Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-sceana-a-ngearu-sa-dail-do-bhille-‘lag’-teanga

Na sceana á ngéarú sa Dáil do bhille ‘lag’ teanga

| Meabh Ni Thuathalain |

Cuirfear tús ar maidin sa Dáil leis an phlé faoin bhille teanga agus easaontas mór idir an Rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta.

Deir an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” atá sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach deir an freasúra gur údar mór “díomá” atá ann.

Ag labhairt dóibh le Tuairisc.ie, dúirt mórpháirtithe an fhreasúra go léir go raibh “díomá” orthu faoin mbille nua a d’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite agus thug siad le fios go mbeadh leasuithe suntasacha á mholadh acu ina leith.

Dúirt Catherine Connolly, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, an coiste a bheidh scagadh á dhéanamh acu ar an bhille an bhliain seo chugainn, nach bhféadfaí “glacadh” leis an reachtaíocht mar atá mar gur “cur i gcéill amach is amach atá ann”.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách go raibh an bille “róshrianta” agus mhaígh sí nach n-aithníonn sé “beag ná mór” a “leochailí is atá an Ghaeilge” ná go bhfuil “géarchéim” teanga sa Ghaeltacht.

“Sin an teachtaireacht ba láidre a chuir idir lucht acadúil agus daoine atá ag obair le heagraíochtaí Gaeilge faoinar mbráid ag an gcoiste – go bhfuil géarchéim ann. Táthar ag caint sa bhille seo faoi réiteach a dhéanamh am éigin amach anseo, réiteach san fhadtéarma, ach ní bheidh aon ghá le réiteach san fhadtéarma mura ndéantar rud éigin anois go práinneach,” arsa Catherine Connolly, cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

D’aontaigh an coiste sin tráthnóna inné go gcuirfí ráiteas oifgiúil amach ag cur “díomá” na mball faoin dréachtreachtaíocht in iúl.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh a pháirtí siúd “an-bhuartha” faoin bhille, go háirithe mar “nach bhfuil nach bhfuil aon spriocanna cinnte ann”.

“Tá uaillmhian go leor ag baint leis ach tá easpa cinnteachta go leor ann. Níl sé chomh láidir is ar chóir do a bheith maidir lena chinntiú go mbeidh sé de cheart ag daoine an Ghaeilge a úsáid leis an Stát. Ní fheicim go gcuirfidh an bille seo aon bhrú ar sheirbhísí stáit aon athrú a dhéanamh ó thaobh na seirbhísí Gaeilge a chuireann siad ar fáil.

“Beidh muid [Fianna Fáil] ag vótáil le haghaidh an Bhille ag an gcéim seo inniu ach beidh leasuithe á moladh nuair a thagann sé os comha Tá sé tábhachtach go mbeidh díospóireacht sa Dáil faoi seo,” arsa Dara Calleary, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil.

Dar le Sinn Féin go bhfuil an billei bhfad ó bheith foirfe”. Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh nach bhfuil an bille “láidir go leor” le go mbeadh “dea-thionchar” aige ar chearta phobal labhartha na Gaeilge agus go raibh pobal na teanga “ag súil le bille i bhfad Éireann níos láidre”.


Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?


“Níl aon spriocanna cearta ann, níl aon bhata le húsáid mura ndéanann na ranna stáit nó na comhlachtaí poiblí de réir mar a deirtear leo a dhéanamh. Níl aon dáta luaite leis an sprioc go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí, mar shampla.

“Tá ráite sa bhille go mbeidh coiste comhairleach ann. Tá go leor tuairiscí agus taighde déanta ar an gceist seo. Ní gá coiste comhairleach eile. Is gá don Aire agus don Taoiseach i mo thuairime-se a chinntiú anois go ndéanfar de réir an bhille. Ní bheith muid ag cur i gcoinne an bhille ag an staid seo, tá muid ag iarraidh go rachaidh sé chuig staid an choiste.

“Beidh a lán leasuithe á moladh againn le go dtiocfaidh muid tríd an phróisis seo le Bille gur fiú é agus bille a bhfuil rudaí atá réalaíoch ann a chuireann brú ar an státseirbhís cur lena gcuid seirbhísí Gaeilge.  Ní fiú an bille mar atá sé, níorbh fhiú an fanacht ocht mbliana agus beidh gá le hathruithe suntasacha a dhéanamh air le go mbeidh bille teanga fiúntach againn,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin.

