Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buntaiste-an-bhearla-do-mhuintir-na-heireann?-na-dean-talamh-slan-de…

Buntáiste an Bhéarla do mhuintir na hÉireann? Ná déan talamh slán de…

| Aonghus O hAlmhain |

Tá tuairisc ag Tony Connelly inniu ar suíomh RTÉ maidir leis an imní go mbeidh laghdófar ar thionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de bharr easpa feidhmeannach as Éirinn. Easpa scileanna teanga an deacracht is mó — bítear ag súil go mbeidh trí theanga ar a laghad ar a thoil ag feidhmeannach sinsir Eorpach.

Maítear go minic agus ceist na Gaeilge á plé gur buntáiste dúinn gur Béarla teanga na hÉireann anois. Léiríonn an scéal seo, arís eile, gur a mhalairt atá fíor.

Tá mise ag feidhmiú le 30 bliain san earnáil ríomhaireachta. Bhí mé tumtha sa Ghearmáinis ag tús mo shaoil ghairmiúil, ag obair agus ag maireachtáil in Berlin. Tar éis roinnt blianta fuair mé deis a bheith páirteach i dtogra idirnáisiúnta laistigh den mhórchomhlacht lena raibh mé fostaithe.

Go pointe, bhain an deis seo le Béarla a bheith agam — iarradh orm gluais theicniúil a chuir in eagar. Bhí difríochtaí idir an dóigh a raibh Sualannaigh, Eilvéisigh agus Gearmánaigh ag baint feidhm as an mBéarla — agus bhí na Meiriceánaigh sa chumasc freisin.

Níorbh fada áfach gur thuig mé nach gá gur buntáiste Béarla saibhir, ach a mhalairt. Rinne mé trácht ar fhóram plé an togra faoi “turgid prose” — cáipéis a bhraith mé a bheith rófhoclach agus deacair a léamh. Shíl na Sualannaigh go raibh mé ag spochadh as na hEilvéisigh, a bhí lonnaithe i mbaile Turgi ag an am. Tharla roinnt míthuiscint eile de bharr cora cainte agamsa go dtí gur thuig mé gur ghá iad a sheachaint agus mo chuid Béarla a mhaolú.

Tá canúint ar leith Béarla in úsáid san Eoraip — canúint ar dheacair a thuiscint murach teanga nó dhó eile a bheith ag duine.  Mar shampla, is gnáthúsáid “responsible” mar ainmfhocal – “an té atá freagrach”. Tagann sé seo le gnás na Fraincise is na Gearmáinise, ach tá sé as alt sa Bhéarla.

Le blianta anois tá mé ag obair do Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, ag déanamh léirmheasanna ar cháipéisí teicniúla ó thíortha trasna na hEorpa. As “Béarla”. Is minic áfach go mbeadh mearbhall ceart orm murach an t-eolas atá agam ar an Gearmáinis agus ar an bhFraincis. Bíonn na scríbhneoirí faoi anáil a dteangacha féin agus bíonn dul a dteanga ar an rud a scríobhann siad.

Tá níos mó i gceist le teanga, ar ndóigh, ná an chumarsáid lom. Tá cultúr fite fuaite le gach teanga. Deirtear go ndúirt Willy Brandt “If you are buying, I will speak English. But if you are selling, dann müssen Sie Deutsch sprechen (Tá sé d’fhiacha ort Gearmáinis a labhairt)”

Tá cúis mhaith leis sin — caithfidh tú comhbhá a bheith agat leis na daoine a bhfuil tú ag plé leo, agus gan tuiscint ar a meon, ní bheidh sin agat.

Tá sé riachtanach mar sin go gcuirfeadh muid feabhas ar fhoghlaim agus úsáid teangacha in Éirinn. Ní gá, mar is léir ó thaithí na Fionlainne, gur chun dochar na Gaeilge a bheadh sin ach a mhalairt glan. Feictear dom cheana féin gur minic teangacha eile ag lucht labhartha na Gaeilge. Tús maith leath na hoibre.

Níos mó