Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buaiteoiri-ghradaim-leabhar-na-bliana-fogartha-ag-oireachtas-na-gaeilge

Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Is é Feargal Ó Béarra agus Leabhar Breac buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin 2019 don saothar An Tromdhámh.

Insint úr ar aoirscéal a scríobhadh ó pheann anaithnid sa bhliain 1300 é An Tromdhámh, a bhuaigh an gradam do leabhar na bliana.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge gradaim leabhar na bliana ag ócáid i mBaile Átha Cliath agus ba shaothair ó Chois Life, an teach foilsitheoireachta atá ag dúnadh ag deireadh na bliana, a bhuaigh an dá dhuais eile.

Boscadán le hÁine Ní Ghlinn a bhuaigh an Gradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga agus an tsraith File ar Fhile a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe,  an gradam nua do shaothar aistrithe.

Gradam Réics Carló á bhronnadh ar Jennifer Ní Ghrádaigh, Cois LIfe, ag Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge. Sa phictiúr chomh maith tá Micheál Mac Aogáin, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge. Ba é an leabhar BOSCADÁN a scríobh Áine Ní Ghlinn a bhuaigh an gradam don fhoilsitheoir

Duaischiste €17,000 a bronnadh ar leabhair na bliana ag ócáid i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Is fiú €5,000 don fhoilsitheoir agus €2,500 d’údar an tsaothair Gradam Uí Shúilleabháin, €5,000 a bhronntar don fhoilsitheoir agus €1,250 don údar atá i gceist do Ghradam Réics Carló. €1,500 a bhronntar ar fhoilsitheoir an tsaothair a fhaigheann Gradam de Bhaldraithe agus bronntar €500 ar an aistritheoir, nó na haistritheoirí i gcás an tsaothair a bhuaigh an gradam sin i mbliana.

Is iad na leabhair sa tsraith File ar Fhile a bhuaigh an gradam aisttriúcháin i mbliana, ná Dánta Arthur Rimbaud le Liam Ó Muirthile, nach maireann, Dánta Andréé Chedid le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, Dánta Antonio Machado le Tomás Mac Síomóin, Dánta Antonell Anedda le hEiléan Ní Chuilleanáin agus Dánta Erich Fried le Gabriel Rosenstock.

Gradam de Bhaldraithe á bhronnadh ar Chaoilfhionn Nic Pháidín, Cois Life, ag Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge. An tsraith ‘File ar Fhile’ a bhuaigh an gradam seo. Sa phictiúr chomh maith tá Micheál Mac Aogáin, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus dúirt sé go raibh an rath a bheadh ar earnáil na foilsitheoireachta amach anseo ag brath ar thacaíocht láidir a fháil ón stát.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a fuair gradam inniu agus leo siúd uile a bhain an gearrliosta amach.  

“Is ag saothrú as lámh a chéile d’fhoilsitheoirí, do scríbhneoirí agus do lucht margaíochta agus díolachán  a fhorbrófar raon agus réimse na leabhar Gaeilge, ach go fadtéarmach, tá borradh agus rath na hearnála ag brath ar thiomantas an Rialtais do na bearta atá sainithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Ag an ócáid chéanna, aréir sheol Comhar, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh “beocht agus brí” in earnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair agus dúirt sé go raibh “níos mó siopaí leabhar ná riamh” ag díol leabhar Gaeilge. 

“Tá tionscnaimh mar na Gradaim Foilsitheoireachta agus Portráidí ag cuidiú go mór aird an phobail a tharraingt ar an saothar d’ardchaighdeáin atá ag teacht as na tithe foilsitheoireachta agus as pinn na n-údar: guím gach rath orthu,” arsa Seán Ó Coinn.

Níos mó