Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cruinniu-poibli-ag-misneach-do-ghaeil-chorcai

Cruinniú poiblí ag Misneach do Ghaeil Chorcaí

| Maitiu O Coimin |

Beidh cruinniú poiblí ag an eagraíocht radacach Misneach i gcathair Chorcaí amárach an 3 Nollaig. Cruinniú “pleanála” a bheidh i gcruinniú na hoíche amárach, a bheidh á reáchtáil san ionad Gaelach aclaíochta ACLAÍ ag 19.30. 

Deir craobh Chorcaí de Mhisneach go mbeidh fáilte roimh bhaill nua a bhfuil spéis acu in obair na heagraíochta dul isteach sa chraobh ag an gcruinniú, agus go gcuirfear fáilte roimh dhaoine a bhfuil suim acu cloisteáil faoin eagraíocht. 

Grúpa a ghníomhaíonn chun athneartú na Gaeilge a thiomáint é Misneach, dar leis an eagraíocht féin, agus deir siad go seasanna siad le “cosmhuintir na Gaeltachta agus na tíre go léir” chun an obair sin a chur i gcrích. 

Bíonn Misneach gníomhach ar fud fad na tíre agus is minic a mbratach le feiceáil ag agóidí a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, tuaithe agus Gaeilge, chomh maith le imeachtaí i gcathracha na hÉireann agus na hAlban. 

Is iad na príomhchuspóirí atá leagtha amach ag Misneach “pobal láidir muiníneach Gaelach” a thógáil, “cearta an duine agus cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint”, “obair i dtreo díchoilínithe”, agus aird mhuintir na hÉireann a dhíriú ar “shealbhú na teanga mar bhunchloch féiniúlachta na tíre”. 

Cuirfear tús leis an gcruinniú poiblí ag 19.30 agus táthar ag súil nach mairfidh sé mórán níos faide ná uair an chloig. 

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge