Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-the-big-debate-–-nior-sineadh-einne-agus-is-beag-buille-ord-ar-inneoin-a-bhi-againn

The Big Debate – níor síneadh éinne agus is beag buille ord ar inneoin a bhí againn

The Big Debate: Varadkar v Martin a bhaist Virgin Media ar a gcéad gheábh isteach i ndíospóireachtaí an olltoghcháin. An é go rabhadar ag iarraidh lucht leanta na gcluichí comhraic a mhealladh agus an comhrac béil mar bhaoite acu? Nó an an léiriú é, in ainneoin an fhothragtha ar fad, gur comhrac idir Fianna Fáil is Fine Gael (agus ceannairí na bpáirtithe sin) atá san olltoghchán seo? Plus ça change, plus c’est la même chose agus an cúram sin ar fad.

Pé acu scéal é bhí na spallaí á gcaitheamh sular nocht Varadkar agus Martin na miotóga. Sinn Féin ag cnáimhseán gur iadh an doras orthu, rud a dhéanfaidh RTÉ arís ar an 4 Feabhra. Cad é bús acu faoi litreacha agus comhairle dlí. Beidh orthu a bheith sásta le comhraic i measc an tslua ar an Luan seo chugainn ar RTÉ agus ar Virgin ar an Déardaoin mar a mbeidh seachtar ceannairí in adharca a chéile.

Easpa tithíochta, aimhréidh an chórais sláinte, eiticí na polaitíochta agus cúrsaí coiriúlachta is pinsin. Bhí a fhios ag madraí an bhaile cad iad na hábhair a mbeadh na ceannairí ag speáráil fúthu.

Chaith an bheirt soncanna lena chéile ina ráitis chiotacha ag tosach an chláir agus vae linn ansin. Cé go raibh cad é geáitsíocht lámha, agus Pat Kenny mar réiteoir a bhí breá inn cúpla húc deasóige a chaitheamh, níor síneadh éinne agus is beag buille ord ar inneoin a bhí againn.

Ar an iomlán mheasas go raibh Martin níos mó ar a chompord agus go raibh an chuma ar Varadkar go minic go raibh conach ag teacht air.

Bhuail Varadkar clabhta ar Martin faoi bheith sotalach faoina thréimhse mar Aire Sláinte agus buille sna heasnaíocha ba ea an tslais gur ghabh Martin leithscéal cheana faoin gcliseadh eacnamaíochta. Caoineadh an deireadh a bhíonn ar thréimhsí oifigí Fhianna Fáil, dar le ceannaire Fhine Gael.

Bhuail Martin pléasc ar Varadkar faoi bheith mí-aibí agus ceann eile faoi chorrabhuais Dara Murphy. Bhuail sé hap ar go minic faoi ghothaí móra ach buillí beaga a bheith ag Fine Gael. Thug sé guala do Phat féin faoi stair Fhianna Fáil.

Cuireadh Varadkar bocht i bponc nuair a ceistíodh é faoi dhrugaí mídhleathacha a bheith tógtha aige agus b’ait liom an paiste beag cainte a dhein sé faoi gan a bheith chomh deisbhéalach lena chéile comhraic maidir lena chomhbhá a chur in iúl.

Bhí dhá fhocal Ghaeilge ag Varadkar mar thús lena chaint agus b’shin sin ó thaobh na Gaeilge. Ní bheinn ag súil lena mhalairt ó Kenny agus Virgin. An t-iontas a bheadh orm ná go mbeadh iontas orainn.

Ar shlí ba chogadh na mba maol a bhí ann óir go raibh comhaontú soláthair agus muiníne eatarthu le blianta beaga anuas agus go bhfuil ana-sheans ann go mbeidh siad ag brath ar a chéile arís. Faoi mar a dúirt Pat Kenny leis an mbeirt acu, ’sé an duine eile a ndara rogha do phost an Taoisigh.

Níos mó