Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-teastaionn-comhar-na-gcomharsan-leis-an-tir-agus-an-domhan-a-thabhairt-slan

Teastaíonn comhar na gcomharsan leis an tír agus an domhan a thabhairt slán

Tá gach gné de shaol na hÉireann agus de shaol an domhain á n-athrú ó bhonn ag géarchéim an choróinvíris. Is ar éigean a pléadh cúrsaí Breatimeachta sna meáin, mar shampla, le seachtain anuas, ach tá contúirt an ghalair ag cur isteach air sin freisin.

Socraíodh le gairid go mbeadh ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe i mbun idirbheartaíochta i Londain Dé Luain. Fógraíodh Déardaoin áfach nach rachfaí chun cinn leis na comhráite mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris. Ceaptar anois gur i dteileachomhdhálacha a bheidh an dá thaobh ag labhairt lena chéile ar feadh tamaill ar a laghad.

Tarraingíonn na focail ‘ar a laghad’ aird ar an éiginnteacht ar dlúthchuid í den ghéarchéim. Ní léir fós cén t-achar a mhairfidh an ghéarchéim, cé mhéad duine a gheobhaidh bás lena linn, ná cé mhéad a mbeidh dianchúram leighis de dhíth orthu. 

Ní foláir cuimhneamh freisin ar thionchar síceolaíoch an ghalair ar gach duine sa tír. Dá mhéad an dainséar a bhíonn ag bagairt orainn dá bharr lá amháin, is amhlaidh go dtagann athrú as cuimse chun donais ar chúrsaí an lá dár gcionn. Fágann sin a rian ar dhaoine ó thaobh na síceolaíochta de.

Seachtain ó shin, bhí an ghéarchéim i dtuaisceart na hIodáile ag cur iontais agus alltacht ar mhórán.  Trí lá ina dhiaidh sin, bhí an Iodáil go léir curtha faoi ordú dianghlasála. Dhá lá ina dhiaidh sin, bhí dúnadh scoileanna agus beartais thromchúiseacha eile á bhfógairt ag an Taoiseach, agus seilfeanna in ollmhargaí ar fud na tíre á bhfolmhú ag daoine ag scaollcheannach. 

De ghnáth nuair a phléitear an tseanré, tréimhse a chríochnaigh blianta nó na céadta bliain ó shin a bhíonn i gceist. Tá difríocht bhunúsach áfach idir ré nua an choróinvíris agus an saol gan aon mhórbhuairt sláinte phoiblí ar tháinig deireadh léi coicís ó shin nuair a fógraíodh ar an 29 Feabhra go raibh an víreas tolgtha ag bean ón Tuaisceart a chaith tamall san Iodáil. Fógraíodh an lá dár gcionn go raibh dalta scoile as Baile Átha Cliath buailte ag an ngalar.

Tá croitheadh leanúnach á bhaint as gach duine sa tír mar gheall ar leathadh an ghalair ó shin, de réir mar a mhéadaíonn ar ár dtuiscint ar (a) an dainséar pearsanta agus poiblí atá ag teannadh linn, (b) na srianta atá agus a bheidh riachtanach leis an dainséar a mhaolú agus (c) an tionchar as cuimse a bheidh ag na srianta ar shaol gach duine sa tír.

Ba léir faoi lár na seachtaine tionchar an choróinvíris (nó ‘an víoras corónach’ mar atá á thabhairt air ag daoine éagsúla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta) ar chúrsaí polaitíochta. Chuir Fine Gael agus Fianna Fáil na comhráite faoi chomhrialtas a bhunú siar go dtí an tseachtain seo chugainn. Thug gach páirtí droim láimhe do mholadh an Chomhaontais Ghlais go mbunófaí rialtas náisiúnta ina mbeidís go léir páirteach. 

Spreag neamhthoil an Chomhaontais Ghlais (faoi láthair) comhrialtas le Fine Gael agus Fianna Fáil a phlé a thuilleadh cainte ar chomhrialtas idir an dá phríomhpháirtí agus grúpaí teicniúla na Neamhspleách. Tá 21 Teachta Dála sna grúpaí sin. Tá naonúr i ngrúpa amháin – Denis Naughten, Noel Grealish, Michael Lowry, Seán Canney, Peter Fitzpatrick, Peadar Tóibín as Aontú  agus na Teachtaí Dála nuathofa Verona Murphy, Matt Shanahan agus Cathal Berry.

Seisear atá i ngrúpa eile – na Healy-Raes, Mattie McGrath, Carol Nolan, Michael Collins agus an Teachta Dála nuathofa as Luimneach, Richard O’Donoghue.

Seisear atá sa ghrúpa deireanach – Joan Collins, Catherine Connolly, Thomas Pringle, Michael Fitzmaurice agus na Teachtaí Dála nuathofa Marian Harkin agus Michael McNamara. 

Tá 72 vóta ag Fianna Fáil (37) agus Fine Gael (35) in éineacht. Tá sé ionann agus cinnte mar sin go mbeadh socrú buan le dhá ghrúpa neamhspleách riachtanach chun comhrialtas seasmhach a bhunú. Beidh na Neamhspleáigh agus na Glasaigh (má dhéanann siad athmhachnamh ar an scéal) i lár an aonaigh ar feadh tamaill eile.

Shocraigh Leo Varadkar agus Micheál Martin go rachadh ionadaithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil i gcomhairle lena chéile arís an tseachtain seo chugainn, ach ní féidir toradh ná amchlár na hidirbheartaíochta eatarthu a thuar. Tá scéal níos tromchúisí ar chlár oibre an rialtais agus ar chlár gach duine sa tír ar bhealach éigin.

Níl socruithe déanta fós fiú amháin maidir le cruinniú na Dála Déardaoin. Dá mbeadh gach Teachta Dála i láthair, sháródh an cruinniú sin an cosc ar chruinniú taobh istigh a mbeadh níos mó ná 100 duine i láthair.

Idir an dá linn, beidh an pobal ag dul i dtaithí ar thábhacht trí fhocal go háirithe: comhar na gcomharsan. Ní thiocfaidh an tír ná an domhan slán dá uireasa ón ngéarchéim scanrúil atá ag teannadh linn in aghaidh an lae.

Níos mó