Dúirt cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Catherine Connolly go mbeadh obair mhór le déanamh ag an gcoiste i dtaobh an bhille ach a thiocfaidh sé chucu an bhliain seo chugainn.

Chuir sí fáilte roimh fhoilsiú an bhille ach dúirt sí gur trua go mbeadh an coiste “ar ais” ag plé na “na rudaí céanna” arís.

“Chuir muid go leor fuinnimh isteach chun brú a chur ar an Rialtas an bille a fhoilsiú agus sa chomhthéacs srianta sin cuirim fáilte roimh an mBille. Ach agus is ‘ach mór’ atá i gceist agam, tá díomá orm go bhfuil sé chomh lag sin, tá sé níos laige ná na ceannteidil fiú.

“Is léir nár bhac siad leis na moltaí a rinne an Coiste [Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán], a bhfuil baill d’Fhine Gael air. Foilsíodh tuarascáil de chuid an choiste a raibh 16 de mholtaí ann mar gheall ar an mbille agus ní léir dom gur cuireadh aon cheann de na moltaí sin san áireamh i ndréachtú an bhille seo. Tá an éiginnteacht a bhaineann leis an easpa spriocdhátaí sa Bhille ina laige tromchúiseach, mar shampla.”

“Níl trácht ar bith ar an gCoimisinéir Teanga. Bhí sé molta againne go mbeadh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga le cinntiú go dtiocfadh leis monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an bhille.”

Tá an bille cáinte chomh maith ag Comhaontas Glas.

Dúirt urlabhraí Gaeilge an pháirtí sin, an comhairleoir contae Peter Kavanagh, gur fhág an easpa spriocama le príomhchuspóir an bhille – go mbeadh 20% d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí ina nGaeilgeoirí – nach mbeadh pobal na teanga “aon phioc níos fearr as” ná mar a bhí sular foilsíodh an bille.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfaidh an bille teanga nua ar ghlac an Rialtas an leis an tseachtain seo caite “difear mór don Ghaeilge agus do shaol na teanga sa tír seo”.

Faoin mbille, bunófar coiste comhairleach reachtúil nua a cheapfaidh plean náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge, plean arb é an mórchuspóir a bheidh leis go mbeadh Gaeilge ag 20% ar a laghad d’fhostaithe na státseirbhíse uair éigin amach anseo, nó ‘a luaithe is indéanta’.

Liostóidh an coiste cad iad, dar leo, na seirbhísí ba chóir a bheith ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil agus molfaidh siad straitéisí a d’fhéadfadh comhlachtaí poiblí a úsáid chun seirbhísí Gaeilge a sholáthar.

Cuirfidh an coiste comhairle ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir le líon, grád agus líofacht na mball foirne a theastódh uathu. Deirtear gurb é an cuspóir a bheidh ag an gcoiste ná cur le líon na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus go mbeidh “aird” go háirithe acu ar an nGaeltacht san obair sin.

Deirtear sa bhille chomh maith go dtabharfar isteach córas nua bunaithe ar chaighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. Leagtar síos sna scéimeanna teanga na seirbhísí a bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí iad a chur ar fáil i nGaeilge.

An easpa spriocama i dtaobh mhórchuspóir earcaíochta 20% an bhille is mó atá ag cothú cainte ó dheimhnigh Seán Kyne an tseachtain seo nach mbeadh a leithéid ann.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur “tús dearfach” le “próiseas fadtéarmach” a bhí sa bhille agus gur “ré nua don Ghaeilge é freisin”.

Tá ráite cheana ag an gCoimisinéir Teanga gur “údar imní” na heasnaimh, dar leis, atá ar an mbille, go háirithe i leith na Gaeltachta.

Fágann seasamh an fhreasúra agus baill  choiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfar an bille a leasú i dTithe an Oireachtais chun, mar shampla, go mbeidh spriocam luaite leis an bplean earcaíochta, leasú a dhealraíonn sé atá curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta agus a chomhghleacaithe rialtais.

Meastar go bhfágfadh easaontas dá leithéid idir an rialtas agus an freasúra go gcuirfí moill le haistear an bhille trí Thithe an Oireachtais agus gur ar éigean a bheadh sé achtaithe roimh an olltoghchán atáthar ag súil leis an bhliain seo chugainn.

Níos mó