Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-fheile-bheag-filiochta-+-4-imeacht-eile

An Fhéile Bheag Filíochta + 4 imeacht eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Blood, Sweat & Felt // Taispeántas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste as seo go ceann 8 seachtaine

Tá taispeántas ealaíne leanúnach ar siúl i gCultúrlann McAdam, taispeántas a osclaíodh go hoifigiúl Déardaoin seo caite. Is ealaíontóirí ón ngrúpa pobail, F.O.C.U.S, atá tar éis an saothar seo a chruthú, dream a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu.

Is í aidhm an ghrúpa seo ná tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ina mbaill de, go mbeidh ar a gcumas a gcuid cúram lae féin a eagrú agus a reáchtáil. Do chaith an t-ealaíontóir Marie Louise Gormley tréimhse le déanaí ag obair leo agus í ag díriú ar an bhfeilt mar bhun-ábhar; chuaigh an cheardaíocht i bhfeidhm ar an ngrúpa agus tugadh dúshlán dóibh a bhfeiltbhrat féin a dhearadh.

Beidh toradh a gcuid oibre anois le feiscint sa taispeántas seo, a bhfuil teideal tráthúil go maith air – Blood, Sweat & Felt. Beidh deis agaibh é a fheiscint as seo go ceann 8 seachtaine.


An Fhéile Bheag Filíochta // Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, 8-10 Samhain 

Is i mo dhúthaigh féin, Corca Dhuibhne, a bheidh teacht le chéile fileata agus liteartha ar siúl an deireadh seachtaine seo, mar a bhíonn na haon bhliain aimsir seo na Samhna.

Sea, cuirfear tús inniu leis an bhFéile Bheag Filíochta nuair a sheolfaidh an file agus criadóir aitheanta Louis Mulcahy (atá ag cur faoi sa cheantar le fada) an fhéile go hoifigiúil. Ina dhiaidh sin seolfaidh an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc eagrán na bliana seo d’Irisleabhar Mhá Nuad; agus cloisfear léacht ó Shéamus Barra Ó Súilleabháin. Is dírithe ar fhilíocht Mhichíl Uí Ghaoithín sa Chnuasach Béaloidis a bheidh a chuid cainte, dar teideal An Sruthán Draíochta

Tá seó speisialta ilmheánach beartaithe don Satharn, ag a léifear saothar na n-údar seo a leanas: Tomás Ó Criomhthain, Máire Mhac an tSaoi, Seán Ó Riordáin, Michael Davitt agus Nuala Ní Dhomhnaill. Cúigear iad sin a raibh ana-bhaint acu leis an gceantar agus a bhfuil spreagadh na leithinise le sonrú ina gcuid scríbhneoireachta. Is iad Dara Ó Cinnéide, Séamus Barra Ó Súilleabháín, Bríd Ní Mhóráin, Simon Ó Faoláin agus Dairena Ní Chinnéide a léifidh, fhad is a chloisfear tionlacan ceoil ó Cholm Ó Snodaigh agus íomhánna tarraingteachta teilgthe ar a gcúl ag Margaret Lonergan. 

Go leor eile beartaithe, tá an fhéile ar Facebook agus is ann a gheobhaidh sibh gach eolas faoi!


Landless agus Skipper’s Alley // Séipéal Pepper Canister, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 9 Samhain @ 19:00

Tá dhá bhanna ceoil a
bhfuil ag éirí go seoigh leo i láthair na huaire le bheith i Séipéal an Pepper
Canister i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Sin iad Landless agus
Skipper’s Alley. 

Lily Power, Méabh Meir, Ruth Clinton agus Sinéad Lynch na baill i Landless (príomh-íomhá thuas), agus iad le chéile ó 2013. Is i mBÁC agus Béal Feirste atá siad lonnaithe agus díríonn siad ar amhráin thraidisiúnta agus ar an gcomhcheoil ach go háirithe, gan tionlacan. 

Níor chualamar mórán ó bhaill an bhanna Skipper’s Alley (íomhá thuas) le tamall, ach tá siad thar n-ais ar a seanléim agus albam nua le scaipeadh acu ar a lucht leanúna. The Oul Flip atá air agus seolfar é ag an ócáid seo.

Gach rath ar an dá dhream!


Seoladh an albaim ‘Den Díobháil’ le Nuadán // The Queen’s Hotel, Inis, Dé Domhnaigh 10 Samhain @ 17:00 

Dén Díobháil atá tugtha ag an mbanna ceoil Nuadán ar an dara halbam dá gcuid agus é ar an margadh faoi láthair. Bhíodar breá ceolmhar ag an Oireachtas sa Citywest an deireadh seachtaine seo caite agus iad le clos ar chláracha Raidió na Gaeltachta; beidh arís eile an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Inis i gContae an Chláir!

Is ann atá clár leathan imeachtaí beartaithe don Ennis Trad Fest 2019. Más mian libh tacaíocht a léiriú do Chárthach, Macdara agus Pax Ó Faoláin, mar aon le Iarlaith MacGabhann, téir chomh fada le The Queen’s Hotel ar an Domhnach @ 17:00. Is é cara mór an ghrúpa, an ceoltóir Páraic Mac Donnchadha, a sheolfaidh é.

* Dála an scéil, is in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí i Scoil an Cheoil a bheidh siad ar an 14 Samhain agus iad á sheoladh arís, mura n-éiríonn libh a bheith i láthair d’ócaid Chontae an Chláir!


Gatehouse // The Pillar House Folk Club, Béal Átha na Sluaighe, Dé hAoine 15 Samhain @ 21:00

Dáta don dialann a chairde! Má thaitníonn ceol an bhanna Gatehouse libh, bí ar an eolas go mbeidh siad le feiscint seachtain ó inniu i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, in The Pillar House Folk Club. Sin iad na ceoltóirí John Wynne, Rachel Garvey agus Jacinta McEvoy atá sa bhanna seo, a bhfuil dhá albam seolta acu go dtí seo, Tús Nua agus Heather Down the Moor. Cloisfear rianta ón dá dhlúthdhiosca sin, i gcaitheamh na hoíche, táim cinnte!

Níos mó