Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-camchuairt-inni-k-+-4-imeacht-eile-don-tseachtain-amach-romhainn

Camchuairt Inni-K + 4 imeacht eile don tseachtain amach romhainn

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Taispeántas ealaíne le daltaí Choláiste Feirste // Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, as seo go tús na míosa seo chugainn

Ná déanaigí dearúd go bhfuil taispeántas ealaíne le daltaí Choláiste Feirste fós ar crochadh i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Is cur síos trí mheán na healaíne é seo ar shaol na n-óg sa cheantar agus ar na hábhair imní, dhóchais agus inspioráide atá acu. Osclaíodh go hoifigiúil é tamaillín ó shin, ach beidh deis agaibh freastal ar an taispeántas as seo go tús na míosa seo chugainn, murar éirigh libh cheana fhéin!


Seisiún scéalaíochta le Máirín Ní Ghadhra // Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair @ 11:00

Tá úrscéal Eoin Colfer, The Legend of the Worst Boy in the World, aistrithe ag an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra. Ní hé seo an chéad uair do Mháirín Gaeilge a chur ar shaothar do dhaoine óga; cuirim i gcás na sraitheanna An Cúigear Cróga, An Seachtar Stuama agus Dónall Dána, a raibh baint nach beag aici leo.

Is é Cló Iar-Chonnacht atá tar éis an leabhar seo a fhoilsiú agus An Buachaill is Measa ar Domhan, baiste air. Beidh sleachta ón leabhar á léamh ag Máirín ag ócáid a bheidh ar siúl i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua an Chéadaoin beag seo agus í ag trácht ar a taithí féin mar aistritheoir ar leabhair do leanaí, chomh maith.


Séamus Ó Beaglaoich agus daltaí Ceoltóir BCFE // Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, BÁC, Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair @ 20:00

Is mó imeacht suimiúil a bhíonn ar bun amuigh in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin – seisiúin, ranganna, ceardlanna agus scata eile. Tá an-chuma ar an bhfoirgneamh atá acu chomh maith, agus mura bhfuil sé feicthe agat cheana, caith súil ar an suíomh snasta atá acu araschronain.ie.

Dé Céadaoin seo chugainn beidh an ceoltóir Séamus Ó Beaglaoich ar an láthair agus coirm aige in éineacht le daltaí ceolmhara BCFE (Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid). Beidh siad ann óna hocht a chlog – seo leat chucu más spéis leat an ceol traidisiúnta agus guth binn Shéamuis!


Camchuairt Inni-K // camchuairt mhór ar fud na tíre as seo go deireadh na bliana Gradaim Folk RTÉ, Déardaoin 24 Deireadh Fómhair @ 19:00

Beidh albam reatha an cheoltóra Inni K, The Hare and the Line, le fáil mar cheirnín vinile go luath! Is ar an mbonn sin atá sí le tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre i rith an fhómhair agus an gheimhridh seo.

Cuirfear tús leis Dé Céadaoin seo chugainn, nuair a bheidh sí ag seinnt i Naughton’s Gallery i mBéal Feirste. As seo go deireadh na bliana beidh sí i gCorcaigh, Maigh Eo, Gaillimh, Cill Dara, Lú, Chill Channaigh agus i mBÁC do ghig mhór na Nollag sa Grand Social. Tá sí ainmnithe go deimhin ar ghearrliosta na nGradam Folk de chuid RTÉ i mbliana chomh maith, dá leagan do ‘Póirste Béil’. Tá an traic, (atá ar The Hare and the Line), ar ghearrliosta don traic traidisiúnta is fearr. Bronnfar na gradaim Déardaoin beag seo, (24ú), i Sráid an Bhiocáire. Gach rath ar na hiomaitheoirí ar fad!

23
DF, Naughton’s Béal Feirste;

01
Samhain, Sirius Arts Centre, Corcaigh;

07
Samhain, Linenhall Arts Centre, Maigh Eo;

08
Samhain, Campell’s, Co. na Gaillimhe;

10
Samhain, Woodbine bookstore, Cill Dara;

01
Nollaig, Grand Social, BÁC;

14
Nollaig, Fennelly’s, Cill Dara;

15
Nollaig, Levis’, Corcaigh.


‘Medea’ le Euripides // An Taibhdhearc, Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair @ 20:00

Beidh an dráma Medea á léiriú ag an gcomhlacht drámaíochta Splódar i gCathair na dTreabh Dé hAoine seo chugainn. Is dráma clasaiceach ón nGréig é seo a dhíríonn ar choimhlint clainne mar théama. Pléann an dráma go mór le meon na mban chomh maith agus sárú ar chearta pearsanta.

Is í an sár-aisteoir Tara Breathnach (thuas) atá páirteach ann agus príomhról Mhedea aici. Neostar dom go bhfuil rince ar an stíl chlasaiceach mar chuid mhór don stáitsiú. Is é Proin Ó Duigneáin ó Splódar a d’aistrigh agus a stiúraigh; Allie Blunnie a chum an ceol dó agus Michelle Bell a bhí i mbun cóiréagrafaíocht rince.

Níos mó