Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fonn,-feile-agus-filiocht-–-‘an-baile-beag-geimiuil:-amhrain-na-tra-baine’-le-seoladh-anocht

Fonn, féile agus filíocht – ‘An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine’ le seoladh anocht

| Tuairisc.ie |

Tá trí rud ann nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile agus filíocht – ach is léir gur thug muintir na Trá Báine na trí bhua sin ón mbroinn leo agus nach gan údar a tugadh baile beag géimiúil ar an mbaile. A chruthúnas sin go bhfuil leabhar á fhoilsiú amárach, Dé Sathairn, thiar ar an nádúr i Scoil Rónáin sa Trá Bháin ina ndéantar cur síos ar shé amhrán déag a cumadh sa Trá Bháin nó a bhfuil an-bhaint acu leis an mbaile sin.

Ní taobh le leabhar a bheidh á sheoladh mar tá dlúthdhiosca ag dul leis an leabhar gleoite seo agus na sé amhrán déag á ngabháil ag scoth na bhfonnadóirí, ina measc Cóil Neaine Pháidín Mac Donncha, amhránaí as Ráth Cairn ach arb as an Trá Bháin ó dhúchas dó agus Máirín Uí Chéide agus Bríd Seoighe.

Tá cuid de na hamhráin atá sa bhailiúchán seo i mbéal an phobail le fada an lá, leithéid ‘Ócam an Phríosúin’ agus ‘Pluid Dhorcha Leára’’. Tá cuid eile nach bhfuil an cur amach céanna orthu taobh amuigh den Trá Bháin féin, leithéidí ‘Amhrán Tarpey’ agus ‘Bróga Khennedy’ ach tá an greann agus an ghruaim ina n-orlaí tríothu.

Déantar cur síos chomh maith ar cheann de na hamhráin is mó a shamhlaítear leis an gceantar ‘Amhrán an Bháthadh’ (nó ‘Amhrán na Trá Báine’ mar atá aithne ag go leor air).

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sinéad Ní Ráinne, a chuir an leabhar agus dlúthdhiosca in eagar gur “ábhar iontais” do go leor daoine gur dhá amhrán ar leith atá san amhrán ar a dtugtar ‘Amhrán na Trá Báine’.

“Ceann de na spriocanna a bhí agam an dá amhrán a scaradh óna chéile agus a thaifeadadh le go mbeadh siad ar fáil sa mbailiúchán seo,” a dúirt Ní Ráinne.

Mar bharr ar an stór sin, tá cur síos cuimsitheach sa leabhar ar chuile cheann de na hamhráin agus ar na filí agus a muintir. Tugtar fianaise na staire ó na cáipéisí oifigiúla agus ó sheanchas mhuintir an bhaile agus a sinsir, iadsan a d’fhan sa mbaile agus iadsan arbh éigean dóibh é a fhágáil. Tá aiste bhreá ann chomh faoi stair, cultúr agus saol agus saothar mhuintir an bhaile seo san am a caitheadh agus é á inseacht i nGaeilge bhreá nádúrtha na Trá Báine.

Cén duine ab fhearr a d’inseodh an scéal spéisiúil seo ach bean as an mbaile agus arb as a muintir agus a sinsir roimpi chomh maith. Scoláire í an t-údar a bhfuil an comhlacht teanga is aistriúcháin Eoropus aici ar an gCeathrú Rua agus taighde an scoláire déanta aici ar a dúchas sa Trá Bháin do chéim MLitt ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Féirín Nollag é seo nach ndiúltódh aon duine dó agus é foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Mike P. Ó Conaola, an craoltóir agus an t-aisteoir a sheolfaidh an leabhar agus an CD Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitir Móir, anocht, an 14 Nollaig, 2019 ag 7.00 i.n

Níos mó