Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-gaeil-a-d’imigh-ar-shli-na-firinne-in-2019…

Na Gaeil a d’imigh ar shlí na Fírinne in 2019…

| Tuairisc.ie |

D’imigh Gaeil mhóra ar shlí na fírinne in 2019, an craoltóir iomráiteach Liam Mac Con Iomaire agus banríon an tsean-nóis Nóra Ghriallais ina measc.

Cailleadh Liam Mac Con Iomaire, arbh as Casla i nGaeltacht Chonamara ó dhúchas dó, mí Bealtaine.

Údar, craoltóir, aistritheoir, scoláire agus saineolaí teanga ab ea Billy Mháirtín Mhaidhc an Droichid, a d’fhág a lorg ar ghnéithe éagsúla de shaol na teanga agus na tíre.

Bhásaigh duine de mhór-amhránaithe sean-nóis na hÉireann, Nóra Ghriallais Bean Mhic Dhonncha, mí an Mhárta. Ba í Nóra, arbh as Muiceanach Idir Dhá Sháile di ó dhúchas, banríon an tsean-nóis mar go ndearna sí éacht nach ndearna aon bhean eile go fóill, Corn Uí Riada a bhuachan trí huaire.

Chuaigh duine de na Blascaodaigh dheireanacha ar shlí na fírinne mí Aibreáin nuair a cailleadh Niamh Ní Chriomhthain Uí Laoithe. Bhí sí ar dhuine de na daoine ba ghníomhaí maidir le scéal an Bhlascaoid a chur os comhair an tsaoil mhóir agus ball dílis d’Fhondúireacht an Bhlascaoid ba ea í ó bunaíodh an t-eagras sin.

I mí Dheireadh Fómhair a fuarthas an drochscéala go raibh Ciarán Carson, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis. Is le Gaeilge a tógadh Ciarán Carson i mBéal Feirste agus cé gur mar fhile Béarla a bhain sé cáil amach, mar a dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn mhair an grá a bhí ag an bhfile don Ghaeilge ar feadh a shaoil.

Is i mí na Samhna a bhásaigh an t-aisteoir, fear grinn agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Tóibín. Bhain an Corcaíoch cáil mhór amach as a shaothar amharclainne, teilifíse agus scannáin. I measc na scannán a raibh sé páirteach iontu bhí Poitín, saothar ceannródaíoch Bob Quinn, an chéad fhadscannán Gaeilge agus rinne Tóibín cuid mhór oibre i nGaeilge i gcaitheamh a shaoil.

Muiris Mac Conghail

D’imigh duine de mhórphearsana na craoltóireachta in Éirinn, Muiris Mac Conghail, ar shlí na fírinne an mhí céanna. Bhí ceangal mór ag Mac Conghail le Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus le Dún Chaoin, agus chaith sé seal ina cheannasaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sna 1970idí.

Ba bhoichte go mór saol an cheoil nuair a d’imigh Gavin Pádraig Ralston uainn mí Mheán Fómhair. Duine de theaghlach ceolmhar Bheaglaoich as Baile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, is beag ceoltóir ná grúpa ceoil sa tír seo nach raibh baint ag Ralston leo, mar ghiotáraí agus mar léiritheoir.

John Browne. Pictiur: RollingNews.ie

Is i mí an Mhárta a bhásaigh John Browne, polaiteoir de chuid Fhine Gael a bhí ar an mbeagán Teachtaí Dála agus Seanadóirí a labhair Gaeilge go rialta sa Dáil agus sa Seanad.

Iriseoir, iareagarthóir ar an iris Comhar agus saineolaí ar chúrsaí idirlín ab ea Fiachra Ó Marcaigh, a bhásaigh mí na Samhna. Bhí baint aige le forbairt go leor tionscnamh nua ar líne agus bhí sé ar dhuine de mheitheal seolta Tuairisc.ie.

Fear a raibh baint mhór aige le cúrsaí síochána sa Tuaisceart ab ea an tAthair Des Wilson, a bhásaigh mí na Samhna. Moladh an tAthair Wilson as an idirbheartaíocht a rinne sé idir náisiúnaithe agus aontachtaithe le linn na dTrioblóidí.

Séamas Ó Buachalla

Ceannródaí i réimse an oideachais ab ea Séamas Ó Buachalla, a bhásaigh mí Aibreáin. I measc na dtograí móra oideachais a raibh baint aige leo bhí tograí de chuid Chomhairle na hEorpa agus UNESCO agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Educate Together in Éirinn.

Seodóir den scoth agus Gael go smúsach ab ea Pádraig Ó Mathúna a cailleadh i dtús na bliana ach a mairfidh a chuimhne i nDún Chaoin.

D’imigh duine eile de Ghaeil mhóra Chorca Dhuibhne, Pádraig Ó Siochrú, ar shlí na fírinne mí Iúil. Oideachasóir agus údar oilte ab ea mac dearthár leis an Seabhac.

Bhí Ros Muc faoi scamall bróin mí Aibreáin nuair a cailleadh Maidhcó Ó Conaire, nó Maidhcó Mhaidhcil Sheáin Pheaidí, mar a thugtaí ina cheantar dúchais mar a raibh sé ina laoch mór.

Beitsí Ní Shuibhne

Mí Mheán Fómhair a d’éag Beitsí Ní Shuibhne a raibh aithne mhór uirthi ina ceantair dúchais, Cúil Aodha, as an obair a rinne sí chun teanga, cultúr agus oidhreacht an cheantair a chaomhnú.

Mí na Samhna chomh maith a cailleadh Pat Fahy, duine de na dlíodóirí cosanta coiriúla agus cearta daonna ab fhearr sa Tuaisceart agus fear a raibh baint aige le Gluaiseacht na gCearta Sibhialta ón tús.

Léiríodh ómós an tseachtain seo do Ghael óg, Cormac Ó Braonáin, a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste Dé Domhnaigh seo caite.  Bhí Cormac Ó Braonáin ina chathaoirleach ar Ógra Pháirtí an Lucht Oibre agus feachtasóir cumasach ab ea ar son cúiseanna go leor, an ceart, an tsíocháin agus an Ghaeilge ina measc

Níos mó