Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cuig-mholadh-do-leabhra-feabhra

Cúig mholadh do Leabhra Feabhra

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Sé bliana ó shin chuir grúpa cainteoirí Gaeilge ar an gcoigríoch tús le traidisiún nua do na Gaeil – Leabhra Feabhra. An sprioc atá leis an traidisiún ná daoine a spreagadh leabhair Ghaeilge a thabhairt dá chéile ar Lá Fhéile Bríde, an 1 Feabhra. 

Bíonn féilte mar í ar siúl i dtíortha eile chomh maith, i dTír na mBascach agus sa Chatalóin go háirithe, le cainteoirí na dteangacha dúchais sna tíortha sin a spreagadh dul i mbun léitheoireachta.

Seo daoibh cúig mholadh ó fhoireann NÓS d’fhéile na bliana seo.


Bealach na Spáinneach, Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, €15)

Seo an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, sa tsraith ina leantar an Gaillmheach óg Lúcás Ó Briain trasna na hEorpa i ndiaidh Imeacht na nIarlaí agus litir thábhachtach aige le tabhairt d’Aodh Mór Ó Néill sa Róimh. Ní mór an dá leabhar eile sa tsraith, An Litir agus I dTír Strainséartha, a bheith léite ag duine sula dtugtar faoin mórleabhar seo, mar sin déan cinnte go bhfuil siad léite ag do chara nó beidh ort trí leabhar a bhronnadh i mbliana! Tá an leabhar seo lán aicsin, eachtraíochta agus teannais agus Lúcás ar a dhícheall éalú ó spiairí na Sasanach, meon na mban a thuiscint, agus an obair mhór atá ar bun aige a thabhairt chun críche.

An Diabhal Déanta, Joe Steve Ó Neachtain (Cló Iar-Chonnacht, €12)

Faraor géar, cailleadh Joe Steve Ó Neachtain, laoch mór Chois Fharraige, níos luaithe an mhí seo. Mura bhfuil leabhar dá chuid léite ag do chara go fóill, molaimid go mór é sin a chur ina cheart agus aon cheann de na leabhair a scríobh sé a bhronnadh ar Lá Fhéile Bríde. Foilsíodh an bailiúchán seo gearrscéalta, An Diabhal Déanta, a foilsíodh an bhliain seo caite. Thosaigh Joe Steve ag scríobh in 1969 agus bhí sé ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge ba bhisiúla amuigh. Sa chnuasach seo scéalta caitheann sé súil ghéar ar shaol an bhaile bhig tuaithe in Éirinn agus téamaí fairsinge ar nós an grá, an bochtanas agus an saol nua-aimseartha á gcíoradh aige ann.

An Capall agus a Ghiolla, CS Lewis/Antain Mac Lochlainn (An Gúm, €12)

Seo an dara leabhar sa tsraith Croinicí Nairnia, a foilsíodh i mBéarla den chéad uair in 1954. Tá an chéad leabhar sa tsraith An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh curtha i nGaeilge ag Antain Mac Lochlainn freisin. Ríomhtar scéal an chapaill Brí agus a ghiolla Seasta, a d’éalaigh ó saol an sclábhaí i gCalairméine agus a d’imigh ó thuaidh go Nairnia. Cé go bhfuil an scéal áirithe seo lonnaithe sa domhan céanna ina bhfuil Clann Pevensie, níl ról mór ag laochra An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh ann. Is bronntanas maith a bhíonn sna aistriúcháin do dhaoine nach bhfuil chomh compordach sin ag léamh i nGaeilge, cé go dtaitneodh an leagan gleoite seo le cainteoirí cumasach Gaeilge chomh maith!

Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí, Simon Ó Cróinín (Cló Iar-Chonnacht €15)

Cuntas ar iarrachtaí triúr fear i gContae na Mí beacha dúchasacha na hÉireann a bhainistiú, na seifteanna ar éirigh leo mar aon leis na cinn nár éirigh, agus ar na bealaí is fearr chun stoc a bhainistiú. Tá aithne mhaith ag roinnt Nósadóirí ar Simon agus a chuid beach ó a bheith ag freastal ar Fhéile na Gealaí i nGaeltacht na Mí. Má casadh ort é i Ráth Chairn agus fonn ort níos mó a fhoghlaim faoin mbeachaireacht in Éirinn gheobhaidh tú a bhfuil uait sa leabhar seo. Cuirfear an-spéis freisin sa chaibidil ina gcuirtear síos go beacht ar dhéantús an dí meala a luaití go minic le mainistreacha na hÉireann fadó — an mheá. Ceann maith don Ghael Glas is gaire duit!

An Eala Órga, Gabriel Rosenstock (An Gúm €9)

Tá sé an-tábhacht dea-nós léitheoireachta a chothú san aos óg! Molaimid mar sin an deis a thapú le Leabhra Feabhra agus leabhar deas Gaeilge a bhronnadh ar dhuine an-óg. Bailiúchán scéalta béaloidis atá sa leabhar seo ó Gabriel Rosenstock, a chuir Gaeilge ar scéalta dúchais na hIndia. Tá sé mar chuid den tsraith a thosaigh le Óró na Circíní agus scéalta eile ón Afraic. 

Níos mó