Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-agoid-mhor-rothaiochta-i-mbaile-atha-cliath-ag-an-deireadh-seachtaine

Agóid mhór rothaíochta i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Beidh agóid mhór rothaíochta ar siúl an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath agus pobal rothaíochta na cathrach ag éileamh ar an gComhairle Cathrach Raon Rothar na Life a fhorbairt a luaithe agus is féidir. 

Beidh an agóid ar siúl Dé Domhnaigh i gceartlár na cathrach, ar an mbealach atá molta don raon nua rothar. Is iad Feachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath atá ag eagrú na hagóide ag súil acu go dtiocfaidh na céadta rothaithe amach le tacú leis an éileamh. 

Moladh go dtógfaí an raon rothar chomh fada siar le 2011, bealach sábháilte rothaíochta a cheanglódh Stáisiún Heuston in iarthar na cathrach le hÍosta na Rinne i gceantar na ndugaí. Níor tógadh go fóill é mar gheall ar fhadhbanna pleanála, dearaidh agus gearáin ó úinéirí carrchlós sa chathair.

Tá Feachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath ag iarraidh go n-osclófaí an raon rothar ar bhonn triallach a luaithe agus is féidir le go bhféadfaí an t-éileamh a bheadh ar a leithéid a thomhais agus an tionchar a d’imreodh sé ar chúrsaí tráchta agus sábháilteachta sa chathair. 

Reáchtáladh próiseas comhairliúcháin an samhradh seo caite ach is é an dáta is luaithe atá á lua leis an togra ná 2024. Deir lucht an fheachtais go bhfuil an dáta sin ródhéanach ar fad. 

“Léireodh an triail seo ar bhruach na Life an t-éileamh mór ar bhealach sábháilte rothaíochta atá scartha amach ó charranna cois na habhann. Tá a leithéid de trialacha beaga déanta cheana féin ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath trína rannóg DCC Beta, agus is dóigh liom go bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh ar bhealach níos mó le triail éifeachtach de Raon Rothar na Life a chruthú,” a dúirt cathaoirleach Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath, Kevin Baker. 

Beidh an raon rothar faoi chaibidil ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Cathrach agus tá ráite ag roinnt oifigeach sa chomhairle go bhfuil siad sásta súil a chaitheamh ar an moladh. Tá lucht an fheachtais ag súil go mbeidh cuid de na comhairleoirí féin amuigh le maidin Dé Domhnaigh. 

Cuirfear tús leis an agóid ag Cearnóg na Canála Móire ag 11.00 Dé Domhnaigh. Rothóidh lucht na hagóide timpeall chéibheacha na Life agus críochnófar ag an gCearnóg arís.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag rothaíocht go rialta sa chathair páirt a ghlacadh ann chomh maith le daoine nach mbíonn á dhéanamh ach ar mhaith leo amach anseo dá mbeadh tacaíocht níos mó ann do rothaithe na cathrach. 

Níos mó