Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sintius-disney+-ceannaithe-agat?-seo-na-rudai-is-fearr-ata-ar-fail-air!

Síntiús Disney+ ceannaithe agat? Seo na rudaí is fearr atá ar fáil air!

| Poilin Nic Geidigh |

Is iomaí scéal, alt agus argóint a chuala mé le breis agus coicís anuas faoi caidé mar a ba chóir do chuid ama a chaitheamh le linn phaindéim an choróinvíris. Ba chóir a bheith chomh táirgiúil agus is féidir, má tá am saor agat, bí cruthaitheach, agus mura bhfuil tú ag feidhmiú ag 100% mar go bhfuil an oiread seo d’am shaor agat, níl tú ag úsáid do chuid ama mar is ceart. 

Tá mise anseo le hinse daoibh gur bhain mé triail as achan rud a bhí molta. Bhí mé cruthaitheach, bhí mé táirgiúil, bhí mé ag coinneáil suas le mo chuid oibre ó thaobh na máistreachta de, agus chomh maith leis sin, thosaigh mé réimeas aclaíochta (tá an oiread iontas ormsa agus atá oraibhse). 

Anois, agus drochsheachtain díspreagúil curtha díom, tuigim anois go dlúth go bhfuil scríste de dhíth go mór orainn anois níos mó ná mar a bhí riamh, agus seo áit a dtagann Disney+ isteach sa scéal. 

Níl mé ró-bródúil le hadmháil go bhfuil tionchar measartha mór ag an bhfógraíocht orm. B’fhéidir gur an FOMO atá ann (ar Ghaelaigh duine ar bith FOMO go fóill?), an mothúchán go bhfuil mé ag cailleadh amach ar rud a bhfuil achan duine eile ag baint sult as, ach b’fhéidir gur easpa féinsmachta nó claonadh pearsanta le bheith cineálta liom féin atá ann. 

Ar an nóta sin, tá iontas orm féin fiú nár cheannaigh mé Nintendo Switch agus Animal Crossing mar a rinne leath an tsaoil, ach níl sé sa bhuiséad. DMs oscailte do thairiscintí.

Cibé rud é, bhí tionchar ag fógraíocht Disney+ orm le cúpla seachtain anuas. Ní ábhar iontais é, mar gur tógadh mé le cláracha ón Disney Channel, ní raibh an cainéal agam féin, ach bhí sé ag mo chara, agus bhí muid ar fad gafa le Hannah Montana, High School Musical, The Suite Life srl. 

Nuair a eisíodh The Hannah Montana Movie i bpictiúrlanna, ghlac mé féin agus mo chairde leathlae ón scoil le dul amach ar an bhus go Leitir Ceanainn agus é a fheiceáil. Tá iontas orm go fóill gur lig mo mháthair dom dul, ach caithfidh go raibh a fhios aici cé chomh gafa agus a bhí mé le Miley Cyrus ag an am. 

Mar sin, cheannaigh mé Disney+, ag €6.99 sa mhí, ag meas go n-amharcfainn ar Hannah Montana agus cúpla clár eile agus go gcealóinn mo shíntiús. Nach mé a bhí saonta. Tá na céadta clár agus scannán ar fáil, nach raibh a fhios agam fiú go raibh na cearta ag Disney fána gcoinne. 

Choimhéad mé Tangled, Toy Story, agus The Pirates of the Carribean, agus tá na clasaicí uilig ar an liosta agam, idir Disney, Pixar agus Marvel. 

Ach tá cúpla scannán nach mbeifeá ag súil leo ar fáil chomh maith, mar sin, tá cúpla moladh agam duit (faoi dheireadh, i ndiaidh aiste ghearr faoi m’óige nár chuir duine ar bith ceist fána choinne). Ar aghaidh linn le cumha na hóige. 

