Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-leigheasfaidh-‘lana-amhain-eile’-fadhbanna-trachta-na-gaillimhe

Ní leigheasfaidh ‘lána amháin eile’ fadhbanna tráchta na Gaillimhe

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Bhí cruinniú mór ann an tseachtain seo i gcathair na Gaillimhe faoin gcuarbhóthar nua atá á phleanáil i láthair na huaire. Tá sé mar aidhm ag an mbóthar nua an trácht a phlúchann an chathair maidin agus oíche a tharraingt cúpla míle níos faide ón gcathair agus plúchadh na cathrach ‘a leigheas’. 

Tá an bóthar seo á phleanáil le fada fada an lá, agus é ina chnámh spairne agus údar imní ag go leor daoine atá i gcónaí sa gcathair féin, sna bruachbhailte, agus sna ceantracha tuaithe a shíneann siar go Gaeltacht na Gaillimhe, soir i dtreo Átha Luain agus go háiteacha eile nach iad. 

Ní féidir a shéanadh gurb í Gaillimh an chathair is measa trácht in Éirinn. Cé gur fhág mé mo theachín in Indreabhán dhá bhliain ó shin, téim siar go cathair na Gaillimhe agus go Conamara go mionmhinic, agus tá an scéal ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana. 

Ach ní leigheasfaidh “lána amháin eile” fadhbanna tráchta na Gaillimhe. Ar ndóigh, beidh níos mó ná lána amháin i gceist leis an mbóthar mór nua seo, ach cuireann an nath úd síos ar an meon gur féidir fadhbanna tráchta a chur ina gceart trí bhóithre nua a thógáil, nó lánaí nua a chur le bóithre atá ann cheana féin. Níl le déanamh ach súil a chaitheamh ar Ríocht na gCarr, Stáit Aontaithe Mheiriceá, le feiceáil nach n-oibríonn an cur chuige sin ar chor ar bith. 

Breathnaímis ar Los Angeles, mar shampla, mar a bhfuil na mílte mílte míle de bhóithre ann agus fadhbanna móra tráchta maidin agus oíche. Tá galar na gcarr tolgtha go tréan ní hamháin ag lucht na pleanála in Los Angeles ach ag muintir na cathrach freisin. Tá col aisteach acu leis an gcóras iompair poiblí agus ní fheiceann siad réiteach ar bith ar an plódú carr ach tuilleadh carr a chur ar bhóithre nua. 

Maidir le Gaillimh na gCuanta is na gCarr, seans go laghdófar an trácht ar feadh cúpla mí (nó seachtain) i bpríomhchathair Chonnacht má thógtar an bóthar nua seo ach ní fada go mbeifear ag éileamh leathnú bóthair, nó síneadh bóthair, nó, go deimhin, bóthar iomlán nua cúpla míle níos faide amach ón gcathair. 

Is gá breathnú ar bhealaí eile, atá níos saoire agus níos éifeachtaí, le fadhbanna tráchta na Gaillimhe a leigheas sula dtógtar aon bhóthar nua. Déarfainn féin nach bhfuil bóthar nua ag teastáil ar chor ar bith ach athrú iomlán ar chur chuige lucht na pleanála i leith na gceist agus athrú ar mheon na ndaoine i leith na tiomána. 

Tá tithe i nGaillimh atá i ngiorracht 100 méadar de shiopaí agus de sheirbhísí a úsáidtear cúpla uair sa lá, ach ní féidir an 100 méadar sin a shiúl go sábháilte ná go compordach den chuid is mó, agus is furasta a thuiscint do dhuine arbh fhearr leis turas 3-5km i gcarr a dhéanamh le buidéal bainne a cheannach ná 100m a shiúl thar chúig nó sé lána de thrácht. 

D’fhéadfadh Gaillimh a bheith ina heiseamláir do chathracha eile na tíre ach an fhís cheart a bheith ag lucht na pleanála agus feachtas maith feasachta do mhuintir na cathrach faoi na féidearthachtaí eile atá ann seachas bóthar a thógáil. 

Is gá cosáin shábháilte a thógáil, lánaí bus a chur isteach agus seirbhísí bus a chruthú dóibh, gréasán fada rothaíochta a thógáil a ghabhfadh chomh fada siar leis an Spidéal agus chomh fada ó thuaidh le Baile Chláir na Gaillimhe, agus rianta traenach a thógáil i dtreo Chonamara agus Thuama.

Is cur amú airgid a bheadh i mbóthar mór a thógáil, a chruthóidh níos mó fadhbanna ná mar a leigheasfaidh sé. Is gá breathnú ar fhorbairt na Gaillimhe go fadtéarmach agus go heolach ar a bhfuil i ndán don tír uilig ó thaobh cúrsaí iompair agus comhshaoil. 

Níos mó