Beidh Lisa Smith, an t-iarbhall de na fórsaí cosanta a chuaigh chun na Siria in 2015 chun dul isteach sa Stát Ioslam, os comhair na cúirte inniu agus cúis a bhaineann le sceimhlitheoireacht á cur ina leith.
Thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí treoir do na Gardaí an bhean, atá 38 bliain d’aois agus arb as contae Lú di, a chúiseamh agus í a thabhairt os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla.
Gabhadh Lisa Smith nuair a leaindeáil sí in Éirinn Dé Domhnaigh i ndiaidh di a bheith díbeartha as an Tuirc in éineacht lena hiníon dhá bhliain d’aois.
Tá Smith á ceistiú le 72 uair an chloig anuas ag na Gardaí faoina cuid iompair agus faoi dhaoine áirithe a casadh uirthi ó chuaigh sí le hIoslam roinnt blianta ó shin.