Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-cluiche-idir-eirinn-agus-an-iodail-curtha-ar-athla

An cluiche idir Éirinn agus an Iodáil curtha ar athlá

Tá sé deimhnithe ag Cumann Rugbaí na hÉireann tráthnóna go bhfuil na cluichí rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil a bhí le n-imirt an mhí seo chugainn curtha ar athlá.

Bhí cluiche na bhfear i gCraobh na Sé Náisiún le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 7 Márta ach dúirt an tAire Sláinte Simon Harris aréir gur cheart an cluiche a chur siar mar gheall ar an gcoróinvíreas.

Chas ionadaithe ón IRFU leis an Aire Harris inniu chun an scéal a phlé agus beartaíodh an cluiche a chur siar, chomh maith leis na cluichí idir Éirinn agus an Iodáil a bhí le bheith ann an deireadh seachtaine céanna i gcraobh na mban agus sa chraobh faoi 20.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an IRFU Philip Browne go raibh súil aige go mbeadh an IRFU in ann na cluichí a chur ar siúl uair éigin eile agus dúirt sé go mbeadh níos mó eolais faoin scéal acu faoi cheann cúpla lá.

Tá 12 duine básaithe leis an ngalar faoin tráth seo i dtuaisceart na hIodáile agus táthar tagtha ar bhreis is 370 cás den choróinvíreas sa cheantar sin.

Tástáladh nócha duine in Éirinn go dtí seo a raibh amhras ann go raibh an galar tolgtha acu ach níorbh amhlaidh a bhí i gcás aon duine acu.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu go mbeifí ag cur go mór le líon na ndaoine a ndéanfar tástáil orthu.

Rinneadh an socrú i dtaobh an chluiche mar chuid den athbhreithniú atá a dhéanamh ar ullmhúcháin na hÉireann don ghalar Covid-19 agus dlús á chur faoin obair réamhullmhúcháin.

Tá ráite ag an WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, go bhfuil níos mó cásanna nua den choróinvíreas anois lasmuigh den tSín ná mar atá cásanna nua sa tSín, an tír inar thosaigh an galar ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt Ard-Stiúrthóir an WHO, Dr Tedros Adhanom Ghebreyesus: 

Inné, den chéad uair, bhí líon na gcásanna nua a tuairiscíodh lasmuigh den tSín níos airde ná líon na gcásanna a tuairiscíodh laistigh den tSín.

Is údar mór imní an fás tobann ar líon na gcásanna san Iodáil, i bPoblacht Ioslamach na hIaráine agus i bPoblacht na Cóiré. Tá cásanna dearbhaithe anois i mBairéin, san Iaráic, sa Chuáit agus in Óman, cásanna a bhfuil nasc acu leis an Iaráin. Tá cásanna eile san Ailgéir, san Ostair, sa Chróit, sa Ghearmáin, sa Spáinn agus san Eilvéis, cásanna a bhfuil ceangal acu leis an Iodáil.” 

Sna figiúirí is deireanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, maítear go bhfuil os cionn 80,000 cás den ghalar dearbhaithe agus os cionn

2,700 duine básaithe.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris tráthnóna inné go raibh seans maith ann go dtiocfaí ar chás den ghalar anseo sna laethanta amach romhainn.

Fógraíodh níos túisce inniu go rabhthas tagtha ar an gcéad chás den víreas i Meiriceá Theas, sa Bhrasaíl.

Níos mó