Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-a-chur-le-feachtas-‘fanacht’-na-ngardai-agus-an-cinneadh-faoi-shrianta-a-scaoileadh-idir-dha-cheann-mea

Tús á chur le feachtas ‘Fanacht’ na nGardaí agus an cinneadh faoi shrianta a scaoileadh idir dhá cheann meá

| Tuairisc.ie | ,

Chuir an Garda Síochána tús maidin inniu leis an bhfeachtas Fanacht, feachtas chun cosc a chur ar dhaoine dul ag taisteal faoin tír roimh an deireadh seachtaine bainc.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas ag 7.00 am agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Luan, an 4 Bealtaine. Deirtear go mbeidh os cionn dhá mhíle Garda amuigh ag maoirsiú an fheachtais.

Dúirt an Leas-Choimisinéir, John Twomey, gur “seachtain chriticiúil don tír” í an tseachtain seo agus go gcaithfeadh daoine cloí leis na treoracha ar mhaithe leis an bpobal ar fad.

Tá imní ar dhaoine nach mbaineann na rialacha le daoine as Tuaisceart Éireann ná le daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den stát agus nach féidir leis na gardaí iad a chur i bhfeidhm sna cásanna sin.

Tá ionadaithe poiblí i gceantar na teorann ag éileamh go gcuirfí na rialacha sláinte i bhfeidhm ar gach duine.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan tráthnóna inné go mbeadh an cinneadh maidir le maolú a dhéanamh ar na srianta an lá sin idir dhá cheann meá “go deireadh na scríbe”.

Dúirt sé go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois ach go gcaithfí a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh an tseachtain seo dá mbeifí chun na srianta a dhéanamh níos boige i ndiaidh an 5 Bealtaine.

Dúirt an Dr Holohan go raibh na figiúirí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar sa phobal agus na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu atáthar ag déileáil leo sa chóras sláinte fós níos airde ná mar a bhí i gcuid de na tíortha atá tosaithe ar na beartais dianghlasála a scaoileadh.

Luaigh sé go háirithe cás na dtithe altranais agus na n-ionad cúraim eile.

De réir na bhfigiúirí is déanaí bhain 641 den 1,102 bás atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte le hionaid chúraim, nó 58% de líon iomlán na gcásanna. Bhain 546 de na básanna le tithe altranais, nó 49% de líon iomlán na mbásanna.

D’fhógair an Roinn Sláinte aréir go raibh 18 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

Deichniúr eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,411 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,102 duine ó dheas den teorainn agus 309 duine ó thuaidh di.

Tá 3,022 cás den ghalar deimhnithe in Éirinn, 19,648 cás ó dheas agus 3,308 cás ó thuaidh.

Tá sainmhíniú nua le déanamh an tseachtain seo chomh maith ar na critéir thástála do chásanna den choróinvíreas ón lá inniu. 

As seo amach  beidh duine nach bhfuil air ach ceann amháin de na comharthaí sóirt den Covid-19, giorra anála nó fiabhras mar shampla, in ann iarraidh ar an dochtúir teaghlaigh iad a chur ar aghaidh i gcomhair tástála. Tabharfar tús áite do dhaoine atá leochaileach agus nach bhfuil aon acmhainn acu ar aon ionfhabhtú.

Meastar go bhféadfadh ardú teacht an tseachtain seo ar líon na gcásanna nua den ghalar a dheimneofar de thoradh an athraithe.

Níos mó