Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-caribou-tar-eis-dul-amu-lena-albam-nua

Tá Caribou tar éis dul amú lena albam nua

| Ben O Faolain |

Is ait an t-ainmhí é Suddenly, an seachtú halbam de chuid Dan Snaith (Caribou). 

Ar lámh amháin tá casadh ar tuathal i gceist le hamhráin mhalla mar ‘You And I’ agus ‘Sunnny’s Time’, píosaí ina gcanann Snaith go truamhéalach thar nótaí díthiúinte méarchláir agus giotaí garbha hip-haip/R&B. Ar an lámh eile, tá dhá cheann de na rianta is milse a chualamar riamh uaidh (atá rómhilis domsa, le fírinne) le haimsiú i bhfoirm garage-house a la Todd Edwards  ‘Ravi’ agus euro-pop ‘Never Come Back’.

An toradh ná albam nach mbeadh fonn ort éisteacht leis ó thús deireadh ach a bheidh rianta áirithe uaidh le haimsiú ar na mílte seinnliostaí Spotify díchosúla sna míonna amach romhainn.

Más ceiliúradh ar an ngrá a bhí i gceist le fuaim mhilis fhíneáilte albam deireanach Snaith, Our Love (2014), príomhthéama Suddenly ná na hathruithe gan choinne a thagann aniar aduaidh orainn agus muid ag gluaiseacht tríd an tsaoil. Bás tobann gaoil nó carad, go háirithe.

Meafar do mhothúcháin an té a bhfuil an saol tar éis baint siar as atá i bhfuaim dhíthiúinte an albaim. An fhadhb ná go gcuireann sí samhnas ort tar éis tamaill, is cuma cén meas a bheadh agat ar a luach mar mheafar. 

Laigeacht eile ná go bhfuil an iomarca muiníne curtha ag Snaith ina ghlór féin an babhta seo. Léiritheoir agus cumadóir gan sárú é Snaith, níl amhras faoi, ach tá blas ar an mbeagán i gcás glóir atá chomh tanaí, lagmheasartha. Tá stró ar Snaith na nótaí arda a aimsiú ar ‘Like I Loved You’, cé nach aon chabhair í liricí an amhráin chéanna bheith lofa le clíchéanna (“Does he do those things to you I want to/Does he love you like I used to do”). 

Deir Snaith go bhfuil sé tar éis bheith ag éisteacht le go leor ceoil hip-haip agus R&B comhaimseartha. Tyler The Creator agus eisiúintí lipéid OVO Sounds Drake, go háirithe. Tá an méid sin le clos i bhfuaim chorrach an albaim agus cruth neamhlíneach na n-amhrán mar ‘You And I’. Fiú agus dobrón mháthar a chéile, ar cailleadh a mac go tobann, a bheith i gceist le liricí ‘You And I’ tugann Snaith faoi ar bhealach fíorshamhlaíoch a chuirfeadh albam deireanach The Avalanches i gcuimhne duit.

Mar sin féin, tá blas leathbhruite ar phíosaí mar ‘Lime’, amhrán deas lúbach dioscó a sciorrann den bhóthar gan chúis tar éis dhá nóiméad, agus a thiteann isteach air féin. Tagann deireadh róluath agus róthobann leis an singil ‘Home’ chomh maith, mór an trua, agus gan ár ndóthain cloiste againn de Snaith ag canadh thar bhuillí hip haip na seanré agus giota bainte ó sheancheirnín sól de chuid Gloria Barnes.

Tá a fhios againn nach aon leisceoir é Snaith, ach tá an chuma ar an scéal go raibh sé ag iarraidh an iomarca a bhaint amach ar Suddenly? Ní saothar brónach amach is amach é — baineann roinnt mhaith de na hamhráin seo le brón mar gheall ar an mbás, agus meabhraíonn roinnt eile dúinn bheith buíoch as pé gliondar atá le fáisceadh as an saol — ach ní ceirnín iontach é, ach an oiread.

Idir bheith ag iarraidh rianta house móra a chumadh dá sheó beo, forbairt a dhéanamh ar threo úr bunaithe ar cheol hip-haip comhaimseartha, agus bheith dílis don choincheap a spreag teideal an albaim tá an carabú tar éis dul amú.

Suddenly le fáil anois ar cheirníní City Slang

Níos mó