Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gigeanna-na-deichaoise-–-cuid-a-haon

Gigeanna na Deichaoise – Cuid a hAon

| Sinead Ni Uallachain |

Lana de Ray, Caisleán Mhullach Íde, 22 Meitheamh ’19

Bhíos riamh tógtha le Lana del Ray, ach i mbliana tháinig borradh faoin ndúil sin atá agam inti agus a cuid amhrán. Is breá liom an tslí go dtógann sí sinn go ré faoi leith ar chósta thiar na Stát Aontaithe ina cuid cumadóireachta; a tagairtí leanúnacha don dath gorm, a bheith ag ól, nó fiú cairteacha — bíodh gur Cadillacs iad, nó Mustangs — agus mar a bhraitheann sí iontu. 

Norman Fucking Rockwell, a halbam reatha, á athsheinnt agam i mo chairt féin faoi láthair, ach ní shamhlóinn go scríobhfadh Lana faoi VW Golfs. Cruthaíonn sí domhan Mheiriceánach aislingeach beagnach, le caint faoi thírghrá, thránna, farraigí fairsinge ar bhóthair an chósta, agus réaltaí móra ón sean-ré, macasamhail Marilyn agus James Dean.

Bhí deis agam blaiseadh de rianta ón albam nua, mar aon le na seanseoda d’amhráin a chlos agus í i gCaisleán Mhullach Íde i rith an tsamhraidh. Níor lig sí síos sin lena taispeántas agus dá bharr — tá sí ar an liosta seo.

Cabaret Craiceáilte Rónáin Mhic Aodha Bhuí – go leanúnach le 10 mbliana anuas!

Ní fhéadfaí gan Cabaret Craiceáilte Rónáin Mhic Aodha Bhuí a lua agus mé ag féachaint siar ar ócáidí ceolmhara le 10 mbliana anuas. Bíodh gur i dTigh Hiúdaí Beag a charnaigh sé ceoltóirí cumasacha, nó níos faide ó bhaile, bhíodh oíche mhaith geallta i gcónaí. 

Chuir Rónán oiread bannaí agus ceoltóirí ar mo shúilibh (nó cluasa) dom, ní hamháin lena chláracha raidió, ach leis na himeachtaí rialta seo chomh maith. Cuimhním ar an ngrúpa Bréag a chloisint uaidh an chéad lá riamh, The Henrietta Game, Mo Hat mo Gheansaí, Emma Ní Fhíoruisce…i measc scata, scata eile. 

Thug sé ardán na n-aerthonnta agus an Chabaret dóibh, agus ní díreach ar cheoltóirí na tíre seo amháin a leagfaí béim. 

Go pearsanta, cuimhním ar Chabaret Thoraí ’10; Na hOireachtaisí – idir Chabaret agus chlár beo; agus Cabaret speisialta Lá ‘le Pádraig san Ardchathair.

KNEECAP (& Pop-Up Gaeltacht), Soundhouse/Wiley Fox, 28 Meitheamh ’18

Samhradh te. Tráthnóna Déardaoin, ar na céanna. Pop Up Gaeltacht sa Wiley Fox; KNEECAP ag seinnt thuas staighre sa Soundhouse. Allas.

An oiread sin allais, gur cuireadh ceist orm, an raibh triail á bhaint amach as an wetlook?!

Liricí an bhanna ar eolas ag geall leis gach duine sa lucht féachana. Iad á gcanadh… á liúrach agus á mbéiceadh. #LáDárSaol

Gradaim Nós (trí chéile), go háirithe an chéad ócáid dá leithéid, 8 Eanáir 2016

Nuair a chuimhním ar mhí Eanáir, cuimhním ar oícheanta dorcha, pócaí folmha, aistí bia sláintiúla … agus ar Ghradaim Nós!! Uair sa bhliain bíonn deis cheiliúrtha ann do cheoltóirí atá ag saothrú i ngort an cheoil Ghaelaigh agus léitheoirí na hirise seo chomh maith. Bailíonn dream sa Sugar Club chun aitheantas agus ómós a léiriú dóibh siúd a bhfuilimid ag éisteacht leo le dhá mhí dhéag. Bheadh na Gradaim le cúpla bliain anuas ar an liosta agam ach béim faoi leith ar an gcéad ócáid dá leithéid a eagraíodh, siar sa bhliain 2016… nuair a cuireadh síol na nGradam, atá ag bláthú ó shin. Dála an scéil, mura bhfuil Gradaim na bliana seo i do dhialann agat go fóill, caith isteach anois é – Aoine, 24 Eánair ’20.

The Spice Girls, Páirc an Chrócaigh, 24 Bealtaine 2019

If you wanna get with me, better make it fast’, – sin go díreach a bhí greanta ar chúl léine mo charad ar Oíche na gCearc. A leithéid do shlí chun an ócáid a cheiliúradh — scata ban i bPáirc an Chrócaigh ag féachaint ar an mbanna ceoil a raibh an tionchar is mó acu orainn agus sinn ag éirí aníos, aontaithe arís ar stáitse! Ba chuma nach raibh Posh ann, ba leor an ceathrar chun laethanta ár n-óige a thabhairt chun cuimhne arís!

Níos mó