Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-8-scannan-iontacha-eireannacha-ar-netflix-don-choraintin-mor

8 scannán iontacha Éireannacha ar Netflix don Choraintín Mór

| Eoin O Dubhghaill |

Bhuel. Tá ár gcac anois againn. Ar nós Elsa, Rapunzel, Jasmine agus Belle (wow, an iomarca) táimid ar fad ag tabhairt faoin scaradh sóisialta, sáinnithe inár gcuid tithe/caisleán go dtí go dtiocfadh prionsa le muid a shábháil —  nó ar a laghad go dtí go mbeidh an rud seo ar fad thart. 

Ach, a fhad is atá ár sochaí ag dul in olcas, is féidir linne dul i bhfeabhas trí chuile alt ar NÓS a léamh, Gaeilge a mhúineadh don mhadra nó téarmaí nua a fhoghlaim tú féin ar nós ‘scaradh sóisialta’. 

Nó is féidir linn dearmad a dhéanamh ar an gcraic sin ar fad agus an t-am a chaitheamh ag breathnú ar scannáin ar Netflix, rud atá i bhfad níos éasca! Tá liosta anseo de na scannáin a shílim féin a chuirfidh gliondar ar bhur gcroí, ionas gur féidir libh dearmad a dhéanamh ar an dystopia taobh amuigh. 

Ní chuirfidh mé scannáin ar an liosta seo ar nós The Quiet Place agus Contagion mar tuige sa diabhal a ndéanfadh aon duine é sin air féin, ach freisin agus mé ag obair ar an liosta, thug mé faoi deara gur scannáin Éireannacha a bhí ag seasamh amach dom arís agus arís eile. Mar sin, is liosta é seo den ocht scannán Éireannach is fearr ar Netflix, agus tacóidh muid le healaíontóirí Éireannach. 

Handsome Devil

B’fhéidir nach bhfuil aon rud nua i scéal an scannáin seo faoi bheirt dhéagóirí atá fíor-dhifriúil atá ar scoil le chéile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ach aireoidh tú níos fearr faoi chuile shórt atá tarlú faoi láthair i ndiaidh duit é a fheiceáil. Aisteoireacht láidir ón mbeirt óg Fionn O’Shea agus Nicholas Galitzine, agus cé go mbíonn mé siar is aniar faoi mo thuairim ar Andrew Scott, déanann sé sár jab anseo. 

Dublin Oldschool 

Céard is féidir liom a rá faoi Dublin Oldschool nach bhfuil ráite agam i mo léirmheas anseo? Tá an scannán seo iontach. Tá chuile shórt faoi iontach. An scannán Éireannach is fearr atá feicthe agam le fada, agus aisteoireacht agus script den chéad scoth ann. Sílim gurb é Emmet Kirwan duine de na haisteoirí Éireannacha is fearr atá ag obair faoi láthair. Mura mbreathnaíonn sibh ar aon scannán eile, déanaigí cinnte ar a laghad é seo a fheiceáil. 

Extraordinary

Ceann nach bhfaca mé ach le seachtain anuas, mar go raibh mé róghnóthach le dul ag breathnú air sa bpictiúrlann, agus tá aiféala orm anois mar bhí sé de cheart ag gach duine é seo a fheiceáil ar an scáileán mór. Scannán faoi bhean atá in ann labhairt leis na mairbh. Tá sé fíor-fíor-bharrúil, agus tá Maeve Higgins thar cionn. Lua speisialta freisin do Will Forte, atá iontach i ngach rud a dhéanann sé. 

I am Patrick

Ceann ar fhéach mé air ar Lá Fhéile Pádraig féin, scannán faisnéise faoi shaol Phádraig Naofa. Bhí mé i gcónaí tógtha le scéal Phádraig, agus déanann an scannán seo cur síos críochnúil agus suimiúil air. Agus le aisteoir Ghaelach Seán T. Ó Meallaigh i bpáirt Phádraig, cén chaoi bhféadfainn é a fhágáil ón liosta!

Siege of Jadotville

Scannán a tháinig amach cúpla bliain ó shin anois, ach má tá tú ag iarradh scannán le níos mó aicsin ann ná an chuid thuas, b’fhiú féachaint air seo. Tá an scéal sa teideal i ndáiríre, ach tá éifeachtaí maithe agus aisteoireacht mhaith ann, agus tarraingíonn sé isteach i ngruamacht na cogaíochta thú go paiteanta. 

The Young Offenders

Scannán le haicsean chomh maith, ach ní chomh dáiríre céanna le The Siege of Jadotville thuas. Scannán, nuair a chonaic mé é ag an am, a chuir gliondar ar mo chroí agus a líon mé le bród. Aisteoireacht láidir agus script fíor-bharrúil, le radhairc áille de shléibhte Chorcaí, beidh dearmad déanta agat ar do sheomra suí agus na scéalta dorcha faoin domhan mór gan mhoill.

The Breadwinner

Scannán álainn ó Cartoon Saloon anseo. Chonaic mé é nuair a eisíodh as Gaeilge é, ach bhí sé chomh héifeachtach céanna i mBéarla. Scannán faoi scéalta le scéalaíocht den scoth ann féin. Ceann le breathnú air maidin le tine a chur fút rud éigin cruthaitheach a dhéanamh le do lá.

Níos mó