‘Scoil teilifíse’ do Ghaeilgeoirí óga á plé ag TG4
Tá “roghanna” éagsúla maidir le ‘scoil sa mbaile’ a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga á bplé ag TG4 faoi láthair.
Dúirt urlabhraí nach raibh cinneadh déanta go fóill maidir le cén múnla a bheadh ann ach go rabhthas ag súil le tús a chur leis an tseirbhís nua i ndiaidh na Cásca.
Tá RTÉ le tús a chur le craoladh uair an chloig de “scoil teilifíse” do dhaltaí bunscoile an tseachtain seo chugainn. Tá geallta acu go mbeidh “neart Gaeilge” ar an gclár uair an chloig a bheidh ar siúl ó Luan go hAoine ag 11am. Tá an comhlacht léiriúcháin Macalla ag feáchaint i ndiaidh na Gaeilge do RTÉ agus físeán Gaeilge á lorg acu ó pháistí don chlár nua Home School Hub.
Idir an dá linn, dúirt urlabhraí TG4 go raibh “réimse mór ábhar oideachais agus siamsaíochta” ar fáil ag Cúla4.com agus ar aip Cúla4, mar a bhfuil teacht ar chláir amhail Is Eolaí Mé, An Siopa Ealaíona, Ár Scéal, Peg + Cat agus Is Mise. Tá neart ábhar eile ar sheinnliostaí Youtube Cúla4, leithéidí Scéal an Lae, CIC [scileanna sacair] Déan Féin É, Damhsa agus Minecraft.
Tá ábhar do dhaltaí iarbhunscoile ar www.TG4 Foghlaim.ie.
Na comhlachtaí Gaeltachta atá ag soláthar earraí don ghéarchéim
Agus an tír agus an domhan go léir ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair de bharr an choróinvíris, tá lucht gnó na Gaeltachta ag seasamh an fhóid agus iad ag cur táirgí ar fáil a chabhróidh leis an bpobal.
Mar a luamar anseo cheana tá drioglann Mhicil agus drioglann an Daingin iompaithe ar dhéantús an díghalráin lámh agus iad ag súil go mbeidh sé ar fáil go luath.
Tá comhlacht Gaeltachta eile a bhíonn ag plé le deochanna alcólacha ag déanamh a ndíchill teacht i gcabhair ar an bpobal agus ar na seirbhísí sláinte chomh maith.
Tá sé fógartha ag grúdlann 9 Fia Bhán, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne, go bhfuil siad ag cur díghalrán dromchla ar fáil saor in aisce. Is féidir an díghalrán a úsáid chun cuntair, murláin láimhe, ráillí láimhe agus a leithéidí a ghlanadh. Ní gá don phobal ach a mbuidéal féin a thabhairt chun na grúdlainne agus líonfar é dóibh.
Tá úinéirí na grúdlainne, Gordon Lucey agus Don O’Leary, sásta soláthar níos mó a thairiscint do na seirbhísí sláinte nó do chúramóirí má théann siad i dteagmháil leo.
Tá dhá chomhlacht eile a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe ag díol táirgí chomh maith. Tá Bia Farraige Árann, atá lonnaithe i gCill Rónáin in Inis Mór, agus Lilly’s Eco Clean, atá lonnaithe i gCarna ag soláthar don ghéarchéim freisin.
Díoladh amach an díghalrán lámh a bhí déanta ag Bia Farraige Árann, ach deir siad go bhfuil súil acu go mbeidh tuilleadh ar fáil acu go luath.
Tá earraí ar fáil chomh maith ó Lilly’s Eco Clean. Bhí ar an gcomhlacht an siopa a bhí acu i mBaile Átha Cliath a dhúnadh de bharr phaindéim Cóivid-19 ach tá na táillí seachadta ar a suíomh idirlín laghdaithe acu i láthair na huaire ar mhaithe le cuidiú a thabhairt in am seo na práinne.