Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-glactha-in-westminster-le-margadh-breatimeachta-johnson-ach-diultaithe-da-chlar-ama

Glactha in Westminster le margadh Breatimeachta Johnson ach diúltaithe dá chlár ama

| Tuairisc.ie | , ,

Trí bliana i ndiaidh an reifrinn Bhreatimeachta tá glactha den chéad uair ag móramh d’fheisirí parlaiminte in Westminster le margadh Breatimeachta, ach dea-scéal dóite a bhí ansin do Boris Johnson nuair a diúltaíodh dá chlár ama imeachta.

329 feisire a vótáil ar son bhille Breatimeachta Boris Johnson agus 299 duine a vótáil ina choinne, ach go gairid ina dhiaidh sin tráthnóna, vótáil móramh i gcoinne chlár ama an Phríomh-Aire.

322 duine a vótáil i gcoinne chlár ama Boris Johnson, a bhí ag iarraidh an Breatimeacht a bhrú tríd faoi Dhéardaoin na seachtaine seo, agus 308 duine a bhí ar son an chláir ama.

Mar sin cé gur éirigh le Boris Johnson dóthain tacaíochta a mhealladh sa pharlaimint tráthnóna dá mhargadh Breatimeachta, tugadh an t-eiteach dá chlár ama.

Dúirt Johnson i ndiaidh vótaí cinniúnacha na hoíche anocht go raibh an reachtaíocht Bhreatimeachta “á chur ar sos” aige fad is a bheifí ag fanacht ar fhreagra an AE ar “iarratas na parlaiminte” ar shíneadh ama.

Fágann an vóta ar son bhille Johnson gur éirigh leis dul níos faide ar bhóthar an Bhreatimeachta ná a réamhtheachtaí Theresa May ar diúltaíodh dá margadh siúd trí bhabhta sa pharlaimint.

Léiriú tacaíochta i bprionsabal a bhí sa chéad vóta anocht don mhargadh a d’aontaigh Johnson leis an AE, ach dea-scéala dóite a bhí ansin don Phríomh-Aire mar gur bhuille mór dó gur diúltaíodh dá chlár ama Breatimeachta.

Tá sé ráite go mion minic cheana aige go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh, ach caolseans go dtarlóidh sin anois agus gan ach naoi lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine cheana go mb’fhearr leis a bheith “marbh i ndíog” ná síneadh ama a chur leis an mBreatimeacht.

Bhí fonn ar Johnson an reachtaíocht go léir a bhaineann leis an mBreatimeacht a chur tríd faoi Dhéardaoin na seachtaine seo ach bhí go leor de na feisirí a thacaigh lena bhille den tuairim gur cheart tuilleadh ama a chur ar leataobh chun an reachtaíocht a phlé. Ina measc siúd a chinntigh nach n-éireodh leis an rún i dtaobh an chláir ama, bhí feisirí an DUP.

Cuireadh iachall ar Johnson cheana síneadh ama a lorg ón AE, rud a dúirt sé nach ndéanfadh sé go deo, nuair a theip air a mhargadh a chur tríd an bparlaimint Dé Sathairn.

Dhá vóta cinniúnach a bhí ann in Westminster tráthnóna, ceann faoin mbille a thabharfadh feidhm dlí don mhargadh a rinneadh leis an AE an tseachtain seo caite agus ceann faoi chlár ama Johnson a raibh faoi an reachtaíocht go léir a bhrú tríd faoi an tseachtain seo.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk níos túisce inniu go mbeadh toradh an phlé maidir le síneadh ama eile a cheadú ag brath go mór ar imeachtaí an lae inniu in Westminster.

“Ba chóir dúinn a bheith ullamh do chás ar bith. Ach ní mór a bheith soiléir faoi rud amháin, faoi mar a dúirt mé le Boris Johnson Dé Sathairn, ní sinne a roghnóidh an Breatimeacht gan mhargadh go deo,” arsa Tusk.

Níos mó