Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-seans-ag-na-daonlathaigh-shoisialta-agus-na-glasaigh-i-mbaile-atha-cliath-lair

TOGHCHÁN 2020: Seans ag na Daonlathaigh Shóisialta agus na Glasaigh i mBaile Átha Cliath Láir

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Lár na cathrach ó thuaidh den Life chomh fada amach le Baile Phib, Drom Conrach, Glas Naíon, Cabra agus an Baile Bocht

Teachtaí Dála an 32ú Dáil ag seasamh: Paschal Donohue (FG) agus Mary Lou McDonald (SF). Maureen O’Sullivan (NS) ag seasamh siar 

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 10.6 17
Fine Gael 13.6 9
Lucht Oibre 8.8 12
Sinn Féin 24.4 12
Glas 2.7 14
Eile Clé 32.6 20
Eile 7.3 16

Anailís: Tá beirt a bhí ina dTeachtaí Dála sa 32ú Dáil ag seasamh agus ceithre shuíochán le líonadh. Is féidir a bheith réasúnta cinnte go mbeidh an chéad suíochán ag Mary Lou McDonald (SF) sa gcéad chomhaireamh agus go mbeidh slám maith vótaí le spáráil aici. Níl an dara hiarrthóir ag Sinn Féin agus Christy Burke (NS) agus Gary Gannon (DS) is mó a bheas ag tnúth cur lena stór nuair a dháilfear farasbarr McDonald. Beidh roinnt vótaí le dáileadh freisin ar Rita Harold (PrB) agus Eilís Ryan ó Pháirtí na nOibrithe chomh maith.

Seans maith go mbeidh ar an Aire Airgeadais Pascal Donohue (FG), fanacht go gcuirfear Deirdre Duffy (FG) as an áireamh sula mbeidh sé cinnte dá shuíochán,

Is dáilcheantar as an ngnáth é seo. Beagán os cionn leath de na daoine a chaith vóta ann in 2016, an dáilcheantar is lú ina vótáil daoine sa stát ar fad. Bíonn vóta mór ann ag iarrthóirí ón eite chlé. Agus Maureen O’Sullivan (NS) ag éirí as beidh deis ag Joe Costello (LO), Christy Burke (NS) nó Gary Gannon (DS) a suíochán fháil.

Bhí 317 vóta idir Maureen O’Sullivan (NS) agus Gary Gannon don tríú suíochán in 2016. Gheobhaidh Gannon (DS) aistriúchán maith ó iarrthóirí ar an eite chlé a bheas á gcur as an áireamh agus má bhíonn sé os cionn Joe Costello (LO) ba cheart go dtoghfaí é. 

Seo é an dáilcheantar ina mbíodh Bertie Ahern ina Theachta Dála ach ó d’éirigh sé as tá an chuma ar an scéal go bhfuil Fianna Fáil imithe i léig go mór ann. Mar sin féin, d’fhéadfadh Mary Fitzpatrick (FF) suíochán a fháil dóibh an uair seo. Sna toghcháin áitiúla fuair sí 3,218 vóta agus má éiríonn léi tógáil air sin ba cheart go mbeadh suíochán aici, cé go mbíonn deacrachtaí aici vótaí aistrithe a fháil. Sa toghchán deireanach bhí an tríú vóta ab airde sa dáilcheantar aici, 500 vóta níos mó ná mar a bhí ag Maureen O’Sullivan. Ach chuir O’Sullivan amach í san ochtú comhaireamh agus gan dóthain vótaí aistrithe ag dul i dtreo Fitzpatrick.

Mar sin, mura mbeidh vóta ard go maith ag bean Fhianna Fáil sa gcéad chomhaireamh d’fhéadfadh a báidín a bheith triomaithe ar an gcladach, mar a tharla in 2016. Ach éireoidh léi má thagann vótaí chuici mar chuidiú ó Deirdre Duffy (FG) via Pascal Donoghue (FG).

Tá an taoille tráite ar Pháirtí Lucht Oibre sa dáilcheantar seo. Dr réir na bpobalbhreitheanna níl an chuma ar an scéal go bhfuil mórán tacaíochta ag an bpáirtí i measc daoine ar ioncam íseal, i measc na n-aoisghrúpaí is óige nó i measc daoine atá ag brath ar íocaíochtaí leasa sóisialta ón státchiste. Ar an gcaoi sin tá an chuma ar an scéal nach mbeidh an seanfhondúir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Joe Costello (LO) san iomaíocht ag an deireadh.

Seo é an t-ochtú huair Christy Burke (NS) a bheith ar an bpáipéar ballóide sa dáilcheantar seo. Is iarbhall de Shinn Féin é, a chaith dhá thréimhse i bpríosún as ballraíocht san IRA ag tús na seachtóidí. Iar mhéara ar an gcathair é agus tá cáil air faoin obair a dhéanann sé i measc andúilithe drugaí i lár na cathrach. Fuair sé 1,105 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh. D’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht don cheathrú suíochán le Mary Fitzpatrick (FF) agus le Neasa Hourigan (CG) ón gComhaontas Glas. 

Ní féidir Neasa Hourigan (CG) a chur as an áireamh. Fuair sí 2,163 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh i gCabra –Glas Naíon. Sa gcuid eile den toghcheantar bhí Ciarán Cuffe (CG) ar bharr an chomhairimh le 1,386 vóta agus é chun cinn ar Christy Burke (NS). Má bhíonn Hourigan (CG) chun cinn ar Fitzpatrick (FF) agus Joe Costello (LO) ba cheart go mbeadh dóthain vótaí aistrithe aici uathu a thabharfadh a slán í.

Tá Brien Gillian (PrB) agus Rita Harold (PrB) ag seasamh don ghrúpa Neart le Chéile 0 Pobal Roimh Bhrabús. Tá Ian Noel Smyth ag seasamh d’Aontú agus tá Eilís Ryan ag seasamh do Pháirtí na nOibrithe.

Chomh maith le Christy Burke (NS), tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile  an – Patrick Clohessy (NS), Dolores Webster (NS), Sarah Louise Mulligan (NS) agus Sean O’ Leary (NS).

Tuar: McDonald (SF), Donohue (FG), Gannon (DS) agus Hourigan (CG)

Níos mó