Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cinneadh-ar-bith-deanta-ag-fine-gael-maidir-le-comhrialtas-le-fianna-fail

Cinneadh ar bith déanta ag Fine Gael maidir le comhrialtas le Fianna Fáil

| Tuairisc.ie |

Níor cuireadh comhrialtas le Fianna Fáil as an áireamh ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael tráthnóna.

Chualathas ag an gcruinniú ráitis láidre i gcoinne comhrialtas a bhunú le Fianna Fáil, ach tuairiscítear gurb í tuairim na coitiantachta ann ná nár chóir aon ní a chur as an áireamh go fóill.

Tuairiscíodh go raibh an tAire Gnóthaí Tuaithe Michael Ring ina measc siúd a chuir i gcoinne comhrialtas le Fianna Fáil agus go ndúirt an Tánaiste Simon Coveney agus an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan nár chóir aon chinneadh ar bith a dhéanamh go fóill.

Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an bpáirtí ó buaileadh drochbhuille orthu san olltoghchán.

Is é an port a bhí ag an Taoiseach Leo Varadkar agus a pháirtí ó shin ná gurbh iadsan a bhí caillteach sa toghchán agus go raibh dualgas dá réir ar Shinn Féin agus ar Fhianna Fáil rialtas a bhunú.

Dúirt Varadkar go bhfuil Fine Gael ag prapáil chun dul isteach sa bhfreasúra agus go mbainfeadh sé “an-sásamh” as a bheith ina cheannaire ar an bhfreasúra.

Ach thug an Taoiseach le fios chomh maith gur rachfaí i rialtas sa chás “nach mbeadh an dara rogha ann” nó mar “bheart in am an éigin”.

Tá doicheall, áfach, ag roinnt mhaith daoine laistigh d’Fhine Gael roimh an gcaint faoi oll-chomhrialtas, mar a thugtar air, a bhunú in éineacht le Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.

De réir tuairiscí, tá daoine sinsearacha sa pháirtí, ag áireamh Richard Bruton, an tAire Cumarsáide, i gcoinne a leithéid de shocrú.

Chuir páirtí parlaiminte Fhianna Fáil comhrialtas le Sinn Féin as an áireamh an tseachtain seo caite ach thug siad a mbeannacht do chainteanna le páirtithe eile, gníomh a spreag go leor cainte faoi chomhrialtas le Fine Gael.

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív nach chun leas Fhianna Fáil a bheadh a leithéid agus go mbeadh sé féin “glan ina aghaidh”.

Pléifear an cheist anocht ag cruinniú de Chomhairle Dháilcheantair Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar.

Idir an dá linn, thug an Comhaontas Glas cuireadh do gach páirtí ar maidin teacht chun cruinnithe leo le plé a dhéanamh ar chúrsaí polasaí féachaint cad atá i bpáirt acu lena chéile agus cad iad na héagsúlachtaí atá eatarthu.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil seans ann i gcónaí go n-éireoidh le Sinn Féin rialtas de chuid na heite clé a bhunú.

Dúirt urlabhraí tithíochta an pháirtí Eoin Ó Broin Dé hAoine seo caite nach bhféadfadh Sinn Féin rialtas a bhunú d’uireasa Fhianna Fáil nó Fine Gael.

Tuairiscítear go bhfuil na Daonlathaigh Shóisialta chun bualadh leis an Taoiseach an tseachtain seo, cé go bhfuil ráite acu go mbeadh amhras orthu faoi dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Níos mó