Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘bhi-muintir-na-haite-ag-seasamh-sna-doirse-agus-coinnle-acu’-–-omos-leirithe-do-ghael-as-beal-feiste-a-bhasaigh-i-sasana

‘Bhí muintir na háite ag seasamh sna doirse agus coinnle acu’ – ómós léirithe do Ghael as Béal Feiste a bhásaigh i Sasana

| Tuairisc.ie |

Cé nach ann don fhaire agus don tórramh traidisiúnta in aimsir seo an choróinvíris, d’éirigh le pobal Bhóthar Seoighe a n-ómós a léiriú d’Fhiontán Ó Bruadair, “fear lách cineálta” de bhunadh an cheantair Ghaeilge a bhásaigh le gairid.

Cailleadh Fiontán Ó Bruadair, duine den chéad ghlúin de chainteoirí Gaeilge a rugadh agus a tógadh ar Bhóthar Seoighe go tobann in Oxford Shasana an mhí seo.

Bhí sé 42 bliain d’aois.

D’fhreastail Ó Bruadair ar Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí lámh ag a bheirt tuismitheoirí Cristín (nach maireann) agus Liam Ó Bruadair i mbunú na scoile agus i dtógáil na Gaeltachta Uirbí in iarthar Bhéal Feirste.

Chaith sé 18 bliain ag cur faoi in Oxford i Sasana, áit a raibh sé ag obair mar riarthóir leis an NHS.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Diarmuid Ua Bruadair, col ceathar Fhiontáin, go raibh a mhuintir ar fad, pobal na Gaeilge ar Bhóthar Seoighe agus a chairde in Éirinn agus i Sasana “croíbhriste” ag a bhás.

“B’fhear lách, cineálta é Fiontán. Fear a raibh sé deacair titim amach leis. Ba mhinic é ar cuairt sa bhaile agus bhí dúil mhór aige i bhfoireann pheile Celtic. Bhí féith na cócaireachta ann go mór agus dhéanfadh sé béile na Nollag gach bliain,” a dúirt Diarmuid Ua Bruadair, atá ina príomhoide ar Ghaelcholáiste Dhoire.

Dúirt Ua Bruadair go raibh sé “an-deacair” ar an teaghlach déileáil lena bhás, tráth nach bhfuil fáil ag daoine ar an fhaire agus an tórramh a bhfuil cleachtadh againn air.

“Baineadh stangadh asainn agus bhí sé thar a bheith deacair orainn déileáil lena bhás. Ní raibh a fhios againn cén uair a bheadh a chorp ar ais againn, cén uair a mbeadh an tórramh ann, an mbeadh cead againn tórramh a bheith againn fiú.”

Dúirt Ua Bruadair go raibh “páirt nach beag” ag an Kevin Bell Repatriation Trust leis an chorp a fháil ar ais go hÉirinn ó Shasana, próiseas a ghlac coicís ar fad.

Agus éiginnteacht ann maidir le sochraid Fhiontáin le linn an ama sin agus an corp á thabhairt ’na bhaile, tháinig pobal Bhóthar Seoighe le chéile, agus iad ag cloí leis an scoitheadh sóisialta, chun meas agus ómós a léiriú d’Fhiontán agus dá theaghlach.

“Bhí sé marbh le seachtain agus tháinig muintir Bhóthar Seoighe le chéile go neamhspleách taobh amuigh de theach Liam, athair Fhiontáin. Ní raibh aon sagart ann, díreach muid féin. Dúirt muid cúpla paidir agus bhí ceol ann. Sheas muid an dá mhéadar amach óna chéile agus coinnle inár lámha againn. Bhí sean-áitritheoirí na háite ag seasamh sna doirse agus coinnle i lámha gach duine acu in ómós d’Fhiontáin.

“Bhí sé iontach brónach ach taobh istigh de na srianta a bhí orainn, bhí sé soiléir go raibh an pobal ag teacht le chéile ar cibé bealach a dtiocfadh leo,” a dúirt Diarmuid Ua Bruadair.

Tháinig daoine le chéile ar líne chomh maith don Aifreann Gaeilge a sruthaíodh beo as Séipéal Naomh Muire in ómós d’Fhiontán Ó Bruadair.

Ag labhairt dó ag an Aifreann, dúirt an Sagart Darach Mac Giolla Chatháin, cara le Fiontán, a tógadh le Gaeilge ar Bhóthair Seoighe, gur le “croí trom brónach’ a bhí slán á fhágáil ag pobal Bhóthar Seoighe agus muintir Uí Bhruadair le Fiontán, fear ar éirigh leis “cairdeas a chruthú is cuma cá háit a raibh sé”.

Ní raibh a bheirt deirfiúracha ná a dheartháir, a bhfuil cónaí orthu sa deisceart, in ann a bheith ag an teach ná an tórramh toisc na srianta atá i bhfeidhm de bharr an choróinvíris ach ghlac siad páirt sa tórramh agus san adhlacadh tríd Zoom.

Agus bac ar fhaire sa teach, tugadh cead do dhaoine dul isteach chuig an adhlacóir “ina mbeirteanna” chun slán a fhágáil le Fiontán.

“Tháinig an corp ar ais chuig an teach ar Bhóthar Seoighe ar feadh lá amháin ach ní raibh cead ag duine ar bith dul isteach sa teach seachas a athair, Liam, agus a dheirfiúr, Claire.

“Bhí sé an-deacair ach tháinig an teaghlach agus an pobal le chéile, ní fríd an fhaire agus an tórramh a bhfuil muid uilig cleachta leo, ach fríd an teicneolaíocht agus fríd mhodhanna eile.

“Bhí sé dearfach ó thaobh sin de go raibh pobal, atá iontach láidir, pobal a cheiliúir 50 bliain d’aois anuraidh, go raibh muid ábalta slán a fhágáil ag Fiontán ar bhealach. Tá muid ag súil go mbeidh an ráig seo thart agus go mbeidh muid in ann ceiliúradh eile a dhéanamh ar a shaol lena mhuintir agus a chairde uilig go léir,” a dúirt Diarmuid Ua Bruadair.

Tá Fiontán Ó Bruadair curtha i Reilig Bhaile an Mhuilinn, i mBéal Feirste, in éineacht lena mháthar, Cristín Uí Bhruadair.

Níos mó