The Parent Trap

Ní Lindsay Lohan amháin, ach BEIRT Lindsay Lohan. Go dtí an lá seo, ní thuigim cén dóigh a ndearna siad é agus silím go fóill go bhfuil deirfiúr ag Lindsay atá i bhfolach ón saol. Tá súil agam go bhfuil sí ag déanamh níos fearr ná mar atá Lindsay bhocht. Tá lorg an stiúrthóra Nancy Meyers le fáil tríd an scannáin uilig, le ceol ó ré na mbannaí móra, Dennis Quaid, chomh hóg agus dathúil, agus Natasha Richardson a bhí chomh fíorghalánta agus dóighiúl, ba mhór an compord é an scannán seo. 

The Simpsons

Dá mhéad ama a chaithim ar an idirlíon, is ea is mó a shílim go raibh an óige chéanna ag achan duine de m’aoisghrúpa-sa. Shuigh muid os comhair na teilifíse ag a sé a chlog achan oíche i rith na seachtaine le The Simpsons a choimhéad ar RTÉ 2, nó dá mbeadh an eipeasóid airithe sin feicthe agat, bhí an rogha ann athrú go Channel 4. Tuigim anois an tionchar a bhí aige seo ar ár ngiúmar agus ár ngreann, go háirithe leis an ghrúpa Ireland Simpsons Fans ag sroicheadh 130k leantóir ar Facebook. Mar sin, beidh lúcháir ar mhuintir na hÉireann a chloisteáil go bhfuil achan eile eipeasóid ar fáil ar Disney+. Ní bheadh iontas orm mura n-amharcann sibh ach ar séasúr 6-12, tá’s ag madaidh an bhaile gur sin iad na cinn is fearr. 

Cool Runnings

An gcreidfeá go raibh foireann bobshleamhnánú ag Iamáice? (Mo bhuíochas le tearma.ie, foclóir.ie agus teanglann.ie as an abairt sin). 

Bunaithe ar fhíorscéal, tá Cool Runnings ar cheann de na scannáin is fearr liom le coimhéad ag an Nollaig. Anois, nuair a mhothaíonn achan lá cosúil leis an tréimhse idir Nollaig agus an bhliain úr, cén tuighe nár chóir dúinn bingeáil a dhéanamh ar na scannáin is fearr linn? Lean Derice, Sanka, Junior, agus Yul Brenner agus iad faoi stiúir Irv Blitzer (John Candy) agus iad ag déanamh a seacht ndícheall cáiliú do Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in 1988 i spórt nár bhain siad triail as riamh cheana. 

The Sound of Music

Ag trácht ar scannáin a thagann chun cinn ag an Nollaig i gcónaí, tá ceann de na ceoldramaí is aitheanta ar domhan ar fáil ar Disney+, The Sound of Music. Cé a shílfeadh go mbeadh ceoldráma faoi Ghearmáin na Naitsithe chomh rómánsúil agus tarraingteach, ach sin cumhacht Julie Andrews, is dócha. An dóigh a bhfuil rudaí ag dul, ní bheidh sé i bhfad go mbeidh mé ag déanamh lederhosen domh féin as na cuirtíní i mo sheomra agus ag ceol oíche mhaith le mo theaghlach ar mo bhealach suas an staighre a’ luí.

Mrs Doubtfire

Níl aon rud cosúil le scannán Robin Williams le tú a chur ar do shuaimhneas. Laoch amach is amach é, agus tá go leor scannán dá chuid ar Disney+ (Flubber san áireamh, scannán a bhí againn ar VHS agus a choimhéad mé go laethúil agus mé i mo leanbh). Ní chaithfidh mé a mhíniú cén fáth gur chóir duit amharc ar Mrs. Doubtfire, ach chomh maith le greann gealgháireach Robin Williams, smaoinigh fosta ar Pierce Brosnan óg, Sally Field, agus Mara Wilson, a rinne ról Matilda go gairid i ndiaidh an scannáin seo. Más compord, sólás agus greann atá de dhíth ort san am choimhthíoch seo, seo an scannán duit. 

B’fhiú fosta súil a leagan ar:

Sister Act (1 agus 2), Recess, Dr. Dolittle, Freaky Friday, While You Were Sleeping, Princess Diaries, achan Star Wars agus achan scannán Marvel

Níos mó