Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-emoji-is-coitianta-agus-an-vireas-coronach-a-phle?-

An emoji is coitianta agus an víreas corónach á phlé? 😂

| Maitiu O Coimin |

Is é an emoji ‘deora áthais’ 😂 an emoji is mó úsáid ar na meáin shóisialta agus an víreas corónach á phlé. De réir anailís atá déanta ag Emojipedia, an suíomh a choinníonn cuntas ar úsáid na emoji ar líne, dhá emoji gáire – 😂 agus ‘rolláil ar an urlár ag gáire’ 🤣 – a bhíonn i mbéal an phobail agus an galar á phlé. 

Rinne Emojipedia anailís ar 205,576 postáil ar na meáin shóisialta ar an 7 Márta agus an 8 Márta 2020. Bhí teangacha éagsúla in úsáid ag na daoine a phostáil na teachtaireachtaí, agus tagairt déanta acu i dtéacs na teachtaireachta do “Coronavirus” nó “Covid-19”. 

D’eisigh Emojipedia liosta de na 15 emoji ba mhó a bhí i mbéal an phobail agus an víreas á phlé acu. Ar bharr an liosta bhí an dá emoji gáire, sa tríú háit bhí an ‘masc leighis’ 😷, sa gceathrú háit bhí an ‘smaointeoir’ 🤔, agus sa gcúigiú háit bhí ‘an bhitheog’ 🦠.

B’fhéidir go gceapfaí gur aisteach an rud é go bhfuil an dá gháire ar bharr an liosta agus paindéim i gceist, ach deir Emojipedia go mbíonn an phéire sin ar bharr an liosta ó cheann ceann na bliana agus gurb iad na emoji is coitianta ar fad ar na meáin shóisialta. Thug Emojipedia trí mhíniú ar úsáid na siombailí áirithe seo:

1 Is beag difear atá idir an plé a dhéantar faoin víreas agus comhráite eile ar Twitter, agus bíonn na emoji gáire sa treis sna gnáthchomhráite sin ar aon chaoi.

2 Táthar ag magadh faoin nuacht faoin víreas agus ag déanamh a bheag de.

3 Meascán den dá rud thuas, nó cúiseanna eile. 

Cuireadh na emoji a úsáideadh i bpostálacha inar luadh an víreas i gcomparáid le emoji a úsáideadh i bpostálacha eile le go mbeifí in ann a dhéanamh amach an raibh tionchar as cuimse ag an ngnáthéileamh a bhíonn ar na emoji gáire ar na torthaí. 

Sna gnáthchomhráite sin bhí ‘deora áthais’ ar bharr an liosta arís, agus bhí ‘rolláil ar an urlár ag gáire’ sa seachtú háit — difear réasúnta beag. 

Bhí méadú mór ar mhinicíocht ‘masc leighis’ agus ‘bitheog’ — chuaigh an masc suas 100 áit ar an liosta ó #103 go #3 agus chuaigh an bhitheog 133 áit ó #138 go #5. Bhí méadú mór ar emoji eile ar nós ‘bonnán dearg’ 🚨(+102 ó 113 go 11), ‘rabhadh’ ⚠ (+110 ó 122 go 12) agus ‘bratach na hIodáile’ 🇮🇹 (+118 ó 131 go 13). 

Aithníonn Emojipedia 12 ‘emoji tinnis/leighis’: ‘masc leighis’😷, ‘samhnas’🤢, ‘múisc’🤮, ‘sraoth’🤧, ‘teirmiméadar’🤒, ‘bindealán’🤕, ‘otharcharr’🚑, ‘piollaire’💊, ‘snáthaid’💉, ‘bitheog’🦠, ‘gallúnach’🧼, agus ‘spúinse’🧽.

Chuir siad grafaic le chéile faoi mhinicíocht na emoji sin i bpostálacha faoin víreas. Léirigh an anailís a rinneadh ar úsáid na emoji gur coitianta i bhfad an masc leighis agus an bhitheog i bpostálacha faoin víreas, agus go raibh na ceanna eile in úsáid le hábhair eile a phlé.

Níos mó