Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘comhrialtas-le-fine-gael-an-rogha-ag-fianna-fail,-ach-ta-mise-ina-choinne-sin’-–-o-cuiv

‘Comhrialtas le Fine Gael an rogha ag Fianna Fáil, ach tá mise ina choinne sin’ – Ó Cuív

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag Éamon Ó Cuív gurb é atá beartaithe ag Fianna Fáil ná iarracht a dhéanamh dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus an Comhaontas Glas agus go bhfuil sé féin glan in aghaidh a leithéid de shocrú.

Chinn páirtí parlaiminte Fhianna Fáil inné nach rachfaí isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin ach go rachfaí chun cainte le gach páirtí eile.

Is é Ó Cuív an chéad pholaiteoir de chuid Fianna Fáil a bhfuil ráite aige go neamhbhalbh gurb ionann sin agus cinneadh a dhéanamh dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.

Dúirt sé an méid sin agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“An rud atá i gceist ag Fianna Fáil a dhéanamh, dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus na Glasaigh.  Má bhreathnaíonn tú ar na figiúirí, sin an t-aon rud a thabharfadh móramh duit… tá mise ina aghaidh sin, glan ina aghaidh sin, agus rinne mé sin soiléir ag an gcruinniú.

“Vótáil an pobal le haghaidh athruithe, dúirt muide nach raibh muid ag dul le Fine Gael, dúirt muid go raibh muid ar son athruithe, go raibh gá le hathrú rialtais.”

Dúirt Ó Cuív go mbeadh cruinniú ag Comhairle Dháilcheantar Ghaillimh Thiar d’Fhianna Fáil an tseachtain seo chugainn chun an cheist a phlé.

Tuairiscíodh roimhe seo nach raibh aon chur i gcoinne sheasamh cheannaire an pháirtí Micheál Martin ag cruinniú an lae inné ach dúirt Ó Cuív gur labhair sé i gcoinne cur chuige comhrialtais an pháirtí agus gur léiríodh tacaíocht dá thuairim.

“Bhí roinnt daoine.  Bhí mionlach taobh istigh den pháirtí parlaiminte míshuaimhneach faoin socrú seo  …  daoine suntasacha .”

Chuirfí aon socrú maidir le comhrialtas faoi bhráid Ard-Fheis an pháirtí, a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire nach mbeadh aon socrú soláthair agus muiníne eile idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

“Comhrialtas atá i gceist, níl sé i gceist ag Fine Gael soláthar agus muinín a dhéanamh le Fianna Fáil, agus níl sé i gceist ag Fianna Fáil soláthar agus muinín a dhéanamh le Fine Gael, ná bíodh aon dul amú ort,” arsa Éamon Ó Cuív ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Níos mó