Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-focal-beag-tri-litir-ba-mho-a-bhi-a-chuardach-ar-focloir.ie-i-mbliana…

Focal beag trí litir ba mhó a bhí á chuardach ar foclóir.ie i mbliana…

Tháinig méadú 12% ar an líon daoine a thug cuairt ar focloir.ie in 2019 mar ar thug 2,086,579 duine cuairt ar an suíomh in 2019.

Focal beag trí litir ba mhó a bhí á chuardach acu.

Chuir foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge liosta ar fáil do Tuairisc.ie den 100 focal is mó cuardach in 2019 agus ar bharr an liosta sin tá an focailín beag Béarla for, réamhfhocal agus cónasc, a bhfuil an-úsáid ann sa mBéarla agus a dtarraingíonn an leagan Gaeilge (do, le haghaidh, faoi srl) de cuid mhaith cainte i measc na ndea-Ghael.

Ní haon iontas mar sin go bhfuil 26 mír faoin bhfocal ‘for’ ar an suíomh.

Seo an tríú bliain ag an bhfocal ‘for’ ag barr an liosta agus an gradam sin aige ó sciob sé ó ‘grandma’ é in 2017.

Ar na focail eile a raibh leagan cruinn Gaeilge dóibh á chuardach ag úsáideoirí bhí an ceann a choinníonn an saol beo, love, a bhí sa dara háit agus gné éigin de á lorg ag breis is 18,000 duine. 

Go, app, to, play, be, hello agus get na focail eile a bhí sa ‘top 10’ i mbliana. Spéisiúil go leor is beag nach iad na focail chéanna a bhíonn ag déanamh tinnis do dhaoine ó bhliain go bliain, agus is léir go mbíonn fuascailt le fáil ag daoine sna frásaí ar www.focloir.ie ó thaobh úsáid chuí na bhfocal sin i gcomhthéacsanna éagsúla teanga.

Agus foclóir Phádraig Uí Mhianáin le foilsiú ag Foras na Gaeilge mar leabhar in 2020, údar suntais gur ar an bhfón póca a sheiceálann 60% de na húsáideoirí an suíomh focloir.ie. Ag Oireachtas na Samhna 2015 a seoladh aip an fhoclóra. Duine as ceathrar a bhain leas as ríomhairí deisce le teacht ar an suíomh in 2019.

Bíonn an-fháilte ag foireann focloir.ie roimh aiseolas ó na húsáideoirí agus is de bharr an aiseolais sin a chinnteofar go gcuirfear téarmaí a bhí in easnamh leis an bhfoclóir amach anseo.

Sibhse a d’airigh uaibh leaganacha Gaeilge ar fire jumping, active learning, rugby ball agus success criteria, foighdigí oraibh, gealltar dúinn go bhfuil siad ar an mbealach.

Caitheann daoine thart ar seacht nóiméad ar an meán ar foclóir.ie in aghaidh na cuairte agus is in Éirinn atá 72% de na cuairteoirí sin. I Meiriceá atá 16% d’úsáideoirí foclóir.ie ag cuardach leo, tá breis is 25,000 san Astráil, 5,000 san Ísiltír, san India agus sa Spáinn.

Tá súil againn go mbeidh Nollaig Ghaelach freisin ag an seachtar i Mailí, sa Bhurúin agus sa Táidsíceastáin a bhíonn ag póirseáil i dtobar na Gaeilge ar an suíomh.

An tráth seo den bhliain is beag an t-iontas gur present, surprise, reindeer, Santa, December agus Christmas tree is mó a raibh cuardach orthu i mí na Nollag.

Ceann eile de na rúin atá ar eolas ag lucht focloir.ie ná na focail is mó a litríonn muid mícheart i mBéarla agus muid ag cuardach sa bhfoclóir – aswell, alot. seperate, excercise, pronounciation, fourty, infront, recieve, suprise agus skillful.

Thug breis is 1.8 milliún duine cuairt ar an suíomh teanglann.ie i mbliana, méadú 29% ó 2018 agus chaitheadar breis is 6 nóiméad in aghaidh an tseisiúin ar an suíomh sin.

Lá Chinn Bliana 2013 a sheol Foras na Gaeilge focloir.ie nuair a cuireadh an t-ábhar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna soghluaiste agus áirítear tionscnamh an fhoclóra mar ar cheann na tograí is fiúntaí agus is éifeachtaí i saol na teanga. 

Tá an leagan clóite den fhoclóir á chur in eagar faoi láthair faoi agus súil é a bheith ar an margadh in 2020.

Iontráil Iomlán Iontráil Iomlán Iontráil Iomlán
for 30650 fuck 10700 art 8380
love 18894 find 10632 read 8345
go 18450 the 10632 when 8336
app 18136 hope 10369 teacher 8290
to 17842 life 10307 future 8252
play 17365 that 10257 experience 8196
be 15995 after 10108 come 8186
hello 15904 say 10082 watch 8165
get 14266 time 10048 problem 8163
help 14183 dog 9972 home 8128
about 14043 miss 9926 book 7991
fun 13733 moon 9919 leave 7966
family 13318 sister 9897 close 7932
do 13011 with 9883 gym 7897
like 12967 think 9863 summer 7881
from 12947 so 9624 party 7876
of 12916 work 9576 first 7850
show 12725 good 9539 live 7796
in 12559 walk 9440 back 7752
irish 12224 take 9396 unfortunately 7697
beautiful 12057 by 9350 congratulations 7559
interesting 11926 look 9213 if 7508
brother 11716 want 9191 a 7423
have 11613 funny 9184 because 7322
see 11511 different 9161 song 7307
happy 11392 kind 9062 year 7158
before 11359 start 8991 mean 7090
change 11272 last 8963 a lot 7072
give 11224 learn 8925 on 7041
is 11194 house 8843 sleep 7029
important 11084 call 8615 winter 6960
need 10924 excited 8603 enough 6958
enjoy 10855 also 8481 nice 6952

Níos mó