Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gael-og-tofa-ina-huachtaran-ar-aontas-na-mac-leinn-qub

Gael Óg tofa ina huachtarán ar Aontas na Mac Léinn QUB

| Maitiu O Coimin |

Toghadh Grian Ní Dhaimhín, Gael óg as Tír Eoghain, ina huachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste inné. Beidh Grian, atá i mbun céime ar an Stair agus an Antraipeolaíocht faoi láthair, ina huachtarán ar an Aontas ar feadh bliana, ó mhí Iúil na bliana seo. 

Is iad an tithíocht, an mheabhairshláinte, an comhshaol agus an feachtas ar son comharthaí dátheangacha san ollscoil na clocha is mó ar phaidrín Ghréine agus í ag súil leis an mbliain atá amach roimpi. 

Tá sí ina mac léinn san ollscoil le cúig bliana anuas. Chuir sí tús le saol na hacadúlachta ar an gcúrsa Stair agus Polaitíocht agus bheartaigh sí dul leis an antraipeolaíocht tar éis bliana agus is chuige sin atá sí ag dul ó shin. 

Tá Grian ina gníomhaí ar son na mac léinn le cúpla bliain anuas, agus páirt ghníomhach glactha aici i bhfeachtais faoin tithíocht sna ceantair timpeall na hollscoile. Tá sí féin ina cónaí sa cheantar ar a dtugtar ‘The Holy Lands’, áit atá breac le mic léinn, agus deir sí nach bhfuil caighdeán na tithíochta sa cheantar thar mholadh beirte agus go mbíonn fadhbanna leanúnacha ann ag mic léinn le tiarnaí talún. 

“Níl gach teach sa cheantar maith go leor, agus ní bhíonn na tiarnaí talún ag tabhairt éarlaisí ar ais do na tionóntaí i gcónaí. Is minic nach mbíonn cúis mhaith leis sin, luaitear rudaí bómánta, nó rudaí mbaineann leis na mic léinn mar leithscéal gan éarlais a thabhairt ar ais. Táthar ann fosta a bhíonn ag cur táillí mídhleathacha ar dhaoine atá ag iarraidh teach a fháil ar cíos. 

“Chuaigh cara liom chun na cúirte maidir leis na táillí seo agus dúradh sa chúirt go raibh siad mídhleathach, ach táthar fós á ngearradh ar thionóntaí ar mic léinn iad. Níl an t-eolas ag na mic léinn faoina gcearta agus ba mhaith liom é sin a athrú,” a dúirt sí le NÓS. 

Tá an mheabhairshláinte an-tábhachtach do Ghrian freisin, agus imní uirthi faoin dochar a dhéanfaidh socruithe nua scrúdaithe do mhic léinn in Ollscoil na Ríona. Fuarthas réidh le scrúduithe na Nollag le deireanas, a mhínigh sí, rud a fhágann go mbíonn gach scrúdú le déanamh sa samhradh, nó go mbíonn spriocdhátaí don mheasúnacht leanúnach ag teacht sa mhullach ar a chéile roimh shaoire na nOllag. 

“Cuireann sé sin mic léinn faoi chuid mhór brú. Rinne Aontas na Mac Léinn suirbhé le déanaí agus fuarthas go mbíonn 78% de na mic léinn buartha faoina meabhairshláinte agus gurb é an brú mar gheall ar an staidéar agus na scrúduithe is cúis leis sin den chuid is mó. Ba mhaith liomsa na modhanna scrúduithe agus measúnachta a athrú, agus struchtúr acadúil na bliana a leasú fosta, le nach mbeidh tréimhse ann a bheidh na mic léinn faoi bhrú millteanach mór,” a dúirt sí. 

Tá Grian gníomhach ar son na Gaeilge san ollscoil freisin. Tá feachtas leanúnach ar bun an le tamall anuas ann comharthaí dátheangacha Gaeilge agus Béarla a chrochadh timpeall an champais, agus tá Grian agus a comhghleacaithe lárnach san fheachtas sin. 

“Bhí mé féin agus Aodhán Ó Baoill, Gael eile a sheas don uachtaránacht, bainteach leis an bhfeachtas Oifigeach Gaeilge a chruthú agus comharthaíocht dhátheangach a chrochadh. Is siombail an-mhór é go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach i saol an Aontais agus na hOllscoile gur éirigh chomh maith sin le beirt Ghael sa toghchán.

“Toghadh mise agus Katie Ní Chléire, atá ina hOifigeach Leasa. Tá beirt Ghaeilgeoirí ar an bhfoireann nua agus beidh muid ag brú níos mó an bhliain seo chugainn le haghaidh na gcomharthaí dátheangacha. Tá an feachtas an-láidir agus tá ag éirí go maith leis, ach is córas an-chasta é córas na hollscoile. Tá sé deacair aon athrú a chur i bhfeidhm, tá go leor maorlathais i gceist agus caithfear labhairt le coistí anseo agus ansiúd, agus achan uair a shocraítear spriocdháta cuirtear siar arís é,” a dúirt sí. 

Tiocfaidh Grian Ní Dhaimhín i gcomharbacht ar Connor Veighey mar uachtarán ar Aontas na Mac Léinn an samhradh seo. Is í Kate Ní Chéire a bheidh ina hOifigeach Leasa agus beidh Eimear Nic Cormaic ina hOifigeach Gaeilge. 

Níos mó