Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-other-voices-na-ngael-agus-imeachtai-eile

Other Voices na nGael agus imeachtaí eile

| Maire Treasa Ni Cheallaigh |

Malartú éadaí/earraí // ACLAÍ, Corcaigh, Dé hAoine 29 Samhain @ 18:00

Tá ócáidí ailtéarnacha beartaithe mar fhreagra ar nós Black Friday, nuair a mhealltar daoine lena gcuid airgid a chaitheamh nuair a cuirtear borradh faoi shladmhargaí i siopaí agus ar líne. Beidh ceann de na hócáidí sin ar siúl tráthnóna in ionad Aclaí i gCorcaigh. 

Is malartú éadaí/earraí atá i gceist. Iarrtar orthu siúd a bheidh i láthair idir 17.00-22.00 a bpíosaí a thabhairt leo, bíodh gur éadaí atá agat, bróga, blaincéid, leabhair, nó pé rud é! Déanfar na hearraí a mhalartú agus tabharfar aon rud atá fágtha do shiopa carthanachta ar an Luan. Beidh tae agus caife acu ar an láthair, mar aon le ceol — ana-thráthnóna geallta.

Féile Other Voices, (go háirithe COGAR) // An Daingean, Co. Chiarraí 29 Samhain – 1 Nollaig ’19

Nár dheas a bheith i gCorca Dhuibhne na Ríochta an deireadh seachtaine seo agus féile cheoil Other Voices faoi lán tseoil. Ó thaobh na gceoltóirí de, tá Ye Vagabonds, Soak, Editors agus Whitney ar an gclár, i measc go leor eile a bheidh ag seinnt ní hamháin i Séipéal Naomh Séamus, ach ar chosán an cheoil chomh maith, in ionaid éagsúla timpeall ar bhaile an Daingin agus an ceantar máguaird. 

Beidh podchraoladh Jim Carroll Banter á thaifeadadh thíos ann agus arís i mbliana beidh Ireland’s Edge, sraith chainteanna ar bun chomh maith.

Tá an t-ealaíontóir Áine Ní Chiobháin ag cur fúithi ar an leithinis, agus í i bhfeighil ar COGAR, sraith imeachtaí ealaíon as Gaeilge. Ina measc ceardlann agus taispeántas faoi shoilsiú léasair le Colin Clarke ó Integral Laser Display agus caint faoi leith ó Shinéad Ní Chadhain faoin mbeochan. 

Díreoidh taispeántas eile ar an bhfocal labhartha, rapcheol, liricí agus dánta, i gcomhar le Ponc Press. Tá liricí áirithe roghnaithe ó leithéidí Kneecap, Muireann Nic Amhlaoibh, Walking on Cars, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus tuilleadh nach iad, a bheidh le feiscint crochta sa Dingle Hub i gCúilín. Déarfainn go mbeidh ana-atmaisféar thíos ann, bain súp as más ann atá do thriail.

Aonach na Nollag ó Ghaelscoil Lios na nÓg // Fr. Barry Hall, St. Mary’s College, Rath Maoinis, Dé Domhnaigh, 01 Nollaig @ 13:00

Is ar an 1 Nollaig a bheidh Aonach na Nollag atá eagraithe ag Gaelscoil Lios na nÓg, ar siúl. Beidh leabhair, cístí, bréagáin, éadaí agus earraí ceardaíochta ar díol ann. Beidh crannchur ar siúl chomh maith agus duaiseanna breátha le buachan, agus imreofar cluichí go speisialta do na daoine óga a bheidh ag freastal ar an ócáid. Ar mhaithe leis an gcleas óg (agus aosta), tá cuairt geallta ag San Nioclás ar an láthair! Beidh sé gnóthach go maith an tseachtain seo, diail an fear é.

Blas na Nollag // Tigh Tommy, An Cheathrú Rua Dé Máirt 3 Nollaig óna 17:30

Tá feachtas nua le seoladh ag an dream a thugann Pobal Rua orthu féin, chun lucht na Ceathrún Rua a spreagadh chun a ngnó a dhéanamh go háitiúil an Nollaig seo. Is i dTigh Tommy, Eurospar na háite a bheidh Blas na Nollag, mar atá á thabhairt acu air, ar siúl. Mar chuid den ócáid cloisfear carúil na Nollag ó chór Scoil Mhic Dara, lasfaidh Coiste an Ionaid Cúram Leanaí an crann Nollag agus beidh bia breá blasta a bhaineann leis an Nollaig le blaiseadh sa tsiopa chomh maith. 

Beidh daltaí ón idirbhliain i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag péinteáil aghaidheanna na ndaoine óga agus go leor oibre déanta acu ar thaispeántas faoi stair na siopaí sa cheantar ullmhaithe acu. Anuas ar sin beidh crannchur ar siúl le luach €200 d’earraí na Nollag le buachan…. agus anuas air sin arís, cuairteoir speisialta ar an láthair, tagtha chomh fada ón Mol Thuaidh 😉 Ho Ho Ho!

Seoladh Leabhar nua ó An Gúm // Ceannáras an Fhorais, Déardaoin 5 Nollaig @ 18:00

Tá an Nollaig ag teannadh linn go tiubh, te, tapa. Tá neachta gus nianna agam féin agus is breá liom bronntanais fhiúntacha a cheannach dóibh agus bíonn leabhair ar bharr an liosta sin agam. Tá réimse leathan leabhar do dhaoine óga ar an margadh faoi láthair agus beidh deis agaibh a leithéid ón bhfoilsitheoir An Gúm a fheiscint ós bhur gcomhair amach Déardaoin seo chugainn, tráth a chuirfear faoi bhráid an phobail iad. Is faoin gcraoltóir aitheanta Eibhlín Ní Chonghaile a bheidh an cúram sin. Is i gCeannáras Fhoras na Gaeilge a bheidh an t-imeacht seo ar siúl.

Níos mó