé seanráite ag Johnson go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh ann nó ná bíodh.

Tá sé seanráite ag an DUP nach mbeadh aon ghlacadh acu le teorainn chustaim síos muir Éireann, moladh ar dhiúltaigh Theresa May dó toisc, a dúirt sí, nach bhféadfadh Príomh-Aire ar bith de chuid na Breataine glacadh lena leithéid.

I ráiteas a chuir siad amach aréir, dúirt an DUP nach raibh sé i gceist acu labhairt faoi na cainteanna toisc iad a bheith ar siúl i gcónaí ach go raibh “bearnaí” ann i gcónaí agus gá “lena thuilleadh oibre”.

Tá sé i gceist ag Johnson na sonraí is déanaí faoi na cainteanna a thabhairt dá rialtas tráthnóna agus casfaidh sé anocht le cúlbhinseoirí a pháirtí ag cruinniú de Choiste 1922 na dTóraithe.

Níos mó