Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-logainmneacha-mheiricea-–-gaelaithe!

Logainmneacha Mheiriceá – Gaelaithe!

| Eoin P. O Murchu |

Tamall ó shin chruthaíomar léarscáil bunaithe ar logainmneacha Shasana agus iad Gaelaithe. Bhíomar ag samhlú faoin méid a tharlódh dá gcaithfí le logainmneacha Béarla Shasana leis an meon agus na tuiscintí céanna a bhí i gceist agus logainmneacha na hÉireann á n-aistriú go Béarla.

Bhí an-dúil ag daoine sa léarscáil úd. Tá obair eile ar bun againn an babhta seo – logainmneacha Mheiriceá a Ghaelú. Is gá dúinn a bheith níos cúramaí anseo áfach. Is cóir dúinn a aithint ar dtús gur ó theangacha dúchais Mheiriceá a thagann go leor de logainmneacha SAM. B’fhéidir nach bhfuil cuma chomh dona céanna ar Ghalldú logainmneacha na hÉireann anois! Seo sampla beag de na Stáit ar féidir bunús a n-ainmneacha a rianú siar go teanga áitiúil.

Alaska – ón Ailiúitis alaxsxaq, ‘an mhórthír’

Kentucky – ó theanga na n-Iorócuach a chiallaíonn ‘ag an gcluain’ nó ‘ar an bhféarthalamh’  

Óisibis misiziibi)

Nebraska – ón teanga Chiwere ñįbraske, a chiallaíonn ‘uisce leacaithe’

Texas – ón gCaideois ó thús táyshaʔ, ‘cara’

Tá grúpa eile logainmneacha ann freisin, logainmneacha dúchais ar baisteadh ainmneacha Béarla nó cóilíneacha a bhí nua ar fad orthu. Ní fheictear na hainmneacha seo go rómhinic cé go ndéanann dream áirithe iarracht úsáid a bhaint astu i gcónaí. Baintear earraíocht as leagan dúchais Bostúin ‘Mashauwomuk’ sa chnuasach aotrom-laigheachan scéalta anghrácha aeracha i nGaeilge na hAlban le Nathaniel Harrington, mar shampla amháin.

Le heolas faoi na hainmneacha dúchais a scaipeadh chruthaigh Aaron Carapella léarscáil a léiríonn 600 treibh, na háiteanna lenar bhain siad agus a gcuid logainmneacha dílse féin. Is de bhunús Seiricíoch é Carapella agus cónaíonn sé i ndlínse Náisiún na Seiricíoch. Ós rud é nach raibh sé féin in ann teacht ar an léarscáil a theastaigh uaidh thug sé féin faoina cruthú. Tá an léarscáil sin le feiceáil anseo.

Tugann na léarscáileanna seo léargas ar an gcóilíneachas, ar an slad agus ar an gcúlú. Dá mba mhaith le daoine tuilleadh eolais a chur ar na logainmneacha dúchais b’fhiú dóibh breathnú ar Native American Placenames of the United States le William Bright. Foclóir cuimsitheach é ina bpléitear 11,000 logainm.

Aithnítear mar éacht é, ach más rud é go bhfuil os cionn 60,000 baile fearainn ar logainm.ie na hÉireann aithnítear gur dócha go bhfuil bearnaí ollmhóra den tír nach bpléitear sa leabhar beag na mór. B’fhéidir nach iontas an méid sin agus go leor de theangacha na tíre faoi bhrú ollmhór. Dar le Babbell go bhfuil thart ar 150 teanga dúchais fós á labhairt i Meiriceá Thuaidh, agus gur isteach nó amach le 350,000 cainteoirí atá sna pobail ar fad.

Tá cur síos físiúil eile ar an sléacht a rinneadh ar bhundúchasaigh Mheiriceá le feiceáil anseo, na tailte as ar brúdh iad agus an chúis go bhfuil a dteangacha agus a muintir anois chomh mór sin faoi bhrú. Sa lá atá inniu ann táid lonnaithe i dtailte ar brúdh isteach iontu iad den chuid is mó.

Mar sin féin is trí lionsa an Bhéarla a fhaigheann an Gael tuiscint ar logainmneacha Mheiriceá. Maidir leis an léarscáil thíos, ar mhaithe le spraoi agus spéis é, agus uirlis le daoine a chur ag smaoineamh faoin mbealach a bheadh cúrsaí dá mba í an Ghaeilge an teanga mhór amplach idirnáisiúnta. Seans go mbeadh torthaí an Ghaelaithe cosúil leo seo. Abraigí linn cad a shíleann sibh.

Rabhadh

Mura léir duit cheana é is píosa diabhlaíochta atá sa léarscáil agus in go leor de na moltaí seo, ainneoin leaganacha dlisteanacha a bheith ina measc agus bunús a bheith le go leor eile. Is ar mhaithe le spraoi a cruthaíodh í.

Moltar duit gan tatú den iomlán a fháil ar d’aghaidh le do thoil. B’fhearr freisin gan tagairt don léarscáil in aon obair oifigiúil. Seachas roinnt foirmeacha seanbhunaithe Gaeilge, ar nós ‘Nua-Eabhrac’ agus ‘Bostún’, is iad na leaganacha Béarla de logainmneacha na gcathracha agus na Stát a úsáidtear agus daoine ag labhairt agus ag scríobh i nGaeilge de ghnáth.

Seo léarscáil atá cruthaithe ag Google Maps a léiríonn an bealach a bpléann Gaeilgeoirí le logainmneacha Mheiriceá sa ghnáthúsáid.

Seo roinnt leaganacha eile nach raibh spás againn dóibh! Má tá ceann ar bith a rith leat cuir chugainn é!

Béarla Gaeilge
Tucson
Mesa
Raleigh
Bakersfield
Glendale
Newport
Escondido
Arizona
Ohio
Cleveland
Spokane
Amarillo
Michigan
Pennsylvania
Tennessee
Seattle
Charlotte
Iowa
Providence
Fort Collins
Madison
Akron
Chandler
Greensboro
Riverside
Virginia Beach
Sacramento
San Antonio
Philadelphia
Nashville
Maryland
Jackson
Long Beach
Jersey City
Houston
Connecticut
Buffalo
Idaho
Oregon
Missouri
An Tús
An Bord
Rámhaille
Gort an Bháicéara
Gleann a’ Diabhail
Cathair Uí Fhiacháin
An Chathair Cheilte
Arís Óna
Ó Haigheó
Talamh na Claise
An Spócaen
An Bóthar Buí
Mise Gan
Peann Sa Mhéine
Tuin Asaí’
Suí Áit Uile
Searlait
Oidhe Mhaith
An Chinniúint
Dún Uí Choileáin
An Maide Sean
Achrann
Baile an tSean-Láir
An Ghlaisigh
Bruach na hAbhann
Trá na Maighdine
An Chathair Bheannaithe
Cathair Naomh Antaine
Cathair na Cáise | Baile na Cáise
Baile an Díoscáin
Tír Mhuire
Baile Mhic Seóin
An Trá Fhada
Cathair na Léinte
Baile an Tí
Ceangailscair
An Buabhall
Níl a fhios agam
Briosca imithe
Iníon Ní Óraí

Míle buíochas lenár gcairde idirlín a mhol go leor de na leaganacha Gaelaithe thuas. Gura fada buan sibh!

Níos mó