Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-colaisti-samhraidh-gaeltachta-‘dochasach’-nach-gcuirfidh-an-coroinvireas-as-doibh

Coláistí samhraidh Gaeltachta ‘dóchasach’ nach gcuirfidh an coróinvíreas as dóibh

| Meabh Ni Thuathalain |

Tá treoir faighte ag na coláistí samhraidh Gaeltachta ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta gur chóir leanúint ar aghaidh leis na hullmhúcháin do na cúrsaí Gaeilge atá beartaithe acu i mbliana.

Sa litir faoi “imeachtaí ollmhóra a reáchtáil i gcomhthéacs Covid-19” a chuir Roinn na Gaeltachta chuig CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, deirtear “gurb í an chomhairle faoi láthair ná go leanfar ar aghaidh le reáchtáil imeachtaí” ach amháin sa chás go mbeadh “cúinsí eisceachtúla” ann.

Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte a leagfaidh síos an treoir maidir leis na “cúinsí eisceachtúla” a deirtear sa litir,

Deirtear sa litir go bhfuil sé “tábhachtach go leanfaí comhairle na n-údarás sláinte i gcónaí” i gcás an chóróinvíris agus go mbeidh eolas á chur ar aghaidh chuig eagraíochtaí “de réir mar is féidir má thagann aon fhorbairt ar an scéal”.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Maria Nic Dhonncha, Feidhmeannach Forbartha CONCOS, go raibh siad “dóchasach” go mbeadh na cúrsaí samhraidh á reáchtáil mar is gnáth i mbliana.

“Tá muid dóchasach ag an bpointe seo go mbeidh an coróinvíreas glanta roimh an samhradh mar ba rud uafásach a bheadh ann do thioncscal na gcoláistí samhraidh ina iomláine mura mbeadh.

“Tá muid dóchasach nach dtiocfaidh an oiread cásanna chun tosaigh go mbeidh orainn rudaí a chur ar ceal. Tá treoir faighte againn ó Fheidhmeannacht na Seibhíse Sláinte leanúint ar aghaidh mar is gnáth.”

Dúirt Nic Dhonncha nach raibh aon chomhairle faighte ag an eagraíocht go fóill maidir le cúrsaí na Cásca a reáchtáil, na cúrsaí d’ábhar oidí.

“Tá muid ag faire an scéil maidir le reáchtáil chúrsaí na Cásca. Caithfidh muid fanacht go bhfeicfimid cad a tharlóidh. Ar nós chuile eagraíocht, agus ar nós chuile dhream eile, tá muid ag faire ar céard a tharlóidh,” a dúirt sí.

Thug Nic Dhonncha le fios nach raibh aon titim ar líon na ndaoine atá ag cur isteach ar na cúrsaí Gaeilge i mbliana de bharr an choróinvíris, agus dúirt sí go raibh “formhór na n-áiteanna ar na cúrsaí líonta cheana féin”.

Dúirt  Maria Nic Dhonncha ón eagraíocht CONCOS gur fíorbheagán daltaí a bhíonn ag déanamh iarratais ar chúrsaí “an tráth seo seo bliana” agus dá bharr go bhfuil sé “an-deacair” tionchar an ghalair ar na cúrsaí a léamh go fóill.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, stiúrthóir de chuid Choláiste Chiaráin, atá lonnaithe ar an Cheathrú Rua i gConamara, nach raibh aon chaint “ag an staid seo” maidir le cúrsaí a chur ar ceal.

“Níl aon choláiste samhraidh ag beartú na cúrsaí a chur ar ceal agus níl aon cheisteanna á gcur ag tuismitheoirí orainn faoi an mbeidh nó nach mbeidh cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag an staid seo.

“Tá iontas orm go bhfuil an oiread sin iarratas ag teacht isteach chugainn. Tá fiosrúcháin ag teacht isteach maidir le cúrsaí agus áiteanna ar chúrsaí gach lá agus níor chuir oiread agus tuismitheoir amháin ceist orm maidir leis an gcoróinvíreas.”

Dúirt Ó Domhnaill go raibh na coláistí samhraidh “ag brath go hiomlán ar an treoir ó na saineolaithe”.

“Caithfear a bheith ar an airdeall agus réamhullmhúcháin a dhéanamh ag brath ar cén chaoi a bhfuil cúrsaí sa tír. Beidh go leor rudaí le socrú roimh ré ach beidh sin ag brath ar chás an víris ag an am sin.”

Dúirt Ó Domhnaill go mb’fhéidir go mbeadh ceist ann an bhféadfaí cúrsaí Cásca na bliana seo a reáchtáil ach go raibh “féidearthachtaí go leor ann”  na cúrsaí sin a chur ar siúl amach anseo.

“Is cuid riachtanach den chúrsa é d’ábhar oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Mar sin, dá mba ghá, bheadh deis eile ann ag deireadh mhí Lúnasa nó tús mhí Mheán Fómhair na cúrsaí sin a reáchtáil sula dtéann na mic léinn ar ais ar an gcoláiste,” a dúirt Cóilín Ó Domhnaill ó Choláiste Chiaráin.

Níos mó