![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘fainne-na-hultaise’-ar-fail-anois](/wp-content/themes/yootheme/cache/ef/fainne-na-hultaise-ar-fail-anois-ef592a3e.jpeg)
‘Fáinne na hUltaise’ ar fáil anois
Tá scéim nua forbartha ag Boord o Ulstèr Scotch, eagraíocht a chuireann an Ultais chun cinn ó thuaidh, atá bunaithe ar Fháinne na Gaeilge, agus an deis ag foghlaimeoirí agus cainteoirí Ultaise a gcumas cainte a chruthú le teastais agus cnaipí ar nós na bhFáinní atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2019/11/Badges-2.jpg)
Chuaigh Boord o Ulstèr Scotch i gcomhairle le Conradh na Gaeilge, an eagraíocht atá freagrach as an bhFáinne, le an scéim a fhorbairt agus is féidir ‘scrúdú’ beag a dhéanamh ar shuíomh na heagraíochta Ultaise le teastas digiteach a fháil lena ndearbhaítear cumas san Ultais.
Is féidir an scrúdú beag a dhéanamh anseo.
Tá liosta de 30 focal ar an scrúdú agus níl le déanamh ach brí 20 focal a mhíniú — cuirtear rogha ceithre mhíniú ar fáil — leis an teastas cumais ‘Wheen o Wurds’ (Cúpla Focal) a fháil ó Boord o Ulstèr Scotch.
Féadfaidh an té a gheobhaidh an teastas sin é a thabhairt chomh fada leis an ionad Discover Ulster-Scots i mBéal Feirste nó i Ráth Bhoth i gcontae Dhún na nGall le suaitheantas Wheen o Wurds a fháil, suaitheantas a thabharfaidh le fios do chainteoirí eile Ultaise go bhfuil an Ultais ar a thoil ag duine, agus go bhfuil sé sásta í a labhairt.
D’éirigh le Arlene Foster, ceannaire an DUP, a teastas agus a suaitheantas a fháil le deireanas.
I’ve just earned my Wheen o Wurds badge and certificate as part of Ulster Scots Language Week/Ulster-Scotch Leid Week, try it for yourself at https://t.co/Le9IYZVqfP pic.twitter.com/wGXlpqjWhu
— Arlene Foster (@DUPleader) November 29, 2019