Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘udar-dioma,-ach-ni-udar-iontais’-–-dha-thagairt-don-ghaeilge-agus-tada-faoin -ngaeltacht-i-gcaipeis-nua-ff/fg

‘Údar díomá, ach ní údar iontais’ – dhá thagairt don Ghaeilge agus tada faoin  nGaeltacht i gcáipéis nua FF/FG

| Tuairisc.ie |

Tá dhá thagairt don Ghaeilge sa chreatcháipéis pholasaí atá aontaithe ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar mhaithe le rialtas nua a bhunú agus níl tagairt ar bith inti

Tá cáineadh déanta ar cháipéis pholasaí nua Fhianna Fáil agus Fhine Gael mar gheall ar a laghad atá inti faoin nGaeilge agus toisc gan aon tagairt ar chor ar bith a bheith inti don Ghaeltacht.

Tá dhá thagairt don Ghaeilge sa chreatcháipéis pholasaí atá aontaithe ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar mhaithe le rialtas nua a bhunú.

Níl slánú na teanga luaite ar chor ar bith sa cháipéis agus níl aon tagairt ann do chás na Gaeltachta.

Tá deich mbunsprioc, nó croímhisean mar a thugtar orthu, sa cháipéis 24 leathanach a chuirfear faoi bhráid bhaill parlaiminte an dá pháirtí tráthnóna.

Tá an chéad tagairt don Ghaeilge luaite mar chuid de ‘Mission: A Better Quality of Life for All’.

Gealltar anseo go n-aithneofar “the role of the arts, culture and the Irish language in our personal and community wellbeing”.

Tá an dara tagairt do chéad teanga oifigiúil na tíre luaite sa mhír ‘Mission: Supporting Young Ireland”.

Maítear ansin go dtabharfar an deis do gach páiste “to develop their creativity, appreciate the Irish language, and learn history”.

Tá cur chuige an dá pháirtí i leith chás na Gaeilge agus na Gaeltachta cáinte go láidir ag Sinn Féin agus ag Conradh na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh:

“Tá díomá orm nach bhfuil an Ghaeilge ná an Ghaeltacht mar thosaíocht ag an dá pháirtí ach níl iontas ar bith orm. Ní cheart do phobal na Gaeilge ná na Gaeltachta ná aon chuid de phobal na tíre a bheith ag súil go gcomhlíonfar geallúintí a tugadh aimsir an toghcháin.

“Níl le feiceáil sa cháipéis ach an rud céanna atá feicthe againn le blianta anuas. Is léir nach mbeidh aon fhuadar fúthu maidir le réiteach a fháil ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht. Déanfaidh siad beagáinín maidir le ceantair thuaithe agus beidh an Ghaeltacht snoite leis an gcuid sin, b’fhéidir, ach is léir nach mbeidh aon bheartais mhóra ann maidir le tarrtháil na Gaeltachta nó cosaint na Gaeltachta, ó thaobh na teanga ná ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta de.

“Thug rialtas i ndiaidh rialtais geallúintí maidir le ceantair Ghaeltachta ach fós féin tá siad ar na ceantair is imeallaí, is boichte dá bhfuil sa tír,” arsa urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur údar díomá don eagraíocht é nach bhfuil cur chun cinn na  Gaeilge agus na Gaeltachta i measc na mbunspriocanna a luaitear sa cháipéis.

“Níl an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite mar thosaíocht sa cháipéis. Níl na gealltanais a tugadh san olltoghchán le feiceáil ar chor ar bith, fiú na cinn nach bhfuil aon airgead ag baint leo. Tá muid ag glacadh leis faoin am a chuirfear an clár rialtas le chéile go mbeidh na gealltanais a tugadh san áireamh, ar nós, polasaí oideachais don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal agus leasuithe ar an bhille teanga agus an Straitéis 20 Bliain 2020-2030 san áireamh.

Deir lucht an dá pháirtí go leagtar amach sa cháipéis plean don téarnamh eacnamaíochta tar éis ghéarchéim Covid-19.

Deirtear sa cháipéis a d’aontaigh Leo Varadkar agus Micheál Martin inné nach raibh a leithéid de ghéarchéim ann lenár linn agus gur gá rialtas láidir le móramh láidir dá réir.

Chomh maith leis an téarnamh eacnamaíochta i ndiaidh na géarchéime sláinte dírítear chomh maith ar fheabhas a chur ar “the wellbeing of the Irish people and society”.

Chuige sin leagtar amach 10 mbunsprioc, nó croímhisean mar a thugtar orthu. Is iad na misin sin: athbheochan an gheilleagair, cúram sláinte do chách, tithíocht do chách; conradh sóisialta nua; margadh ‘glas’ nua; saol níos fearr do chách; tacaíocht do dhaoine óga na tíre; deiseanna taighde agus oideachais a chur ar fáil; oileán comhroinnte, i gcroílár na hEorpa; agus an tsaoránacht dhomhanda.

Gealltar nach n-ardófar cáin ioncaim ná an Muirear Sóisialta Uilíoch agus nach laghdófar na bunrátaí leasa shóisialaigh.

Mórchuid mianta agus gannchuid sonraí ceann de na tréithe is mó a bhaineann leis an gcáipéis agus é i gceist aici creatlach polasaí a leagan amach a bhféadfadh rialtas nua tógáil uirthi.

Níos mó