Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-dilseoir-jamie-bryson-iompaithe-ar-an-ngaeilge-‘chun-freagra-nios-sciobtha-a-fhail-on-dup’

An dílseoir Jamie Bryson iompaithe ar an nGaeilge ‘chun freagra níos sciobtha a fháil ón DUP’

| Tuairisc.ie |

Tá an dílseoir agus blagadóir aitheanta Jamie Bryson iompaithe ar an nGaeilge chun, a deir sé, ‘aird’ an DUP a fháil.

Scríobh Bryson, i mBéarla agus i nGaeilge, go dtí príomhfheidhmeannach an DUP ag iarraidh air a bheith ina fhinné ar son na cosanta sa gcás dlí ina bhfuil Bryson sáite maidir le comhcheilg a bhain le NAMA.

Dúirt sé gur cheap sé gur cheart dó an comhfhreagras a fháil aistrithe go Gaeilge ó tharla an DUP a bheith “chomh díograiseach faoin nGaeilge agus cosaintí reachtúla” a bhí ag teacht “le spiorad an New Decade, New Approach“.

Bhí cás Bryson os comhair Chúirt Dúiche Bhéal Feirste inné, mar a socraíodh dáta d’éisteacht a chás go gcuirfí stop leis na himeachtaí cúirte ina choinne.

Thug Bryson, duine de na daoine is binbí i gcoinne na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh, míniú chomh maith ar na meáin shóisialta ar a chinneadh iompú ar an teanga.

“Cheap mé dá n-aistreoinn an comhfhreagras go Gaeilge don DUP go bhfreagróidís níos gasta mé ó tharla an cion atá acu ar an nGaeilge le déanaí,” a dúirt sé agus a theanga ina leathbhéal aige.

Ina chomhfhreagras dátheangach, d’iarr Bryson ar Timothy Johnston, príomhfheidhmeannach an DUP, a chur in iúl dó taobh istigh de choicís an mbeadh sé sásta freastal ar an gcúirt mar fhinné ar son na cosanta dá dheoin féin.

Sa chás nach mbeadh sé sásta sin a dhéanamh, dúirt an tUasal Bryson nach mbeadh “an dara rogha” aige ach toghairm a eisiúint chun “iallach a chur air freastal ar an gcúirt mar fhinné”.

Dhiúltaigh an DUP aon rud a rá faoi bheart an dílseora.

Tá Bryson ag lorg chomh maith aon ríomhphoist a bhaineann le NAMA agus aon “chumarsáid leictreonach” eile. Tá sé ráite aige le príomhfheidhmeannach an DUP go bhféadfadh sé ordú faisnéisithe tríú páirtí a lorg sa chúirt chun aon ábhar dá leithéid a fháil.

Tá Jamie Bryson cúisithe i gcomhcheilg chun mí-iompar in oifig phoiblí a dhéanamh, é féin agus beirt eile, an t-iarChomhalta den Tionól Reachtach de chuid Shinn Féin, Daithí McKay, agus ball den pháirtí sin, Thomas O’Hara.

Bhí sé os comhair cúirte inné, tráth a socróidh an Breitheamh Fiona Bagnall dáta don éisteacht a shocróidh a chimiú.

Tá Bryson á chosaint féin sa chás seo, cás a d’fhéadfadh a bheith an-chonspóideach.

Baineann na cúisimh le Bryson a bheith os comhair Choiste Airgeadais Stormont in 2015, coiste a raibh Daithí McKay ina chathaoirleach air agus a bhí ag fiosrú sócmhainní i dTuaisceart Éireann a dhíol NAMA le ciste infheistíochta as na Stáit Aontaithe. Chruthaigh rialtas na hÉireann NAMA, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní chun déileáil leis na hiasachtaí lofa a bhí ag iasachtóirí a tarrtháladh nuair a chlis cúrsaí eacnamaíochta go tobann.

Níos mó