Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-na-morphairtithe-chun-cinn-i-laois-uibh-fhaili-ach-leahy-ag-suil-le-cath-na-neamhspleach-a-bhaint

TOGHCHÁN 2020: Na mórpháirtithe chun cinn i Laois-Uíbh Fhailí ach Leahy ag súil le cath na neamhspleách a bhaint

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Uíbh Fhailí agus Laois ar fad seachas póca thart ar Cúl an tSúdaire atá curtha le Cill Dara Theas

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Marcella Corcoran Kennedy (FG), Charlie Flanagan (FG), Barry Cowan (FF), Seán Fleming (FF), Carol Nolan (NS) agus Brian Stanley (SF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019 (an dá chontae curtha le chéile)

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 26.8 37
Fine Gael 33.8 24
Lucht Oibre 7.8 0
Sinn Féin 10.8 11
C Glas 0.4 2
Clé 0 0
Eile 20.4 27

Anailís: Cuireadh an dá dháilcheantar trí shuíochán, Laois agus Uíbh Fhailí, le chéile chun an dáilcheantar cúig shuíochán Laois-Uíbh Fhailí a athbhunú. Tá an seisear Teachtaí Dála a toghadh in 2016 ag seasamh arís, caillfidh duine amháin acu ar a laghad suíochán mar gheall ar an athrú.

Glactar leis go dtógfaidh Fianna Fáil dhá shuíochán –  Barry Cowen (FF) in Uíbh Fhailí agus Seán Fleming (FF) i Laois – agus  d’fhéadfadh an páirtí a bheith go láidir san iomaíocht don tríú ceann. Tá ceathrar iarrthóirí acu agus gan ach beirt ag Fine Gael, agus iad ag iarraidh an dá shuíochán a fuair siadsan in 2016 a choinneáil.  Is féidir le Charlie Flanagan (FG) ó Laois a bheith réasúnta cinnte dá shuíochán ach d’fhéadfadh go mbeadh troid roimh Marcella Corcoran Kennedy (FG) más léi an cúigiú suíochán a fháil.

Beidh sé sách deacair ar Carol Nolan (NS), ó Bhiorra, a suíochán a choinneáil. Toghadh í do Shinn Féin in 2016 ach d’fhág sí de bharr polasaí an pháirtí i dtaobh cheadú an ghinmhillte. Ní raibh aici ach 4,804 vóta céadrogha in 2016 ach fuair sí aistriú maith vótaí ó iarrthóirí eile, go speisialta ó John Leahy, a bhí ag seasamh do Renua.

Tá John Leahy (NS) imithe ó Renua, páirtí a raibh sé ina cheannaire air go dtí le gairid. Fuair sé 2,277 vóta i gceantar Bhiorra sna toghcháin áitiúla, an vóta ab airde sa chontae. Sa dara háit i mBiorra bhí Peter Ormond (FF) le 1,729 vóta, atá ina iarrthóir chomh maith sa toghchán seo.

Is as Port Laoise don Teachta Brian Stanley (SF) agus i Laois is mó atá tacaíocht Shinn Féin sa dáilcheantar seo. Ní bheidh sé éasca ag Stanley vótaí a fháil in Uíbh Fhailí. Fuair John Whelan 2,856 vóta do Pháirtí an Lucht Oibre in 2016 agus beidh Noel Touhy (LO) ag déanamh go maith má éiríonn leis an vóta sin a choinneáil. Má théann sciar maith dá vótaí aistrithe chuig Stanley (SF) ba cheart go gcinnteodh sin an suíochán do Shinn Féin.

Le trí shuíochán ag dul go Laois – Fleming (FF), Flanagan (FG) agus Stanley (SF) – luíonn sé le réasún go mbeidh an dá shuíochán in Uíbh Fhailí. Beidh ceann acu sin ag Barry Cowan (FF) agus beidh an cúigiú suíochán idir na hiarrthóirí seo a leanas as Uíbh Fhailí: Carol Nolan (NS), Marcella Corcoran Kennedy (FG), an Comhairleoir Peter Ormond (FF) agus an Comhairleoir John Leahy (NS).

John Leahy (NS) agus Carol Nolan (NS) an t-aon bheirt neamhspleách atá ag seasamh sa Dáilcheantar.  As ceantar Bhiorra, ar an teorann le Tiobraid Árann, an bheirt acu. Chun go mbeadh seans ag Carol Nolan (NS) an suíochán a choinneáil, bheadh uirthi fanacht chun cinn ar Leahy (NS) agus cuid mhaith dá vótaí aistrithe a fháil ach a ndíbreofaí é. Ach seans maith gur a mhalairt a tharlóidh agus go mbeidh Leahy (NS) ag súil le vótaí ó Carol Nolan (NS) len é a chur chun cinn ar Corcoran-Kennedy (FG) don chúigiú suíochán.

Tá sé ráite go bhfuil seans ar suíochán ag an gComhairleoir Pippa Hackett (CG) as Éadan Doire, ach má bhreathnaíonn tú go fuarchúiseach ar an toghcheantar ní léir go mbeidh sí san iomaíocht. Toghadh í ar Chomhairle Chontae Uíbh Fháilí Fáilí le 584 vóta agus beidh sí ag déanamh go maith má fhaigheann sí os cionn 2,500 vóta. Ba cheart go bhfaigheadh Stanley (SF) an chuid is mó dá cuid aistrithe.

Tá Stephen Tynan ag seasamh do Phobal Roimh Brabús, tá Noel O’Rourke ag seasamh do Renua agus tá an Comhairleoir Ken Smollen ag seasamh don Irish Democratic Party. Tá John Daly ina iarrthóir ag an National Party. Toghadh Ken Smollen (IDP) ar Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí don Tulach Mhór sna toghcháin áitiúla le 1,054 vóta agus toghadh Noel Touhy (LO) ar  Chomhairle Chontae Laoise do Phort Laoise le 1,041 vóta.

Tuar: Cowen (FF), Fleming (FF), Flanagan (FG), Stanley (SF) agus Leahy (NS)

Níos mó