Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nil-comhionannas-againn-na-baol-air

Níl comhionannas againn ná baol air

Táimid ag an am sin den bhliain arís go bhfuil muid ag caint ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Pléitear na ceisteanna céanna; cén fáth a bhfuil sé ann? An dteastaíonn sé fós uainn? a=An bhfuil aon lá ann do na fir (19 Samhain)? an leithscéal é dul amach agus neart rudaí eile.

Ní féidir a rá go díreach cén uair a cuireadh tús leis an ócáid. Meastar go bhfuil baint aige le mórshiúl a tharla i Nua-Eabhrac i 1908, nuair a léirsigh 15,000 bean ag iarraidh a gceart vótála, pá níos fearr agus a gcuid uaireanta oibre a chiorrú. 

Ó shin, tá fás tagtha ar an bhfeachtas, agus cinnte, tá dul chun cinn déanta ag mná nach bhféadfaí a shamhlú in 1908, ach níl aon chomhionannas fós ann ná baol air. 

Agus sin i dtíortha forbartha an domhain. Ní fhéadfaí aon chomhrá dáiríre a bheith agat faoi chomhionannas na mban in aon áit eile agus iad fós go mór faoi chois. 

Tá bearna fós ann sa bpá a fhaigheann mná, i gcomparáid le fir. Fiú agus iad ag déanamh na hoibre céanna, agus corruair, an bhean níos cáilithe ná an fear atá sa bpost. Fós, níl an oiread mná bainteach le cúrsaí gnó ná sa bpolaitíocht. 

Facthas é sin san olltoghchán sa bPoblacht agus an chiceáil a fuair mná ábalta, a chaill a gcuid suíochán. 

Meastar, de réir an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, go bhfuil céad bliain eile orainn sula mbeidh comhionannas de chineál ar bith againn. Meastar freisin go ndéanann mná sé seachtaine oibre in aisce gach bliain nuair a bhreathnaítear ar an bpá a shaothraíonn siad i gcomparáid le fir. 

Ní shin le rá nach bhfuil rudaí ag feabhsú. Tá sé sin soiléir fiú domsa, agus mé ag treabhadh an ghoirt spóirt in iarracht pá a shaothrú. Tá níos mó mná ná riamh ag obair san earnáil, agus corr uair fiú, cuirtear ceisteanna orainn faoi bhealaí chun rudaí a fheabhsú. 

Cé a cheapfadh é?! Tá imeachtaí á n-eagrú in iarracht aird a tharraingt ar an gceist agus gach bliain faigheann mná cuireadh le freastal ar na himeachtaí seo, nó labhairt. Ach, aisteach go leor, ní minic a thairgtear airgead dúinn chun an obair seo a dhéanamh. 

Níl tú ag déanamh mórán do cheist na mban, má tá tú ag eagrú tráthnóna speisialta le plé a dhéanamh ar an gceist, agus nach bhfuil sé i gceist acu ceachtar de na mná seo a íoc. Chonaic mé an lúthchleasaí Derval O’Rourke ag caint ar seo le seachtain, agus mná eile a bhfuil próifíl de chineál acu. Fuair mé féin na cuirí céanna.

Bhí uair ann go ndéanfainn iad ar son na cúise, ach tuigim anois gur ag cur na cúise ar gcúl atáimid má ghlacann muid leis seo. Comhairle mhaith a fuair mé ag tús na bliana ó bhean eile, ná más rud é gur tusa an t-aon duine seo seomra nach bhfuil ag saothrú airgid as ucht do chuid iarrachtaí, ná téigh ann. Ná maslaigh mná, íoc iad as ucht a gcuid oibre ar an gcaoi chéanna go n-íocfá aon duine le lá oibre a dhéanamh duit. 

Níos mó