Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim…

Ar Chúl an Albaim…

| Ben O Faolain |

Cén toradh a bheadh ann dá gcaithfeadh Vampire Weekend deireadh seachtaine ag jeaimáil le Animal Collective? Dá mbeadh The Beach Boys faoi gheasa ag ceol na stíle Krautrock, cén blas a bheadh ar a gcuid ceoil? 

Ceisteanna dá leithéidí sin, mheasfá, a bhí sa cheann ag an tríréad Ísiltíreach The Homesick (Jaap van der Velde, Erik Woudwijk agus Elias Elgersma) agus a ndara halbam, The Big Exercise, á thaifeadadh acu. 

Eisithe le déanaí ar cheirníní Sup Pop, nochtann The Big Exercise fuaim aclaí, uilleanach iar-phunc atá níos samhlaíche, stiúideo-bunaithe ná fuaim bheo a -n-albaim début (Youth Hunt, 2017).

“Cheannaigh mé Dolmen Music de chuid Meredith Monk agus sinn ar camchuairt san Eilvéis in 2018”, a deir dordóir an ghrúpa, Jaap. “Táim féin agus Elias dúghafa le ceol Monk ó shin, agus obair Joan La Barbara chomh maith, mar shampla, a d’úsáid teicnící a dhein síneadh ar nótaí gutha.”

Anuas air sin, bronnann eilimintí barócacha a sheinntear ar phianó, giotár fuaimiúil agus clairinéad fuinneamh meabhrach ach meidhreach ar amhráin The Big Exercise.

“Bhí na hamhráin seo á gcasadh beo againn le tamall,” a deir giotáraí an ghrúpa, Elias, “mar sin, don albam, theastaigh uainn díriú sa stiúideo ar fhorbairt na n-amhrán – a mhalairt de chúram agus ceol beo a chóiriú don stáitse.” 

Seo mar a chuir Elias, Jaap agus Erik síos do Ar Chúl An Albaim ar na sé phíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim The Big Exercise

Elias:

Laraaji – Hare Jaya Jaya Rama II (1984)

D’éistinn leis an albam Vision Songs de chuid Laraaji nach mór gach maidin a nuair bhínn ag taisteal ar an dtraein chun an stiúideo in Amsterdam ina dheineamar taifeadadh ar ár n-albam. Tá an píosa seo ar cheann de na hamhráin new-age is ansa liom. Tá sé álainn spioradálach, agus déanann sé leigheas ar an intinn. Thug mé liom mothúchán céanna na tarchéimnitheachta ag pointí áirithe le linn dom bheith i mbun an albaim a chumadh agus a thaifeadadh.

Harpers Bizarre – Snow (1967)

Amhrán álainn, taibhsiúil cumtha ag Randy Newman. Tugann sé go halltar éigin thú, ar nós finscéil. Amhránaíocht iontach, í deas ciúin canta cóngarach don mhicreafón.

Jaap: White Noise – Your Hidden Dreams (1969)

Ceann de na ceirníní is gaire de mo chroí. Mealltach, osnádúrtha, aisteach. Is breá liom an fheidhm a bhain siad as teicnící an cheoil leictreonaigh (ionrabháil téipe, sintéis) i gcóiriú na n-amhrán. Seans go raibh tionchar ag roinnt de na heilimintí úd ar stíl léirithe ár n-albaim féin.

Scott Walker – Big Louise (1969)

Chuir ceol Scott Walker réimsí nua ceoil ar mo shúile dom. Chuir sé ag smaoineamh mé ar na rólanna atá ag gléasanna áirithe agus atá ag sraitheanna fuaime sa cheol. Measaim gur éirigh linn domhan nua a chruthú sa stiúideo i gcás roinnt de na rianta ar an albam úr, domhan a thugann cúl leis an bhfuaim bheo a bhíodh againn cheana. Ag cóiriú agus ag léiriú ceoil i slí a bheireann ár mothúcháin ar bhealach úr.

Michael Rother – Karussell (1977)

Ní féidir liom smaoineamh ar rud ar bith a bhfuil fuaim iar-Eorpach níos láidre air ná albam aonair Michael Rother óna seachtóidí. Seo an an ceol Eorpach is neodraí a deineadh riamh, déarfainn, fiú agus albaim Rother i dteannta Neu! agus albaim Kraftwerk, san áireamh.

Erik:

Deutsch Amerikanische Freundschaft – Als Wärs Das Letzte Mal

Tá ceol Deutsch Amerikanische Freundschaft simplí, ar shlí, ach dinimiciúil ag an am céanna. Tá rudaí an-speisialta le sonrú ina gcuid ceoil, na roghanna spéisiúla a déantar. Táim an-tógtha leis na rudaí seo ar fad.

Is amhrán an-díreach agus meicniúil é an ceann seo, ach is dóigh liom go bhfuil aicinn dheasa ann. 

Is breá liom an tslí a chuireann Deutsch Amerikanische Freundschaft iad féin i láthair – níl aon údar lena stíl, táid tar éis a slí féin chun ceol a dhéanamh a chruthú as an nua. Measaim gur rud iontach agus an-tábhachtach é go mbeadh daoine in ann ceol a dhéanamh a mbealach féin gan aon srian a bheith orthu. 

Éist le seinnliosta Spotify The Homesick do Ar Chúl an Cheirnín anseo

The Big Exercise le fáil anois ar cheirníní Sub Pop.

Níos mó