Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deichniur-eile-le-covid-19-basaithe-o-dheas-agus-os-cionn-2,000-cas-in-eirinn

Deichniúr eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus os cionn 2,000 cás in Éirinn

Os cionn 2,000 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn agus 29 duine atá básaithe de thoradh an ghalair, naonúr déag ó dheas den teorainn agus deichniúr ó thuaidh.

2,060 cás atá anois in Éirinn, thuaidh agus theas.

Tá 1,819 cás de Covid-19 deimhnithe anois ó dheas den teorainn agus d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil deichniúr eile a bhí buailte ag an víreas básaithe. Seachtar fear agus triúr ban a bhí gceist. San oirthear a bhí naonúr acu bhásaigh duine amháin sa deisceart.

255 cás nua den ghalar a deimhníodh ó dheas tráthnóna.

“Nílimid ach i dtús an chuair,” a dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan,, agus na figiúirí is déanaí a bhfógairt tráthnóna aige.

Maidir leis an 19 duine atá básaithe ó dheas, ba í an mheánaois a bhí i gceist ná 79 bliain d’aois. Fir a bhí i 68% de na daoine sin agus mná ab ea 32%.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, 47 duine a bhí in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart.

32 cás nua a deimhníodh ó thuaidh inniu. 

241 cás atá deimhnithe ó thuaidh.

Cuireadh tástáil don ghalar ar 3,716 duine sa Tuaisceart go dtí seo.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, tá breis is leathmhilliún cás deimhnithe den choróinvíreas ar fud an domhain. 

Nach mór 23,000 duine atá curtha den saol ag an ngalar. 

121,000 duine atá tagtha chucu féin go hiomlán go dtí seo.

An tAire Sláínte Simon Harris agus an Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr :Leah Farrell/RollingNews.ie

Idir an dá linn, tá rabhadh tugtha ag an Taoiseach gur in olcas a rachaidh cúrsaí sula dtiocfaidh aon fheabhas ar an ngéarchéim Covid-19. Dúirt go bhféadfaí mar sin féin an galar a “bhrú siar”.

Thug an Taoiseach an rabhadh sin sa Dáil tráth ar tuairiscíodh go raibh grúpa státseibhísigh ag obair ar phlean marbhlanna sealadacha a bhunú chun dul i ngleic le líon na ndaoine a mheastar a bhfaighidh bás de thoradh an ghalair.

Ag labhairt di le RTÉ, dúirt Liz Canavan, rúnaí cúnta don pholasaí sóisialta i Roinn an Taoisigh gur gné “leochaileach” a bhí sa phlean don ullmhúachán don bhorradh atá á thuar ar líon na gcásanna Covid-19 in Éirinn.

Dúirt an Taoiseach inniu go raibh “an saol níos simplí” aimsir ghéarchéim an Bhreatimeachta ná mar atá le linn na géarchéime seo sa tsláinte phoiblí.

Ach dúirt sé leis gur buntáiste anois na hullmhúcháin a bhí déanta don Bhreatimeacht gan mhargadh.

Ní gá a dúirt sé i gcás pleananna go leor ach “an focal Breatimeacht a scriosadh agus coróinvíreas a scríobh ina áit”.

Bhí an Taoiseach ag labhairt sa Dáil mar a bhfuil tuilleadh reachtaíochta éigeandála á deifriú tríd chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus leis an tionchar a bheidh aici ar chúrsaí eacnamaíochta.

Má leanann na bearta dúnta is dianghlasála ar aghaidh ar feadh 12 seachtain agus má thagann an eacnamaíocht chuici féin arís ina dhiaidh sin, measann an ESRI go laghdóidh an geilleagar 7.1% in 2020.

An bhliain seo caite, bhí fás 5.5% ar an eacnamaíocht sa tír seo.

Measann an ESRI go gcaillfidh suas le 350,000 duine a gcuid post, agus is ionann sin agus an séú cuid den lucht saothair.

Cuireadh stop anocht sa Dáil le plé an ‘Emergency Measures in the Public Interest Bill’ chun deis a thabhairt do Theachtaí Dála bualadh bos a thabhairt d’oibrithe sláinte.

Standing with my colleagues from across the Dáil tonight to applaud the men and women of our health service and everyone else who is working in essential areas like. #clapforourcarers pic.twitter.com/9S7jaAjTs8

— Leo Varadkar (@LeoVaradkar) March 26, 2020

WATCH: Special live news report as people pause to applaud frontline workers amid Covid-19 pandemic | Read more: https://t.co/rQLdpuBm8j https://t.co/ieo41Mhnh3

— RTÉ News (@rtenews) March 26, 2020

Níos túisce inniu sa Dáil dúirt roinnt Teachtaí Dála go raibh a thuilleadh áiseanna agus trealaimh chosantach ag teastáil ar bhonn práinne ó na hoibrithe sláinte céanna.

