Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Rún na hAthbhliana uait? Cad é faoin ‘taisteal mall’?

| Dáithí Anraí | ,

Michaeline Donnelly

Is breá linn ar fad a bheith ag taisteal – eispéireis úra a fháil, bualadh le daoine nua, muid féin a bhrú as ár gcompord, agus ar ndóigh na pictiúir agus na ‘is maith liomachaí’ ar Instagram!

Ach an bhfuil coimhlint ann idir an mhian seo le háiteanna nua a fheiceáil agus an dúil atá againn i gcúrsaí timpeallachta?

A bhuí le leithéidí David Attenborough, Extinction Rebellion agus Greta Thunberg, tá muid uilig níos airdeallaí ar an athrú aeráide agus ar an timpeallacht a chosaint. Tá a fhios againn mar sin go bhfuil eitiltí ar na rudaí is mó a chuireann le hathrú aeráide. Ar cheart dúinn sampla Greta a leanúint nuair a thug sí faoi iomramh trasna an Atlantaigh, agus éirí as an eitilt mar sin?

Tá mé iontach tugtha don choincheap ‘taisteal mall’. Is maith liom smaoineamh faoin phróiseas a mhoilliú síos, am a ghlacadh le dul áiteanna ar luas níos deise, na háiteanna sin a fheiceáil mar is ceart agus aithne a chur ar na daoine ann.

Le cúpla bliain anuas, tá macnamh déanta agam ar an eispéireas taistil. Thug mé cuairt ar chúpla áit ‘mór le rá’, atá ar liosta buicéid go leor daoine, agus ar liostaí d’áiteanna atá le feiceáil sula bhfaighidh tú bás. Áiteanna ar nós an Blue Lagoon san Íoslainn, Lòin nan Sìthichean ar an Oileán Sgitheanach, agus Angkor Wat sa Chambóid, agus áiteanna in Éirinn amhail Sí an Bhrú i gContae na Mí. Agus cé gur bhain mé an-sult as na háiteanna sin, bhí siad i gcónaí plodaithe le turasóirí ag cur íomhánna ar Insta, agus mhothaigh mé ciontach go raibh mé ag cur isteach ar dhaoine áitiúla, seachas blaiseadh a fháil d’fhíorchultúr na háite.

Cuireann sé go mór le m’eispéireas taistil féin má bhím in ann fanacht le daoine áitiúla, agus an áit a fheiceáil mar a fheiceann na daoine sin í. Cuireann sé leis an gheilleagar áitiúil seachas airgead a chur i bpócaí úinéirí ostán mór, faigheann tú blaiseadh ceart de shaol na ndaoine, is bíonn eispéireas uathúil is fíreanta agat, seachas an t-eispéireas céanna a bhí ag na mílte turasóirí eile romhat.

Tá feachtas tosaithe ag dream sa tSualainn darb ainm ‘We Stay on the Ground’, ina ngeallann daoine le héirí as an eitilt le bliain iomlan, nuair a shroiceann an feachtas 100,000 leantóir. Sílim gur chéim phraicticiúil é seo a théann i ngleic leis an chiontacht agus leis an imní faoi chúrsaí  timpeallachta nó an ‘eco-anxiety’.

Thriail mé féin an bád farantóireachta a fháil go hAlbain i rith an tsamhraidh seachas dul ar eitleán mar is iondúil. Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult as – d’éirigh liom éalú ón strus ag an aerfort, agus bhí achan rud i bhfad níos suaimhní, gan trácht ar an teorainn ar bhagáiste a sheachaint!

Sin ráite, is oileán beag muid, agus níl sé i gcónaí praiticiúil dul ar thraein nó ar bhád, go háirithe más turas fada atá ann. Tá cúpla cleas ann chun dochar na n-eitiltí a chúiteamh: fritháireamh carbóin, nó ‘carbon offsetting’, mar shampla. Leis sin cuidíonn na haerlínte le tionscadail timpeallachta ar nós crainn a chur agus tograí fuinnimh in-athnuaite.

Le roinnt aerlínte, EasyJet cuir i gcás, níl aon chostas ann leis an scéim, ach le Ryanair mar shampla, tá costas deonach €1 ar an scéim. Dar le hollamh amháin ó University College London, áfach, go bhfuil an scéim atá ag an aerlíne a mhaíonn gurb é an ceann is fearr in Eoraip maidir le carbóin, go bhfuil an scéim atá acu go hiomlán mí-éifeachtach.

Rud eile is féidir a dhéanamh, sula dtéann tú ar turas go fiú, ná úsáid a bhaint as ‘Ecosia’, ineall cuardaigh a thugann 80% dá bhrabús i dtreo crainn a chur.

Mar sin cé acu níos fearr den timpeallacht, aerlínte buiséid nó na haerlínte sóchais ar nós Etihad, Qantas srl?

Shíl mé féin go mbeadh na haerlínte buiséid níos measa ach cionn is go mbíonn níos mó daoine ar an eitleán (nuair nach bhfuil rannóg den chéad ghrád ann) agus go mbíonn na heitleáin níos úire agus níos fearr ó thaobh éifeachtúlacht breosla de, is cosúil go mbíonn leithéidí Ryanair agus Easyjet níos fearr.

Má bhíonn an rogha agat déan iarracht eiltilt a ghlacadh i rith an lae agus má bhíonn an deis agat riamh (ní bheidh agamsa), ná glac leis an uasgrádú go dtí an chéad ghrád ach an oiread – is ionann níos mó spáis agus níos mó breosla!

D’fhoghlaim mé le cúpla seachtain anuas fosta go bhfuil fad is fearr ann i gcás eitiltí agus a dtionchar ar an timpeallacht: 3,000 míle, nó eitilit 4/5 uair an chloig, mar gheall ar an chothromaíocht le breosla breise.

Mar sin seachain eitiltí uair an chloig, agus smaoinigh fosta faoi fhanacht níos faide in aon áit amháin, seachas ag léim ó áit go háit. Cé go gcuirfidh tú cúpla tic leis an liosta buicéid, ní dóigh liom féin go mbeidh an saibhreas céanna leis an eispéireas.

Mar sin, seachas bréag a insint dom féin go rachaidh mé chuig an gym cúig huaire sa tseachtain, go staonfaidh mé ón chúlchaint, nó go n-éireoidh mé ag a sé gach maidin, i mbliana tá sé ar intinn agam taisteal mall a thriail. Bíonn siúlach scéalach, agus le turais níos faide beidh níos mó scéalta ann, agus níos lú ciontachta!

Níos mó