Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-maraton-a-dheanamh-ag-comhfhreagrai-rugbai-nos-ar-son-limerick-suicide-watch

Maratón á dhéanamh ag comhfhreagraí rugbaí NÓS ar son Limerick Suicide Watch

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Beidh Jeff Neville, a bhíonn ag scríobh go rialta faoi chúrsaí rugbaí do NÓS, ag glacadh páirte i Maratón Luimnigh 2020 ar mhaithe leis an gcarthanacht áitiúil Limerick Suicide Watch. 

Is carthanacht é Limerick Suicide Watch a chuireann oibrithe deonacha amach ar bhruach na Sionainne le cúnamh agus comhairle a thabhairt do dhaoine atá i mbaol a mbáis. Anuas ar an obair sin, téann na hoibrithe deonacha ar cuairt ar scoileanna, coláistí agus ionaid oibre sa chathair leis an meabhairshláinte a phlé agus comhrá a spreagadh faoin bhféinmharú in Éirinn. 

Is as Luimneach ó dhúchas é Jeff, agus téann na reathaithe maratóin thar dhoras theach a mhuintire gach uile bhliain. Dúirt sé le NÓS gur mhinic é a bheith ag breathnú orthu ag dul thar bhráid agus a rá leis féin “más féidir libhse é a dhéanamh, is féidir liomsa”. 

Is imreoir agus traenálaí rugbaí é Jeff agus cé gur duine an-spórtúil é agus go bhfuil sé aclaí, níl a leithéid de rás déanta aige go dtí seo. 

“Níl maratón déanta riamh agam. Rith mé 16km nó mar sin ar an Satharn agus b’shin an rith ab fhaide a rinne mé riamh i mo shaol. Bhí mé tuirseach go maith ina dhiaidh, agus an lá dár gcionn ní raibh mé ar mo chompord agus mé i mo shuí ná i mo sheasamh,” a dúirt sé. 

Dúirt Jeff le NÓS go bhfuil tús curtha aige cheana féin leis an traenáil, cé nach bhfuil an maratón le bheith ar siúl go dtí mí na Bealtaine 2020, agus go bhfuil sé ag súil le tabhairt faoi spórt nua. 

“Tá sé an-difriúil ná a bheith ag traenáil don rugbaí. Roimhe seo, bhí mé i gcónaí ag traenáil le bheith mór agus láidir, agus ní raibh an oiread sin airde agus ar an rith ná ar luas. Níl mé chomh buartha sin faoi chúrsaí ama ná luais anois, ach tá sé difriúil a bheith ag traenáil le bheith in ann rith ar feadh tréimhsí fada. Is aclaíocht eile í,” a mhínigh sé. 

Limerick Suicide Watch

Tá taithí phearsanta ag Jeff leis an bhféinmharú, agus dúirt sé gur roghnaigh sé an carthanacht áirithe seo le cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt. 

“Nuair a bhí mé ar scoil, bhí mé ag féachaint amach an fhuinneog lá agus chonaic mé na seirbhísí éigeandála ag tarraingt duine amach as an abhainn. Is fadhb mhór í i Luimneach — ar fud na tíre, ach go háirithe i Luimneach — agus tá aithne againn go léir ar dhuine a chuir lámh ina bhás féin. 

“Chuir cara le m’athair lámh in a bhás féin, agus tá cúpla cara agam ar chuir a ndeartháireacha lámh ina mbás féin freisin. Tarlaíonn sé go minic agus téann sé i bhfeidhm ar an bpobal go léir. Ba mhaith liom cabhrú leis na daoine sin, daoine atá ag smaoineamh faoin bhféinmharú agus daoine atá ag fulaingt ina dhiaidh,” a dúirt sé. 

Féadfar airgead a dheonú do Jeff ar a leathanach tiomsaithe airgid anseo

Níos mó