Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-covid-19-tolgtha-ag-ar-ar-mac-deich-mi-d’aois’

‘Tá Covid-19 tolgtha ag ar ár mac deich mí d’aois’

| Tuairisc.ie | , ,

Scéal duine amháin é seo. Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Ní raibh aon siomptóim air agus de réir na dtuairiscí go léir ní chuireann an víreas isteach rómhór ar leanaí agus ní chuireann sé isteach ar chor ar bith orthu den chuid is mó.

Ach ní haon iontas mar sin féin go raibh imní orm faoi mo mhac deich mí d’aois nuair a fuaireamar amach go raibh an galar tolgtha ag duine de na daoine a raibh m’fhear chéile ag taisteal thar lear leo. Bhí mé ag iarraidh mo leanbh a chosaint, mar a bheadh aon mháthair.

Ach bhí imní an-mhór orm faoi mo mháthair féin nuair a chuala mé an scéal. Bhí mé féin agus mo mhac ina comhluadar sula bhfuaireamar an scéal agus sin an imní is mó a bhí orm agus an imní is mó atá orm – go bhféadfadh go raibh an víreas ormsa agus mo mhacsa i ngan fhios dom féin agus go bhféadfadh sé a bheith tolgtha ag mo mháthair uainn. Ach sin naoi lá ó shin anois agus níl aon siomptóim uirthi.

Faoin am go bhfuaireamar amach cúpla lá ina dhiaidh sin go raibh sé ar mo fhear chéile, bhí tuairim mhaith againn go mbeadh sé ormsa agus ar ár mac freisin.

Sular cuireadh tástáil orm féin agus ar an leanbh Dé Sathairn seo caite, thuig mé gur baol an-íseal a bhíonn ann i gcás leanaí nó go mbíonn siad gan aon siomptóim orthu i gcuid mhaith cásanna. Bhí mé buartha cinnte, ach bhí sé breá sláintiúil agus tá sé breá sláintiúil i gcónaí.

Léigh mé na cáipéisí eolais a fuair m’fhear chéile ón HSE nuair a fuaireamar amach go raibh an víreas air siúd agus léigh mé aon eolas a bhí ar fáil ar shuíomh idirlín an HSE.

Seachas sin, fuair mé mo chuid eolais den chuid is mó ón nuacht. Bhraith mé go raibh cuid dá raibh á léamh agus á cloisteáil agam doiléir agus go raibh cuid de na píosaí eolais ag teacht salach ar a chéile, go háirithe an t-eolas faoi leanaí agus an t-eolas faoi cé chomh fada ar ceart fanacht glan ar dhaoine eile. Den chuid is mó, áfach, bhí an t-eolas beacht agus bhí sé éasca teacht air.

Don tástáil bhí orm dul le mo mhac go dtí scoil náisiúnta atá gar dúinn. D’fhanamar sa charrchlós nó go raibh an fear ann, a raibh éide chosanta á caitheamh aige, réidh dúinn. Ní raibh mo leanbh ar liosta na ndaoine a raibh tástáil le déanamh orthu mar nach raibh aon siomptóim air, ach dúirt mé leo nach sásodh aon rud mé ach tástáil a fháil dó sin chomh maith.

Dúirt siad ansin go ndéanfaí tástáil air ach go mbeadh fanacht uair an chloig orainn agus gur chóir dom tiomáint timpeall leis an leanbh. Ní fhéadfaí eisceacht a dhéanamh don leanbh agus sinn a thástáil níos luaithe. Ach toisc go raibh cónaí orainn deich nóiméad ón áit, dúirt an fear go bhféadaimís dul abhaile agus go nglaofadh sé orm nuair nach mbeadh moill chomh mór sin ar chursaí. Rinne sé socrú speisialta dúinn agus bhí mé an-bhuíoch as a chineáltas.

Thángamar ar ais uair go leith ina dhiaidh sin. Chuir an fear céanna masc orm agus tugadh sinn isteach go dtí seomra mé ina raibh bean gléasta in éide chosanta. Lorg sí sonraí ár gcás agus thóg sí teocht na beirte againn. Ní raibh teocht ard ormsa ná ar an leanbh.

D’fhreagair an bhean, a bhí an-deas, aon cheisteanna a bhí agam agus dúirt mé léi go raibh imní orm faoi mo mháthair féin mar gur thugamar cuairt uirthi. Dúirt sí liom fios a chur ar an dochtúir teaghlaigh sa chás go dtiocfadh aon siomptóim ar mo mháthair.

Bhí gach duine a labhair liom agus a raibh plé agam leo an-lách agus cabhrach.

Dhá mhaipín a bhí i gceist leis an tástáil – ceann chun sampla scornaí a fháil agus ceann a cuireadh sa tsrón. Ní gá a rá go raibh sé seo an-mhíchompordach don leanbh agus ní nach ionadh bhain dua le samplaí mar sin a fháil ó leanbh deich mí! Nuair a bhí ár gcúram déanta againn, bhain mé díom an masc, chuir mé sa bhosca bruascair é agus amach linn ansin trí dhoras ar thaobh na scoile a thug díreach amach sa chlós sin.

Beidh coicís amárach ann ó tháinig m’fhear chéile abhaile. Fuair sé amach Dé hAoine seo caite go raibh an coróinvíreas air. Fuaireamar an scéal Dé Luain go raibh an víreas ormsa agus ar ár mac. Níl aon siomptóim ar ár mac; ní raibh mórán ormsa ná ar m’fhear céile seachas casacht agus tinneas cinn.

Déanann an leanbh corrshraoth ó am go chéile ach ní haon rud nua é sin agus ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint aige le Covid-19. Beimid tamall eile sula mbeidh an tréimhse coraintín thart. Ní dócha go mbeidh na hacmhainní ann atástáil a dhéanamh chun go mbeadh a fhios again go hoifigiúil go bhfuil an víreas imithe ach ar a laghad beidh a fhios again go raibh sé orainn cheana féin.

Tá an rud ar fad osréalach. Ba é an rud ba dheacra ná na laethanta go raibh orainn fanacht glan ar m’fhear céile agus an triúr againn sáinnithe sa teach céanna. Bhain sé siar asam nuair a chonaic mé na ceannlínte sna nuachtáin faoin ngalar a bheith tolgtha ag aon pháiste beag amháin sa tír agus bhaineamar gáire beag as cuid de na scéalta ba thablóidí. Ar amharaí an tsaoil, tá mo bhuachaillín beag breá folláin agus gan aon cheann de chomharthaí an ghalair air. Mar sin níor chuir na ceannlínte isteach ná amach orm, ach a mhalairt a bheadh ann, is dócha, dá mba rud é go raibh sé tinn.

Ach oiread le gach duine is fada liom an lá go mbeidh an saol ina cheart arís, pé uair é sin.

Braithim uaim mo mhuintir, go háirithe mo mháthair.

Níos mó