Sean-Nós na Fearsaide 2020
Thuirling na sluaite ar Áras Mhic Reachtain thar an deireadh seachtaine chun scoth na tallainne a fheiceáil ó ghach cearn den tír ag an fhéile bhliaintúil Sean-Nós na Fearsaide.
Bhí an fhéile á seoladh go hoifigiúil ag Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail oíche Aoine sular chuala muid ó bhuaiteoirí an Oireachtais 2019, Máire Ní Choilm, Gearóidín Bhreathnach, Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill ina measc.
Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl idir taispeántais, comórtais agus oíche airnéail. Deireadh seachtaine beo bríomhar a bhí ann chun ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiúin an tSean-Nóis agus níl aon amhras ach go bhfuil an traidisiún ag dul ó neart go neart i gcathair Bhéal Feirste.