Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sanders-ag-suil-le-cur-lena-stor-ar-an-mairt-mhor

Sanders ag súil le cur lena stór ar an Máirt Mhór

Inniu Super Tuesday, nó an Mháirt Mhór, i Meiriceá, agus Bernie Sanders ag iarraidh cur lena fharasbarr sa rás d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na huachtaránachta.

Tá tábhacht ar leith ag baint le Super Tuesday agus réamhthoghcháin ar siúl i 14 stát, ina measc stáit mhóra amhail Texas agus California.

Cé gurb é Bernie Sanders rogha na coitiantachta i gcónaí tá anam arís i bhfeachtas Joe Biden a raibh an-bhua aige in South Carolina Dé Sathairn, áit a bhfuair sé 48% den vóta i gcomparáid le 20% ag Sanders.

1,357  toscaire chun an choinbhinsiúin náisiúnta a bheidh ar fáil inniu, aon trian den 3,979 toscaire a shocróidh cé a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump i dtoghchán na bliana seo.

Níor mhór d’iarrthóir 1,991 toscaire a bheith aige chun ainmniúchán na nDaonlathach a bheith aige ag coinbhinsiún náisiúnta an pháirtí mí Iúil.

Tá toscairí Iowa, New Hampshire, Nevada agus South Carolina agus an Seanadóir agus daonlathaí sóisialta as Vermont, Bernie Sanders, chun tosaigh sa rás. Faoin am go mbeidh an Mháirt Mhór caite beidh 40% de na toscairí roinnte ar na hiarrthóirí.

Cuirfear tástáil mhór inniu ar dhintiúir Sanders agus splanc a bhí ag teastáil go géar curtha i bhfeachtas an iar-leasuachtaráin Joe Biden ag a bhua siúd in South Carolina.

Toscairí na Máirt Móire

  • California (415 toscaire)
  • Texas (228 toscaire)
  • North Carolina (110 toscaire)
  • Virginia (99 toscaire)
  • Massachusetts (91 toscaire)
  • Minnesota (75 toscaire)
  • Colorado (67 toscaire)
  • Tennessee (64 toscaire)
  • Alabama (52 toscaire)
  • Oklahoma (37 toscaire)
  • Arkansas (31 toscaire)
  • Utah (29 toscaire)
  • Maine (24 toscaire)
  • Vermont (16 toscaire)
  • Samó Mheiriceá (6 toscaire)

Ní baol do Sanders ina stát féin, Vermont, agus tá cuma na maitheasa air in iarthar na tíre chomh maith agus é chun cinn, de réir na bpobalbhreitheanna, in Colorado, Utah agus California, an stát is mó a bhfuil fáil ar thoscairí ann.

415 toscaire atá ag California agus 228 ceann atá ag Texas agus cé go bhfuil Sanders chun tosaigh ar Biden sa dá áit i bhfianaise na bpobalbhreitheanna beidh iomaíocht níos géire roimhe in Texas.

Beidh dúshlán níos mó roimh Sanders sna seacht stát ó dheas ina mbeidh daoine ag vótáil inniu agus is i ndeisceart na tíre is mó a bheidh Joe Biden agus iarmhéara Nua-Eabhrac Michael Bloomberg ag súil le dul chun cinn a dhéanamh.

Is é an lá inniu an chéad lá ag Michael Bloomberg, nár bhac leis na chéad cheithre réamhthoghchán, a bheith mar rogha ar an bpáipéar ballóide. Tá na céadta milliún caite ag Bloomberg ar a fheachtas i stáit Super Tuesday agus an-bhéim síos dó a bheadh i bhfaic eile seachas cúpla bua inniu.

Toscairí go dtí seo…

Bernie Sanders 58


Joe Biden 54


Pete Buttigieg (éirithe as an rás) 26


Elizabeth Warren 8


Amy Klobuchar 7

Coinneofar súil ar leith chomh maith inniu ar thoradh North Carolina, mar a bhfuil 110 toscaire ar fáil, toisc go mbíonn sé ar cheann de na stáit chinniúnacha i dtoghcháin uachtaránachta.

Meastar go mbeidh Sanders agus Biden gar go maith dá chéile chomh maith in North Carolina.

Chun go bhfaigheadh iarrthóir toscaire ar bith i stát ní mór dó ar a laghad 15% de na vótaí a fháil sa stát go léir, nó i dtoghlach comhdhála ar leith ann.

Fágann cinneadh Pete Buttigieg agus Amy Klobuchar éirí as an rás go mbeidh scaipeadh níos forleithne ar na toscairí i measc na n-iarrthóirí atá fágtha, rud a d’fhéadfadh a bheith ar aimhleas Sanders.

D’fhéadfadh imeacht iarmhéara South Bend, Indiana, agus Klobuchar daoine a shíleann nach bhfuil Sanders measartha a dhóthain a spreagadh chun tacú le Biden a bhfuil beannacht na beirte anois aige.

Is iad na stáit a mbeidh réamhthoghcháin ar siúl iontu inniu, Alabama, Arkansas, Colorado, California, Maine, Massachusetts, Minnesota, North Carolina, Oklahoma, Tennessee, Texas, Utah, Vermont agus Virginia.

Beidh Elizabeth Warren ag súil le bua ina stát féin Massachusetts ar a laghad, cé nach aon ribín réidh a bheidh ann di.

Beidh vótáil ar siúl chomh maith inniu i Samó Mheiriceá agus i measc ghrúpa nua de chuid na nDaonlathach thar sáile.

Níos mó