![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-emoji-is-coitianta-agus-an-vireas-coronach-a-phle?-](/wp-content/themes/yootheme/cache/fb/an-emoji-is-coitianta-agus-an-vireas-coronach-a-phle-fbef8ab0.jpeg)
An emoji is coitianta agus an víreas corónach á phlé? 😂
Is é an emoji ‘deora áthais’ an emoji is mó úsáid ar na meáin shóisialta agus an víreas corónach á phlé. De réir anailís atá déanta ag Emojipedia, an suíomh a choinníonn cuntas ar úsáid na emoji ar líne, dhá emoji gáire –
agus ‘rolláil ar an urlár ag gáire’
– a bhíonn i mbéal an phobail agus an galar á phlé.
Rinne Emojipedia anailís ar 205,576 postáil ar na meáin shóisialta ar an 7 Márta agus an 8 Márta 2020. Bhí teangacha éagsúla in úsáid ag na daoine a phostáil na teachtaireachtaí, agus tagairt déanta acu i dtéacs na teachtaireachta do “Coronavirus” nó “Covid-19”.
D’eisigh Emojipedia liosta de na 15 emoji ba mhó a bhí i mbéal an phobail agus an víreas á phlé acu. Ar bharr an liosta bhí an dá emoji gáire, sa tríú háit bhí an ‘masc leighis’ , sa gceathrú háit bhí an ‘smaointeoir’
, agus sa gcúigiú háit bhí ‘an bhitheog’
.
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/03/Emojipedia-Coronavirus-Most-Popular-15-Emojis-1024x576.jpg)
B’fhéidir go gceapfaí gur aisteach an rud é go bhfuil an dá gháire ar bharr an liosta agus paindéim i gceist, ach deir Emojipedia go mbíonn an phéire sin ar bharr an liosta ó cheann ceann na bliana agus gurb iad na emoji is coitianta ar fad ar na meáin shóisialta. Thug Emojipedia trí mhíniú ar úsáid na siombailí áirithe seo:
1 Is beag difear atá idir an plé a dhéantar faoin víreas agus comhráite eile ar Twitter, agus bíonn na emoji gáire sa treis sna gnáthchomhráite sin ar aon chaoi.
2 Táthar ag magadh faoin nuacht faoin víreas agus ag déanamh a bheag de.
3 Meascán den dá rud thuas, nó cúiseanna eile.
Cuireadh na emoji a úsáideadh i bpostálacha inar luadh an víreas i gcomparáid le emoji a úsáideadh i bpostálacha eile le go mbeifí in ann a dhéanamh amach an raibh tionchar as cuimse ag an ngnáthéileamh a bhíonn ar na emoji gáire ar na torthaí.
Sna gnáthchomhráite sin bhí ‘deora áthais’ ar bharr an liosta arís, agus bhí ‘rolláil ar an urlár ag gáire’ sa seachtú háit — difear réasúnta beag.
Bhí méadú mór ar mhinicíocht ‘masc leighis’ agus ‘bitheog’ — chuaigh an masc suas 100 áit ar an liosta ó #103 go #3 agus chuaigh an bhitheog 133 áit ó #138 go #5. Bhí méadú mór ar emoji eile ar nós ‘bonnán dearg’ (+102 ó 113 go 11), ‘rabhadh’
(+110 ó 122 go 12) agus ‘bratach na hIodáile’
(+118 ó 131 go 13).
Aithníonn Emojipedia 12 ‘emoji tinnis/leighis’: ‘masc leighis’, ‘samhnas’
, ‘múisc’
, ‘sraoth’
, ‘teirmiméadar’
, ‘bindealán’
, ‘otharcharr’
, ‘piollaire’
, ‘snáthaid’
, ‘bitheog’
, ‘gallúnach’
, agus ‘spúinse’
.
Chuir siad grafaic le chéile faoi mhinicíocht na emoji sin i bpostálacha faoin víreas. Léirigh an anailís a rinneadh ar úsáid na emoji gur coitianta i bhfad an masc leighis agus an bhitheog i bpostálacha faoin víreas, agus go raibh na ceanna eile in úsáid le hábhair eile a phlé.
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/03/Emojipedia-Sample-of-Illnes-Tweets-Top-Coronavirus-Conversations-1024x576.jpg)