Ar na Teachtaí Dála a dúirt go raibh scéala faighte acu ó oibrithe sláinte faoin nganntanas trealaimh, bhí urlabhraí sláinte Shinn Féin Louise O’Reilly. Léigh sí amach litir ó oibrí sláinte anaithnid a dúirt “nár chóir d’aon duine bás a fháil ceal PPE [trealamh pearsanta cosanta] agus gur chóir don HSE a bheith macánta”. Mháigh urlabhraí sláinte Shinn Féin go raibh imní mhór ann maidir leis na hathruithe atá déanta ag an HSE ar na rialacha maidir leis an tástáil a fháil don choróinvíreas.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin nárbh ionann gach duine a bheith “ar an taobh céanna” agus a rá gur chóir do dhaoine éirí as a bheith ag cur ceisteanna. Deis a bhí ann sa Dáil inniu aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bhfuil na hoibrithe sláinte féin, buartha fúthu, a dúirt sé.

Thug an Taoiseach le fios chomh maith nach gcuirfear ar ceal ar fad i ndiaidh na géarchéime an reo táillí trí mhí do chrècheanna.

Cé gur beartais shealadacha a bheidh i mbeartais áirithe atá tugtha isteach ar feadh trí mhí, ní gá gur amhlaidh a bheidh i gcás na mbeartas san earnáil cúram leanaí, arsa an Taoiseach.

Faoi na beartais sin, íocfar a bpá iomlán le oibrithe cúram leanaí agus ní bheidh ar thuismitheoirí táillí a íoc ar feadh trí mhí chun áit a leanaí a choimeád sa crèche.

Fógraíodh chomh maith inniu go n-íocfaí pá iomlán le haltraí faoi oiliúint fad is a mhairfidh an ghéarchéim.

Hans Kluge, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Dúirt ceannaire an WHO san Eoraip, Hans Kluge, go bhfuil “roinnt údar dóchais” ann chomh fada agus a bhaineann sé le paindéim Cóivid-19 san Eoraip.

“Cé go bhfuil cúrsaí an-tromchúiseach go fóill, tá roinnt údar dóchais le feiceáil. An Iodáil is measa atá buailte agus an líon is mó cásanna sa réigiún sa tír, ach tá an ráta ag a bhfuil na cásanna ag dul i méid tite de bheagán beag, cé go bhfuil sé róluath fós a rá go bhfuil a buaic sroichte ag an bpaindéim sa tír,” arsa ceannaire an WHO san Eoraip, Hans Kluge.

Tá 655 duine eile curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa Spáinn le 24 uair an chloig, ach bhí an t-ardú ar líon na marbh níos ísle ná an t-ardú a fógraíodh Dé Céadaoin.

Is í cathair Mhaidrid is measa atá buailte agus is inti atá an tríú cuid de na cásanna ach tá ardú mór freisin tagtha ar an líon atá buailte sa Chatalóin.

Tá síneadh curtha ag an Spáinn leis an staid éigeandála náisiúnta go dtí an 12 Aibreán in iarracht scaipeadh an víris a chosc.

Táthar ag súil gur ag ísliú atá ráta na n-ionfhabhtuithe nua san Iodáil agus deir comhairle taighde náisiúnta an rialtais ansin go bhfuil a bhuaic bainte amach ag an gcoróinvíreas i mbeagnach leath de na cúigí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Iodáil, 662 duine a bhí buailte ag an gcoróinvíreas a fuair bás le lá anuas. 8,165 duine atá básaithe anois san Iodáil de dheasca an ghalair, an líon is mó in aon tír ar domhan. 80,539 cás deimhnithe atá anois san Iodáil.

Údar imní é áfach go bhfuil ardú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de bharr an ghalair sna ceantair is boichte i lár agus i ndeisceart na hIodáile.

Agus an ghéarchéim ag géarú sna Stáit Aontaithe, tá sé á mhaíomh ag an tSín go bhfuil  scaipeadh an víris stoptha acu sa tír sin.

Tá rabhadh tugtha ag an WHO go bhféadfadh gur sna Stáit Aontaithe a bheadh croílár nó eipealár na paindéime go luath.

Is é stát Nua-Eabhrac is measa ar fad atá buailte agus is ann atá beagnach leath na gcásanna ach tá an víreas ag scaipeadh leis ar fud na tíre ar fad.

Dúirt Hans Kluge nach fada go mbeadh tíortha san Eoraip in ann measúnú a dhéanamh ar a fheabhas agus a d’éirigh le beartais éagsúla san iarracht scaipeadh an víris a chosc.

Ach thug stiúrthóir réigiúnda WHO san Eoraip foláireamh gur “saol nua” a bheadh ann de bharr na paindéime agus mhol sé do dhaoine a bheith ag ullmhú do na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheadh ag an ngéarchéim seo.

“Ní rás ráibe a bheidh anseo, maratón a bheidh ann,” a deir Hans Kluge.

Níos mó